Féasta Mór Siamsaíochta ag Craobh Scór Sinsir na hÉireann
Rinceoirí Foirne C.L.G. an Chaisleáin Nua ag ceiliúradh a mbua
Bhí féasta mór siamsaíochta ag an 1,400 duine a bhí i láthair ag Craobh Scór Sinsir na hÉireann Dé Sathairn, 13 Aibreán, 2019, in Amharclann an TF i gCaisleán an Bharraigh.
Thosaigh an lá le Tráth na gCeist Boird. 28 contae a chuaigh a fhaid le Craobh na hÉireann ach ba ag muintir C.L.G. Chnoc na hEaglaise, Ciarraí, a bhí an bua agus teideal ‘Seaimpíní na hÉireann’ do 2019. C.L.G. Chorr na Féinne, an Cabhán, a tháinig sa dara háit agus C.L.G. Mhóin an Lín a tháinig sa tríú háit. Donncha de Flóid a bhí ann mar ‘Mháistir na gCeisteanna’.
Bhí an lucht féachana faoi dhraíocht leis an tallann iontach a chonaic siad ar stáitse ina dhiaidh sin idir damhsa, ceol, amhránaíocht, aisteoireacht agus aithriseoireacht. Bhí sárchaighdeán le feiceáil ó na grúpaí uilig agus gan ach oiread na fríde idir na hiomaitheoirí iontacha uilig.
Ag moltóireacht ar an lá bhí Norrie Sheehan (Rince Foirne), Alastair Beegan (Amhránaíocht Aonair), Mary Hughes (Aithriseoireacht), Joe McDonald (Bailéad-Ghrúpa), Séamus Ó Lionáin (Léiriú Stáitse), Seán Ó Coinn (Ceol Uirlise) agus Máire Ní Ghráinne Uí Mhórain (Rince Seit). Ba é Diarmuid Ó Súilleabháin a bhí ann mar fhear an tí.
Bronnadh gradaim fhadseirbhíse ar Phóilín Uí Ruanaidh, Muineachán, ar Sheán Ormonde, Loch Garman, ar Kathleen Moffatt, Liatroim, agus ar Shéamus Mac Craith, Tiobraid Árann, mar aitheantas ar an obair mhór atá déanta acu le Scór a chur chun cinn le blianta fada anuas. Bronnadh gradam, freisin, ar Tony Williamson, duine de bhunaitheoirí Scór 50 bliain ó shin.
Na Buaiteoirí
Tráth na gCeisteanna Boird: C.L.G. Chnoc na hEaglaise, Co. Chiarraí
Rince Foirne: C.L.G., An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
Amhránaíocht Aonair: Michael Burke, C.L.G., Baile an Doirín, Co. na Gaillimhe
Aithriseoireacht/Scéalaíocht: Micheál Mac Gibne, C.L.G., Corr na Féinne, Co an Chabháin
Bailéad-Ghrúpa: C.L.G., An Féar Bán, Co. Uíbh Fhailí
Léiriú Stáitse: C.L.G., Tullach Sheasta, An Port Nua, Co. Thiobraid Árann
Ceol Uirlise: C.L.G., Cill Seanaigh, Co. Chorcaí
Rince Seit: C.L.G., Achadh Mór, Co. Mhaigh Eo