Flashback – Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 1999: Corcaigh v Cill Chainnigh


Corcaigh 0-13 Cill Chainnigh 0-12

Le Jamie Ó Tuama

Ar lá fliuch báistí ar 12 Meán Fómhair, 1999, bhuaigh iománaithe Chorcaí Craobh na hÉireann tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chill Chainnigh ar scór 0-13 go dtí 0-12. Bhí Corn Liam Mhic Cárthaigh cois Laoi arís don chéad uair ó 1990 i leith agus bhí an ‘gorta’ thart.

Leis an gcluiche ceannais a bhaint amach d’éirigh le foireann Jimmy Barry Murphy an ceann is fearr a fháil ar Phort Láirge i gCluiche Leathcheannais na Mumhan agus ar an gClár sa chluiche ceannais. Bhí bua trí chúilín acu ar Uíbh Fhailí i gCluiche Leathcheannais na hÉireann.

D’éirigh le Cill Chainnigh Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach tar éis dóibh buachan ar Laois i gCluiche Leathcheannais Laighean agus, ina dhiaidh sin, ar Uíbh Fhailí sa chluiche ceannais. Bhí farasbarr ceithre chúilín acu ar an gClár i gCluiche Leathcheannais na hÉireann agus bhí siad tríd chuig a gcéad chluiche ceannais le Brian Cody ag an stiúir.

Labhair gaa.ie le Seán Óg Ó hAilpín le gairid lena chuimhní a fháil ar an gcluiche. D’inis sé dúinn faoin tionchar a bhí ag an aimsir ar imeachtaí an lae sin.

‘Tá cúpla cuimhne agamsa ar an lá’, a dúirt Seán Óg. ‘Is dócha an chéad cheann is cuimhin liom ná an aimsir. Bhí an aimsir uafásach ar an lá. Ní hamháin go raibh sé ag cur báistí ach bhí sé ag cur báistí go fíochmhar agus go trom agus ní ar feadh scaithimh ach ar feadh an chluiche ar fad agus roimh ré.’

Ní raibh báisteach ar bith ann an mhaidin sin nuair a chuaigh Corcaigh go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, le téamh suas agus mhínigh Sean Óg an chaoi ar tháinig an bháisteach aniar aduaidh orthu díreach in am don chluiche.

‘Is cuimhin liom go ndeachaigh muid amach chuig UCD nó Belfield le téamh suas. Bhí sé tirim, glan, ag an am. Chuamar go Páirc an Chrócaigh ansin agus bhí sé fós tirim, ach, chomh luath agus a chuamar amach ar an bpáirc thosaigh sé ag cur báistí.

Is cuimhin liom Paráid na nUachtarán, Uachtarán na hÉireann agus Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael. Nuair a shiúil siad ar an gcairpéad dearg thit an bháisteach chomh trom san agus thit sé ar feadh an chluiche.’

Maidir leis an gcluiche féin is cuimhin le Seán Óg taispeántas Brian Corcoran agus an chinnireacht a thug sé an lá sin:

‘Is cuimhin liom, chomh maith, an taispeántas a thug Brian Corcoran. Ar an lá sin bhí sé mar leathchúlaí lár dúinne. Bhí sé ar fheabhas ar fad agus thug sé sárchinnireacht dúinn go háirithe nuair a bhí leath den fhoireann ag imirt i gCraobh na hÉireann don chéad uair.

An rud deireanach is dócha ná go raibh an scór chomh híseal san. Bhuamar le pointe amháin – 13 pointe go dtí 12 pointe. Tá mé ag gáire anois mar ní bhuafadh sé sin cluiche iomána sa lá atá inniu ann.’

Géarchoimhlint idir Seán Óg Ó hAilpín agus John Power i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann i 1999
Géarchoimhlint idir Seán Óg Ó hAilpín agus John Power i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann i 1999

Níl aon amhras faoi ach go raibh tionchar an-mhór ag an mbáisteach ar an scór a bheith chomh híseal sin. Chuir an dá fhoireann go leor seansanna amú. D’aontaigh Seán Óg leis an méid sin agus labhair sé faoin tionchar a bhí ag an aimsir ar an gcluiche.

‘Tá sé i bhfad níos éasca liathróid thirim a láimhseáil ná liathróid atá fliuch. Nuair a bhíonn sé ag cur báistí ní bhíonn do radharc céad fán gcéad i gceart, fiú ag féachaint ar na postaí.

De ghnáth nuair a dhéanann tú botún sa mbáisteach, sílim go seasann sé amach níos mó ná botún in aimsir thirim nó in aimsir ghlan. Bhí an-tionchar ag na coinníollacha ar an gcluiche. Suas go dtí san, cé nach rabhamar ag fáil mórán cúl, bhíomar ag sroichint 20 pointe nó mar sin sna cluichí.’

Ag pointe amháin chuaigh Cill Chainnigh ceithre chúilín chun tosaigh sa dara leath agus d’fhéadfaidís brú ar aghaidh agus an cluiche a chríochnú amach. Ag tagairt dó de sin, dúirt Seán Óg:

‘Caithfidh muid féachaint ar an gcluiche san agus ar na cinn a chuir siad (Cill Chainnigh) amú, mar, nuair a bhí siad chun cinn bhí an-seansanna acu chun an cluiche a bhuachaint ach níor aimsigh siad a gcuid seansanna agus thug sé sin seans dúinn teacht ar ais sa gcluiche.’

Tréith mhór de chuid imreoirí Chorcaí an bhliain sin, mar sin féin, ná gur chríochnaigh siad a gcuid cluichí go an-láidir. Tá Seán Óg den tuairim go raibh tionchar mór aige sin ar an gcluiche agus ar an deireadh láidir a bhí acu leis an gcluiche.

‘Cé nár imríomar chomh maith agus a d’fhéadfaimid, tá rud amháin sa mbliain sin, agus go háirithe na leaids óga a bhí againn, bhí muid in ann na cluichí a chríochnú go hana-láidir. Le deich nóiméad le dul i ngach cluiche an bhliain sin, má bhíomar cóngarach don fhoireann eile is dócha go raibh an mhuinín againn go bhféadfadh muid an cluiche a chríochnú níos láidre ná an fhoireann eile agus sin an rud a rinneamar.’

Gné an-suntasach d’fhoireann sin Chorcaí ná an méid imreoirí óga a bhí acu. Ag an am, ba mhinic na meáin ag tagairt do mheánaois na foirne – 22 bliain d’aois. Bhí imreoirí Chill Chainnigh i bhfad níos sine ná iad agus bhí siad tar éis imirt i gcluichí ceannais roimhe sin. D’iarr mé ar Sheán Óg ar chuir sé sin brú breise ar fhoireann óg Chorcaí.

‘Bhí brú cinnte ag teacht ón bpobal toisc nach raibh craobh buaite ag Corcaigh le beagnach 10 mbliana anuas. Ag an am san, bhí daoine ag féachaint air sin mar shórt ‘gorta’ ag Corcaigh san iománaíocht. Bíonn an lucht leanta ag súil go mbuafadh Corcaigh craobh gach trí bliana. Mar sin, cinnte bhí brú ag teacht ón bpobal.

Rud eile a chabhraigh ná gan a bheith ag éisteacht leis na meáin chumarsáide agus gan a bheith ag léamh na bpáipéirí.

Bhí Cill Chainnigh mar rogha na coitiantachta an cluiche sin a bhuachaint mar bhíodar i bhfad níos sine ná muidne. Bhí roinnt den fhoireann sin a d’imir i gCraobh na hÉireann roimhe sin, leithéidí DJ Carey agus John Power.

Suas go dtí an t-am sin bhí, is dócha, ceithre nó cúig Chraobh na hÉireann imeartha acu. Bhí níos mó taithí acu.

An rud a bhí againn ná gur ‘cluiche 50-50’ a bhí ann…gan a bheith ag díriú go hiomlán ar Chill Chainnigh. Bhí orainn díriú orainn féin agus bhí an mhuinín againn. Dá n-éireodh linn ár gcluichí féin a imirt bhí an-seans againn.’

John Browne agus Jimmy Barry Murphy ag ceiliúradh tar éis Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann 1999
John Browne agus Jimmy Barry Murphy ag ceiliúradh tar éis Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann 1999

Bhí go leor d’imreoirí Chorcaí an lá sin ar na foirne a bhuaigh dhá Chraobh faoi 21 i ndiaidh a chéile i 1997 agus i 1998 agus cheap Sean Óg go raibh sé sin an-tábhachtach agus iad ag tabhairt aghaidhe ar Chill Chainnigh sa chluiche seo.

‘Maidir leis an bhfoireann, is dócha nár chuir muid mórán brú orainn féin mar bhí, mar a dúirt mé, seachtar a tháinig amach ón bhfoireann faoi 21 an bhliain roimhe sin nuair a bhuamar Craobh na hÉireann agus a bhuaigh dhá chraobh as a chéile i ‘97 agus i ‘98.

Bhí ana-mhuinín ag na leaids sin agus is dócha gur spreag sé sin muid agus gur thug sé muinín don phainéal ar fad. Toisc go rabhamar mar bhuaiteoirí faoi aois bhíomar in ann é sin a thógaint suas go grád na sinsear agus bhí an meon sin againn.’

Dar ndóigh, d’éirigh le foireann sin Chorcaí dhá Chraobh Uile-Éireann eile a bhuachan roinnt blianta ina dhiaidh sin agus níl aon amhras ar Sheán Óg ach gur chabhraigh an bua seo in aghaidh Chill Chainnigh leis an bhfoireann an dá chraobh eile sin a bhuachan.

‘Bhuamar dhá chraobh Uile-Éireann agus chailleamar dhá chraobh eile ina theannta sin. I ndiaidh ‘99 d’imir muid ceithre chraobh eile agus bhuamar dhá chraobh as an gceithre chraobh sin.

Bhí bua ‘99 fíorthábhachtach ar fad mar is dócha gur thug sé sin an spreagadh dúinn. Má bhuann tú ceann amháin, is í an chéad cheist eile ná an féidir leat ceann eile a bhuachaint agus toisc go raibh tuiscint againn conas craobhacha a bhuachaint chabhraigh sé sin linn sna blianta a tháinig ina dhiaidh sin, ó thaobh an ullmhúcháin agus ó thaobh taithí ar conas an lá mór a láimhseáil.’

D’fhoghlaim muid go leor ón gcraobh i ’99. Bhí an-chuid rudaí ar an lá sin nua dúinn – an pharáid, ag imirt os comhair slua chomh mór san, ag creathadh láimhe le hUachtarán na hÉireann agus le hUachtarán Chumann Lúthchleas Gael. Na craobhacha a tháinig ina dhiaidh sin bhí siad sórt nádúrtha dúinn.’

Bhí ceangal speisialta idir na himreoirí sin freisin, dar ndóigh, agus labhair Seán Óg faoin tionchar a bhí aige sin ar na buanna eile a bhí acu.

‘An taithí a fuaireamar ó ’99, bhí sé an-fhiúntach ar fad agus rud eile mór dúinn ná go ndeachaigh tromlach na leaids ar aghaidh agus bhuaigh siad craobhacha eile. An ceangal a thóg tú leis na leaids eile nuair a bhuaigh tú craobh leo, tá sé uathúil agus tá sé fíorláidir.’

Mar atá luaite cheana féin, bhuaigh Seán Óg trí cinn de chraobhacha Uile-Éireann le Corcaigh. Cé acu bua ba mhó a thaitin leis?

‘Nuair a smaoiním ar na craobhacha go léir ba é an ceann ab fhearr liom ná ‘99 mar is dócha marach an blas a fuair muid uaidh sin is dócha nach mbeadh muid tar éis dul ar aghaidh agus níos mó a bhaint amach.’

Suigh siar agus bain taitneamh as an gcath fíochmhar seo idir Corcaigh agus Cill Chainnigh.