Eagrán Sheachtain na Gaeilge de Phodchraoladh Oifigiúil CLG amuigh anois!
Cluichí Ceannais Chríostóir Uí Rinn, Niocláis Mhic Riocaird agus Labhraí Uí Mheachair
Le Jamie Ó Tuama
Tá an t-eagrán is deireanaí de phodchraoladh oifigiúil CLG amuigh anois. San eagrán is deireanaí seo labhair Cárthach agus Cian ón Spota Dubh le Declan Hannon, captaen fhoireann iomána Luimnigh agus duine d’Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2021, agus le Robbie McDaid, laoch mór Átha Cliath agus Bhaile Buadáin-Naomh Éanna. Labhair siad, freisin, le hUachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Cárthaigh, agus le Stiúrthóir Cumarsáide CLG, Alan Mac Maoldúin, i measc go leor eile.
Éist leis an gclár ANSEO:
Craoltar an podchraoladh seo i gcomhar leis An Spota Dubh ó Raidió na Life.