Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Johnny Moloney ag súil go mór le himirt i gCorn Tailteann

Johnny Moloney, Uíbh Fhailí, le Corn Tailteann i bPáirc an Chrócaigh Dé Luain seo caite, 16 Bealtaine

Johnny Moloney, Uíbh Fhailí, le Corn Tailteann i bPáirc an Chrócaigh Dé Luain seo caite, 16 Bealtaine

Le Jamie Ó Tuama

Nocht Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Cárthaigh, Corn Tailteann agus na pleananna atá ag an gCumann don chomórtas nua ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh, Dé Luain seo caite.

Rinneadh an tarraingt do réamhbhabhtaí agus do chéad bhabhta an chomórtais an lá céanna agus tarraingíodh Uíbh Fhailí amach le himirt in aghaidh Loch Garman – athimirt ar an gcéad bhabhta de Chraobh Peile Laighean níos túisce sa bhliain, nuair a fuair na Carmanaigh an ceann is fearr ar fhoireann John Maughan ar scór 1-15 go dtí 1-12.

I láthair ag an ócáid i bPáirc an Chrócaigh, Dé Luain, bhí leatosaí Uíbh Fhailí, Johnny Moloney. Labhair mé le Johnny lena thuairimí a fháil faoin gcomórtas nua seo agus faoi sheansanna Uíbh Fhailí an comórtas a bhuachan.

‘Ceapaim gur deis iontach é do na foirne atá sa chomórtas rud éigin a bhuachan leis an gcontae’, a deir Johnny, ‘agus imirt ag an gcaighdeán ag a bhfuil siad ag feidhmiú faoi láthair.’

Bhí an-díomá ar mhuintir Uíbh Fhailí nuair a fuair Loch Garman an ceann is fearr orthu níos túisce sa bhliain agus tá Johnny ag súil go gcuirfidh a fhoireann rudaí a chur ina cheart.

‘Tá mé ag súil go mór leis an gcluiche’, a deir sé. ‘Bhí muid in aghaidh Loch Garman cúpla seachtain ó shin agus bhí an bua acu. Tá súil againn go mbeidh deis againn Dé Domhnaigh an toradh sin a chur ina cheart agus go bhfaighidh muid an lámh in uachtar an t-am seo.’

Tá Johnny go mór den tuairim, freisin, go dtugann an comórtas nua seo agus an deis Corn Tailteann a bhuachan deis iontach d’imreoirí rud éicint mór a bhaint amach.

‘Bheadh sé an-tábhachtach dúinn é a bhuachan’, a deir Johnny le bród. ‘Tá gach duine atá ag imirt le hUíbh Fhailí an-bhródúil gach uair a chuireann siad geansaí an chontae orthu féin agus tá siad an-bhródúil as bheith ag imirt leis an gcontae.’

‘Táimid an-sásta a bheith ag imirt i gcomórtas a bhfuil deis againn a bhuachan agus rud iontach a bheadh ann rud éigin a bhuachan i ngeansaí Uíbh Fhailí. Tá súil againn go n-imreoidh muid chomh maith agus atá muid in ann sa chomórtas seo.’

Cuirfear tús le Corn Tailteann inniu. Imreoidh Cill Mhantáin in aghaidh Phort Láirge in Eachroim ar 15.00 Dé Sathairn seo chugainn agus tabharfaidh Loch Garman aghaidh ar Uíbh Fhailí i mBellfield, Inis Córthaigh, Dé Domhnaigh ar 14.00. Beidh an cluiche idir Loch Garman agus Uíbh Fhailí á chraoladh beo ar GAAGO.

Tabharfaidh Loch Garman agus Uíbh Fhailí aghaidh ar a chéile an deireadh seachtaine seo i gCorn Tailteann

Tabharfaidh Loch Garman agus Uíbh Fhailí aghaidh ar a chéile an deireadh seachtaine seo i gCorn Tailteann