Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Dún na nGall Seaimpíní Chorn Nickey Rackard 2020

Davin Flynn tar éis dó cúl a aimsiú do Dhún na nGall in aghaidh Mhaigh Eo i gCluiche Ceannais Chorn Nickey Rackard

Davin Flynn tar éis dó cúl a aimsiú do Dhún na nGall in aghaidh Mhaigh Eo i gCluiche Ceannais Chorn Nickey Rackard

Cluiche Ceannais Chorn Nickey Rackard

DÚN NA nGALL 3-18 MAIGH EO 0-21

Le Jamie Ó Tuama i bPáirc an Chrócaigh

Tháinig Dún na nGall a fhaid le Cluiche Ceannais Nickey Rackard a bhuíochas do bhuanna in aghaidh an Longfoirt, Ard Mhacha agus Thír Eoghain. Bhí Maigh Eo ann tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán, ar Thír Eoghain agus ar Liatroim. Bhí cluiche ceannais maith geallta agus ní raibh díomá orainn.

In ainneoin gur aimsigh Conor O’Grady céad scór an chluiche do na Conallaigh níor thóg se i bhfad ar Mhaigh Eo an lámh in uachtar a fháil ar an gcéad leath seo. D’aimsigh siad ocht gcinn den chéad naoi scór eile rud a d’fhág iad seacht gcúilín chun tosaigh ar chlár na scór tar éis 14 nóiméad. Shane Boland a d’aimsigh ceithre cinn de na scóranna sin agus trí cinn acu ó phocanna saora.

Bhí Maigh Eo díograiseach, díocasach agus agus an-chruinn lena gcuid seansanna. Choinnigh siad orthu ag ionsaí chúl Dhún na nGall agus choinnigh siad clár na scór ag bogadh ina bhfabhar. Ghéill Dún na nGall roinnt mhaith pocanna saor agus chabhraigh sé sin leis an bhfuadar a bhí faoi thosaithe Mhaigh Eo sa chéad leath.  Bhí sé phoc shaora agus cúilín amháin ón imirt aimsithe ag Boland faoin 22ú nóiméad.

Rinne Dún na nGall a mbealach ar ais sa chluiche in dhiaidh sin, áfach, agus d’éirigh leo ceithe scór i ndiaidh a chéile a aimisiú idir an 24ú agus an 30ú nóiméad rud a d’fhág Maigh Eo chun tosaigh ar scór 0-11 go dtí 0-07 tar éis tríocha nóiméad.

D’fhreagair Maigh Eo sin le dhá chúilín dá gcuid féin sular aimsigh Joe Boyle cúl do na Conallaigh sa 33ú nóiméad. D’fhág sé sin trí chúilín idir na foirne. Bhí foireann Mickey McCann ag imirt le muinín anois agus nuair a d’éirigh le Danny Cullen scór eile a fháil dóibh ní raibh ach dhá chúilín idir na foirne. Chríochnaigh an leath le poc éirice ó Sheán Kenny, Maigh Eo, áfach agus bhí Maigh Eo trí chúilín chun tosaigh arís faoim am ar tháinig an briseadh leathama.

Scór leathama: Maigh Eo 0-14 Dún na nGall 1-08

Bhí tús iontach ag Dún na nGall leis an dara leath agus thosaigh Davin Flynn ag déanamh damáiste istigh ar an líne lántosaithe. Bhí na foirne cothrom tar éis 47 nóiméad ar scór 1-13 go dtí 0-16 agus d’aimsigh Flynn trí chúilín sa chéad deich nóiméad den dara leath. Bhí tuilleadh le teacht uaidh. Scór eile uaidh Declan Coulter ó phoc saor agus bhí na Conallaigh cúilín chun tosaigh ag an sos uisce.

Bhí Shane Boland iontach do Mhaigh Eo agus choinnigh sé a fhoireann sa choimhlint. Tháinig scóranna cinniúnacha an chluiche idir an 67ú agus 68ú, áfach, nuair a d’aimsigh Flynn dhá chúl do Dhún na nGall. Cuireadh an sliotar isteach chuige go hard agus é ag fanacht ar imeall na cearnóige. Rug sé air agus bháigh sé go cúl na heangaí é. Dhá chúl taobh istigh de dhá nóiméad aige agus bhí Dún na nGall chun tosaigh ar scór 3-17 go dtí 0-21, gan fágtha ach trí nóiméad móide am cúitimh. D’aimsigh Coulter cúilín amháin eile do na hUltaigh agus bhí an lá leo.

Chuaigh Maigh Eo ar thóir cúl le linn am cúitimh ach bhí sé ródheireanach.

Is iad Dún na nGall Seaimpíní Chorn Nickey Rackard 2020.

Scór deiridh: Dún na nGall 3-18 Maigh Eo 0-21

Scórálaithe Mhaigh Eo: Shane Boland 0-12 (10PS), Brian Morley 0-02, Eoin Delaney 0-01, Jason Coyne 0-01, Seán Kenny 0-01, Adrian Phillips 0-01, Cathal Freeman 0-01, Corey Scahill 0-01, Gavin Browne (Dún na nGall) 0-01

Scórálaithe Dhún na nGall: Davin Flynn 2-03, Declan Coulter 0-09 (3PS), Joe Boyle 1-01, Danny Cullen 0-03, Gerard Gilmore 0-01, Ronan McDermott 0-01

MAIGH EO: Gerald Kelly, Gary Nolan, Stephen Coyne, John Cassidy, Brian Hunt, David Kenny, Cathal Freeman, Seán Regan, Seán Kenny, Adrian Phillips, Shane Boland, Corey Scahill, Jason Coyne, Brian Morley, Eoin Delaney. Ionadaithe: Liam Lavin do Jason Coyne (51n), Cormac Phillips do Eoin Delaney (50n) Seán Mulroy do Brian Morley (66n),

DÚN NA nGALL: Luke White, Gavin Browne, Stephen Gillespie, Mark Callaghan, Joe Boyle, Sean McVeigh, Jack O’Loughlin, Michael Donaghue, Ronan McDermott, Gerard Gilmore, Danny Cullen, Kevin Kealy, Declan Coulter, Davin Flynn, Ciarán Mathewson. Ionadaithe: Ritchie Ryan do Kevin Kealy (28n), Bernard Lafferty do Chiarán Mathewson (66n)

Réiteoir: Kevin Jordan (Tiobraid Árann)