Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Gach rud faoi réir do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2022 i Leitir Móir

Captaeiní Buacacha Fhoirne Fásta Naomh Anna, Leitir Móir: Pat Choilmín Ó Conghaile (Comórtas Peile na Gaeltachta, Béal a' Mhuirthead 1987), Fiachra Breathnach (Craobh Idirmheánach na Gaillimhe agus Connacht, 2009), Ciarán Bairéad (Craobh Idirmheánach na Gaillimhe 2021), Máirtín Breathnach (Craobh Sóisear na Gaillimhe 1983) agus Pádraic Mhichaelín Mháirt Ó Lochlainn (Craobh Idirmheánach na Gaillimhe 1995)

Captaeiní Buacacha Fhoirne Fásta Naomh Anna, Leitir Móir: Pat Choilmín Ó Conghaile (Comórtas Peile na Gaeltachta, Béal a' Mhuirthead 1987), Fiachra Breathnach (Craobh Idirmheánach na Gaillimhe agus Connacht, 2009), Ciarán Bairéad (Craobh Idirmheánach na Gaillimhe 2021), Máirtín Breathnach (Craobh Sóisear na Gaillimhe 1983) agus Pádraic Mhichaelín Mháirt Ó Lochlainn (Craobh Idirmheánach na Gaillimhe 1995)

Le Jamie Ó Tuama

Tá gach rud faoi réir faoin tráth seo agus clubanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge réidh le haghaidh a thabhairt ar Leitir Móir agus ar chlubtheach Chumann Peile Naomh Anna Leitir Móir le haghaidh Chomórtas Peile na Gaeltachta 2022. Cuirfear tús leis an gcomórtas amárach, Dé hAoine, 3 Meitheamh agus mairfidh sé go dtí an Luan, 6 Meitheamh.

Táthar ag súil leis na mílte daoine i gCeantar na nOileán i gConamara, agus an ceantar máguaird, an deireadh seachtaine seo nuair a thabharfaidh na clubanna uilig fúthu boinn uile-Éireann a thabhairt abhaile agus caibidlí nua a scríobh i stair a gcuid clubanna.

Ócáid mhór í seo gach bliain ina mbailíonn Gaeil le chéile as na paróistí Gaeltachta ar fad le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus, dar ndóigh, ar an bpeil féin.

I measc na n-aíonna spieisialta a bheidh ag tabhairt cuairte ar an bhféile mhór seo an deireadh seachtaine seo beidh Ambasadóir na Gaeilge, Paul Conroy, agus Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Cárthaigh, agus iad súil go mór leis an scléip uilig.

Is iomaí imreoir mór le rá a d’imir ag an gcomórtas seo thar na blianta agus ina measc siúd bhí muintir Uí Shé, Ciarraí, Micheál Ó Cróinín, Corcaigh, Seán Ó Domhnaill, Gaillimh, Dara Ó Cinnéide, Ciarraí, agus Caoimhín Ó Casaide agus muintir Mhic Aoidh as Dún na nGall.

Mara bhfuil tú in ann a bheith i gConamara an deireadh seachtaine seo beidh deis ann breathnú ar go leor de na cluichí beo ar TG4 (gach eolas thíos). Cuirfear tús le hirischlár nua TG4, Spórtiris, ag an bhféile, freisin, nuair a chraolfar an chéad chlár beo ón Spórtlann ar 9.55in, tráthnóna Dé hAoine. Dar ndóigh, beidh tuairiscí rialta le fáil ar Raidió na Gaeltachta le linn dheireadh na seachtaine chomh maith le suimiú suas ag deireadh gach lae ar Rannóg Ghaeilge Shuíomh Idirlín CLG ANSEO.

Seo thíos liosta de na cluichí uilig a imreofar uaidh seo go dtí an Luan.

Dé hAoine, 3 Meitheamh

Réamhbhabhta na bhFear – Sóisear

19.00 Naomh Anna Leitir Móir v An Cheathrú Rua, Páirc an Mháimín

Dé Sathairn, 4 Meitheamh

Réamhbhabhtaí na bhFear – Sóisear

11.00 Cill Chomáin v An Seanphobal, Ros Muc

13.15 Caisleán Ghriaire v Na Gaeil Óga, Ros Muc

13.15 Gaeil Fhanada v Carna-Caiseal, Ros a’ Mhíl

Réamhbhabhtaí na mBan – Sóisear

13.15 An Cheathrú Rua v Clann na nGael, Páirc an Chathánaigh

13.15 Naomh Anna, Leitir Móir v Na Gaeil Óga, Páirc an Mháimín (Beo ar YouTube Spórt TG4)

Réamhbhabhtaí na bhFear – Sinsear

11.00 Daingean Uí Chúis v An Ghaeltacht, Páirc an Chathánaigh

11.00 Bhulf Tón v An Rinn, Ros a’ Mhíl

Cluichí Ceathrú Ceannais na bhFear – Sóisear

11.00 Gaeil Chonamara v Clann na nGael, Páirc an Mháimín (Beo ar YouTube Spórt TG4)

17.00 Na Piarsaigh v Baile Bhúirne, Ros Muc

17.00 Le deimhniú, Páirc an Mháimín (Beo ar YouTube Spórt TG4)

19.00 Le deimniú, Ros a’ Mhíl

Cluichí Ceathrú Ceannais na bhFear, Sinsir

15.00 Bearna v Béal Átha an Ghaorthaidh, Páirc an Mháimín (Beo ar YouTube Spórt TG4)

17.00 Béal an Mhuirthead v Naomh Conaill, Ros a’ Mhíl

19.00 Le deimhniú (Beo ar YouTube Spórt TG4)

Cluichí Leathcheannais na mBan – Sóisear

17.00 Mícheál Breathnach v An Clochán Liath, Páirc an Chathánaigh

19.00 Le deimhniú, Páirc an Chathánaigh

Dé Domhnaigh, 5 Meitheamh

Cluichí Leathcheannas na bhFear – Sóisear

11.00 Le deimhniú, Páirc an Mháimín (Beo ar YouTube Spórt TG4)

11.00 Le deimhniú, Ros a’ Mhíl

Cluichí Leathcheannais na mBan – Sinsear

13.00 Bearna v Gleann Fhinne, Ros a’ Mhíl

13.15 Naomh Anna, Leitir Móir v Cill Chomáin, Páirc an Mháimín (Beo ar YouTube Spórt TG4)

Cluiche Ceannais na mBan – Sóisear

15.00 Le deimhniú, Páirc an Mháimín (Beo ar YouTube Spórt TG4)

Cluichí Leathcheannais na bhFear – Sinsear (Beo ar TG4)

17.45 Le deimhniú , Páirc an Mháimín

19.30in Naomh Anna, Leitir Móir v Le deimhniú, Páirc an Mháimín

Dé Luain, 6 Meitheamh (Beo ar TG4)

12.00 Cluiche Ceannais na bhFear – Sóisear, Páirc an Mháimín

14.00 Cluiche Ceannais na mBan – Sinsear, Páirc an Mháimín

16.00 Cluiche Ceannais na bhFear – Sinsear, Páirc an Mháimín

Spórtlann Naomh Anna, clubtheach agus sólann Chumann Peile Naomh Anna Leitir Móir

Spórtlann Naomh Anna, clubtheach agus sólann Chumann Peile Naomh Anna Leitir Móir