Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Gradaim Mhic Con Mídhe 2021 agus 2022

Tá Cumann Lúthchleas Gael ag glacadh le hiarratais do Ghradaim Mhic Con Mídhe 2021 agus 2022

Tá Cumann Lúthchleas Gael ag glacadh le hiarratais do Ghradaim Mhic Con Mídhe 2021 agus 2022

Bronntar Gradaim CLG Mhic Con Mídhe gach bliain le haitheantas a thabhairt d’obair a bhaineann le gníomhaíochtaí CLG i réimsí na cumarsáide, caidrimh phoiblí agus na hiriseoireachta atá ar ardchaighdeán. Is i ndiaidh iar-Uachtarán CLG, iar-Chathaoirleach ar Choimisiún CLG (1969-1971) agus iarbhall de chuid Údarás RTÉ, Pádraig Mac Con Mídhe, nach maireann, atá na gradaim seo ainmnithe.

Tá iarratais á nglacadh anois do Ghradaim CLG Mhic Con Mídhe 2021 agus 2022. Ní chuirfear san áireamh ach iarratais a bhaineann le hábhair a cuireadh i gcrích nó a cuireadh i gcló le linn 2021 agus 2022. Ní thabharfar iarratais ar ais d’iarrthóirí. Déanfar moltóireacht ar an scéim gradam seo faoi na ceannteidil seo a leanas:

An Gradam Digiteach

Gradam é a seo a thabharfaidh aitheantas ar an úsáid a bhain club nó contae as na bealaí reatha digiteacha, as ábhar cruthaitheach dá gcuid féin nó as tograí ceannródaíocha (físeáin, sruthuithe, podchraoltaí, nuachtlitreacha, cartlanna srl.) le scéal nó gníomhaíocht a chur i láthair ar líne.

Ba chóir dóibh siúd a chuireann isteach ar an gcatagóir seo na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:

· Léirigh céard go díreach atá san fheachtas trí na ‘C’nna a fhreagairt – ‘Cé?, Céard?, Cén áit?, Cén uair? agus cén fáth?

· Léirigh an chaoi ar úsáideadh teicneolaíochtaí nua ar bhonn ceannródaíoch, nuair is cuí

· Tabhair samplaí de na hábhair a cruthaíodh

· Tabhair samplaí de na bealaí ar éirigh leat gabháil i ngleic leis an mórphobal ar líne

· Léirigh na torthaí a baineadh amach agus na bealaí go bhféadfaí an togra a fhorbairt nó a úsáid amach anseo

An Foilseachán is Fearr

Ina n-áirítear ábhair ghinearálta atá dírithe ar an gCumann.

An Foilseachán Club is Fearr

Ina n-áirítear bliainirisí contaetha agus foilseacháin faoi stair clubanna.

An Grianghraf is Fearr

Dírithe ar an íomhá is fearr a bhí bainteach le gníomhaíochtaí CLG.

An Clár is Fearr

Ina n-áirítear gach uile chineál cláracha cluiche de chuid CLG a cuireadh i gcló ag leibhéal ar bith de chuid CLG.

An Clár Raidió is Fearr Dírithe ar Chúrsaí CLG

Ina n-áirítear chuile chineál cláracha raidió CLG a craoladh go náisiúnta nó go háitiúil.

Gradam Meán Cúige

Le haitheantas a thabhairt d’iriseoireacht scríofa ar ardchaighdeán a cuireadh i gcló i bhfoilseachán cúige.

Gradam Meán Náisiúnta

Le haitheantas a thabhairt d’iriseoireacht scríofa ar ardchaighdeán i bhfoilseachán náisiúnta laethúil nó Domhnaigh.

An Clár Faisnéise Teilifíse is Fearr

Le haitheantas a thabhairt don ardchaighdeán cláracha faisnéise atá á ndéanamh ar chúrsaí CLG i láthair na huaire.

Gradam na Gaeilge
Le haitheantas a thabhairt d’iriseoireacht ar ardchaighdeán, a bhaineann le CLG, in aon ghné ar leith de mheáin na Gaeilge

* Tá teorainn de thrí ghrianghraf le gach iarratas sa rannóg don ‘Ghrianghraf is Fearr’ agus níl cead ach an t-aon iarratas amháin a dhéanamh sna rannóga eile.

Bronnfar gradam ‘Dámhachtain na Laoch’ (Hall of Fame), nó gradam do dhuine a thug an-seirbhís go deo thar na blianta i ngníomhaíochtaí de chuid Chumann Lúthchleas Gael a chur chun cinn ar ardchaighdeán.

Scríobh “GAA MacNamee Awards 2021 nó 2022” ar chlúdach d’iarratais agus cuir chuig Alan Milton, An Stiúrthóir Cumarsáide, Páirc an Chrócaigh, Áth Cliath 3 é, nó, cuir le ríomhphost é chuig awards@gaa.ie. Ní mór do gach iarrthóir a rá go sonrach, freisin, cé acu rannóg/gradam a bhfuil siad ag cur isteach air/uirthi.

Déanfar teagmháil leis na buaiteoirí in am tráth maidir le hócáid bhronnta na ngradam.

Dáta deiridh iontrála: Dé hAoine, 21 Deireadh Fómhair, 2022. Tuilleadh eolais: communications@gaa.ie