Falla na gClub taobh amuigh de Mhúsaem CLG i bPáirc an Chrócaigh
Tá Músaem CLG 25 bliain ar an bhfód i mbliana. Le ceiliúradh a dhéanamh ar an sprioc thábhachtach sin a bhaint amach, is mór an chúis áthais dúinn a fhógairt go mbeidh athchruthú á dhéanamh againn ar ‘Fhalla na gClub’ atá taobh amuigh den Mhúsaem ar thaobh Ardán Uí Chíosóig de Pháirc an Chrócaigh. Tarraingíonn an Músaem na mílte cuairteoirí go Páirc an Chrócaigh gach bliain.
Beidh fás, forbairt agus neart ár gcuid cluichí in Éirinn agus thar lear le sonrú san athchruthú seo agus áireofar clubanna ann ó na cluichí Gaelacha uilig.
Beidh suaitheantais na gclubanna uile in Éirinn agus thar lear a bhíonn ag imirt na gcluichí Gaelacha le feiceáil ar an mballa nua. Léiriú a bheidh ann ar an ról a bhíonn á imirt ag clubanna ag croílár a gcuid pobal.
Le bheith san áireamh ar ‘Fhalla na gClub’, iarrtar ar riarthóirí gach club suaitheantas an chlub a uaslódáil ar phróifíl an chlub ar ‘Foireann’.
Le cinntiú go ndéantar an ionadaíocht cheart ar do chlub tabhair faoi deara na rudaí seo a leanas:
Ní mór an suaitheantas a bheith uaslódáilte roimh an Aoine, 15 Meán Fómhair. Ar an drochuair, ní áireofar suaitheantais a uaslódtar ina dhiaidh sin.
Ní mór suaitheantais a uaslódáil san fhormáid cheart chomhaid. Ní mór don fhormáid a bheith 800 picteilín x 800 picteilín agus ní mór íomhánna JPEG nó PNG ardtaifigh a bheith iontu. Iarrtar gan ach an cineál seo comhaid amháin a uaslódáil.
Muna bhfuil suaitheantas ag do chlub, d’fhéadfadh sé tarlú go n-úsáidfí leagan cineálach de chuid CLG le do chlub a léiriú.
Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Cárthaigh: "Cuireadh tús le Falla na gClub an chéad lá sa bhliain 2009 mar chuid de cheiliúradh CLG ag 125 bliain agus bhí an-éileamh air ó shin.
"Ní féidir cuairt cheart a thabhairt ar Mhúsaem CLG gan suaitheantas do chlub a lorg! Nasc tábhachtach atá ann idir Páirc an Chrócaigh agus chuile aonad de chuid CLG, beag beann ar an áit ina bhfuil siad sa domhan.
Nochtófar ‘Falla nua na gClub’ ag Músaem CLG i bPáirc an Chrócaigh níos déanaí sa bhliain.