Glacaimis páirt i gcomhrá idirnáisiúnta #TrasnaNadTonnta
Foireann Rialacha Idirnáisiúnta na hÉireann ag traenáil i Melbourne sa bhliain 2017
Le Jamie Ó Tuama
Beidh #TrasnaNadTonnta ar ais arís an tseachain seo chugainn idir 14 agus 18 Nollaig agus iarrann Cumann Lúthchleas Gael ar a chuid ball agus ar a chuid clubanna fud fad na cruinne páirt a ghlacadh sa chomhrá! Is cuma cén áit ar domhan a bhfuil sibh tá muid ag iarraidh cloisteáil uaibh.
Níl le déanamh ach giolc nó trácht Instagram Gaeilge a chur chuig an haischlib #TrasnaNadTonnta. D’fhéadfaí rud chomh simplí le ‘Dia duit’ a rá linn nó más as ceann de na contaetha atá ag glacadh páirte i gCluichí Ceannais Peile agus Iomána na hÉireann uaidh seo go ceann seachtaine ‘d’fhéadfaí’ leithéidí Port Láirge/Luimneach/Áth Cliath/Maigh Eo/Aontroim/Ciarraí/Gaillimh abú a chur chugainn!
Is é cuspóir #TrasnaNadTonnta ná deis a thabhairt do dhaoine theacht le chéile go fíorúil agus an Ghaeilge i lár an aonaigh. Táimid ag cur fáilte roimh phobal Gaeilge an domhain a chuid Gaeilge a úsáid (idir chúpla focal agus fáinne óir), agus teachtaireacht a chur in airde ar Twitter nó ar Instagram leis an haischlib #TrasnaNadTonnta.
An bhliain seo, in áit Twitter amháin, beidh #TrasnaNadTonnta ag tarlú ar Instagram freisin agus beidh scata imeachtaí beo mar chuid de! Seisiún ceoil thraidisiúnta, seisiúin mhachnaimh i nGaeilge, ciorcail chomhrá agus comórtas grianghraf i measc go leor leor eile.
Tá gach eolas faoi #TrasnaNadTonnta ar fáil ANSEO: