Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Cork

Flashback - Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 1999: An Mhí v Corcaigh

20 years ago the iconic Sean Boylan guided Meath to victory over Cork in 1999 All-Ireland Football Final! GAANOW Rewind takes a look back as captain ...

An Mhí 1-11 Corcaigh 1-8

Le Jamie Ó Tuama

Ar 26 Meán Fómhair, 1999, bhuaigh an Mhí Corn Shomhairle Mhig Uidhir don 7ú huair nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh i gCluiche Ceannais na hÉireann ar scór 1-11 go dtí 1-08.

Bhí an Mhí tar éis an ceann is fearr a fháil ar Chill Mhantáin, Uíbh Fhailí agus Áth Cliath i gCraobh Laighean sular thug siad aghaidh, ansin, ar Ard Mhacha i gCluiche Leathcheannais na hÉireann. Bhí ceithre chúilín le spáráil acu ar sheaimpíní chúige Uladh an lá sin agus bhí siad ar thóir a gceathrú Craobh Uile-Éireann faoi réimeas Seán Boylan.

Bhí Corcaigh tar éis Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann a bhuachan coicís roimhe sin agus bhí siad ag súil le Corn Shomhairle Mhig Uidhir a thabhairt ó dheas agus é a chur ina shuí taobh le Corn Liam Mhic Cárthaigh cois Laoi, uaidh sin go ceann bliana. Fuair siad an ceann is fearr ar Phort Láirge, Luimneach agus ar Chiarraí i gCraobh na Mumhan agus bhí farasbarr dhá chúl acu ar Mhaigh Eo i gCluiche Leathcheannais na hÉireann.

Bhí os cionn 63,000 duine i láthair ag an 112ú Cluiche Ceannais uile-Éireann agus bhí an dá fhoireann is fearr sa tír réidh le gabháil i mbun catha.

Ní raibh ach oiread na fríde idir na foirne sa chéad leath. Nuair a d’éirigh le hOllie Murphy éalú ó Anthony Lynch sa 25ú nóiméad d’aimsigh sé cúl cinniúnach a d’fhág an Mhí trí chúilín chun tosaigh ag leatham, in ainneoin go raibh formhór sheilbh na liathróide ag na Corcaígh go dtí sin. Mar a mhínigh Maidhc Ó Méalóid, ball d’fhoireann bhuacach na Mí i gCluiche Ceannais na hÉireann 1967, idir na foirne céanna:

‘Bhí sé éagsúil mar chluiche. Bhí go leor den imirt ag Corcaigh sa gcéad leath, mar a déarfá, agus cheap mé go mbuafadh siad.’

Bhí tús spleodrach leis an dara leath agus tar éis nóiméid amháin bhí cic éirice ag an Mí. Thóg Trevor Giles an cic ach shábháil Kevin O’Dwyer go deas é. Ceithre nóiméad ina dhiaidh sin bhí Corcaigh cúilín chun tosaigh a bhuíochas do chúilín ón gcaptaen, Phillip Clifford, agus cúl gleoite ó Joe Kavanagh.

‘Théis leathama fuair an Mhí cic éirice agus shábháil cúl báire Chorcaí é’, a dúirt Maidhc. ‘Chuaigh siad suas an taobh eile den pháirc agus fuair siad féin cúl. Cheap mé ag an am sin go raibh an Mhí sínte agus go mbuafadh Corcaigh.’

Ní raibh port na Mí seinnte, mar sin féin, agus bhí go leor peile fágtha iontu.

‘Bhí an Mhí go maith ina dhiaidh sin agus rinne siad an jab’, a dúirt Maidhc.

‘Fuair Trevor Giles, Ollie Murphy agus Evan Kelly roinnt mhaith scóranna tábhachtacha agus b’in mar a bhíodh go minic an t-am sin. Bhí ceithre phointe ag Trevor, tá mé ag ceapadh.’

Hank Traynor, An Mhí, á chur faoi bhrú ag Micheál Ó Cróinín, Corcaigh i gCluiche Ceannais Peile 1999

Hank Traynor, An Mhí, á chur faoi bhrú ag Micheál Ó Cróinín, Corcaigh i gCluiche Ceannais Peile 1999

Bhí an lá leis an Mí agus bua trí chúilín acu. Ba é Graham Geraghty captaen na foirne an lá sin. Níos faide anonn ina shaol imeartha d’aistrigh Graham go club Mhaidhc, Clann na nGael. Labhair sé faoi thaispeántas Geraghty an lá sin agus an bród a chaithfeadh a bheith ar a chlub nuair a d’fhill sé le Corn Shomhairle Mhig Uidhir. Labhair sé, freisin, faoin meas mór a bhí aige air agus faoin tionchar mór a bhí aige ar an gcluiche.

‘Bhí Graham coinnithe ciúin go maith sa gcéad leath. Ach, tháinig ar aghaidh sa dara leath agus scóráil sé trí phointe an-mhaithe.

Rud mór do chlub ar bith imreoir a bheith ar fhoireann an chontae ach nuair atá leithéidí Graham ann, duine de na daoine is fearr le peil a imirt riamh.

Fear téagartha, éirimiúil, mar a déarfá. Níl a fhios agam cé acu focal ba cheart dom a úsáid ach fágfaidh mé leis an dá fhocal sin é le cur síos ar Graham.

Cinnte bhí an contae uilig an-bhródúil as.’

Bhí a dhóthain déanta ag Seán Boylan roimh an gcluiche sin le bheith luaite i measc na mbainisteoirí is fearr riamh in aon phlé dá leithéid ach creideann Maidhc gur dhaingnigh an bua sin i 1999 a stádas mar bhainisteoir iontach.

Tá an-mheas aige ar Boylan agus neart cuimhní ceanúla aige de bheith ag imirt iomána ina aghaidh agus iad beirt amach sna blianta.

‘Tá aithne agamsa ar Sheán Boylan ó bhíodh muid ag imirt in aghaidh a chéile. Mise ag uimhir 10 d’Áth Buí agus uimhir 7 ar Boylan agus é ag imirt le Dún Bóinne. Nuair a thagadh an liathróid isteach chugainn bhíodh sé chomh láidir agus é ag iarraidh chuile rud a bhuachaint.

Nuair a bhíodh an liathróid ar an taobh eile den pháirc bhíodh sé ag caint leat mar a bheadh beirt seanleaids le chéile ar thaobh an bhóthair!’

Suigh siar agus bain taitneamh as an gcoimhlint seo idir an Mhí agus Corcaigh.

Seán Boylan agus Graham Geraghty le Corn Shomhairle Mhig Uidhir

Seán Boylan agus Graham Geraghty le Corn Shomhairle Mhig Uidhir