Donie Breathnach: ‘An t-atmaisféar i bPort Láirge an-dóchasach’
Croí agus cloigeann Donie Bhreathach ag rá leis go mbeidh an bua ag na Déise Dé Domhnaigh
Le Jamie Ó Tuama
Tá Port Láirge ar ais i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann don chéad uair ó 2017 i leith agus tá dóchas sa chontae go bhfuil deis acu deireadh a chur leis an ngorta agus Corn Liam Mhic Cárthaigh a ardú don chéad uair ó 1959.
Nuair a labhair muid leis an iariománaí agus leis an iarpheileadóir de chuid Phort Láirge, Donie Breathnach, le gairid thug sé le fios dúinn go bhfeileann an easpa prapála don chluiche Dé Domhnaigh, do na Déise.
‘Is dócha go bhfuil an t-atmaisféar i bPort Láirge an-dóchasach ar fad. Bliain ait a bhí ann leis an Covid ach is dóigh liom féin go n-oireann sé sin d’fhoireann Phort Láirge’.
Do an-chuid d’imreoirí Phort Láirge is é seo an chéad uair dóibh ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann agus bíonn aird mhór tugtha ar an gcluiche ceannais ach i mbliana tá sé difriúil. Níl na sluaite céanna ann thimpeall na traenála. Níl an aird chéanna air sna páipéirí agus mar sin de.
Fiú amháin ar lá an chluiche féin, ní bheidh leithéidí tionlacain ó na Gardaí ann agus ní bheidh aon chóisir mhór thimpeall ar Pháirc an Chrócaigh mar a bhíonn thimpeall ar Chluiche Ceannais na hÉireann agus na sluaite bailithe thimpeall ar Bhóthar Mhic Sheoin go hiondúil. Is dócha go n-oirfeadh sé sin d’imreoirí nua Phort Láirge, go háirithe agus iad ag teacht isteach sa gcluiche seo.’
Tá Breathnach den tuairim nach bhfuil taispeántas iomlán 70 nóiméad curtha isteach ag na Déise taobh amuigh de Chluiche Leathcheannais na Mumhan in aghaidh Chorcaí agus deir sé go bhfuil sé fíorthábhachtach go dtugann siad taispeántas 70 nóiméad Dé Domhnaigh, má tá siad le Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann a bhuachan. Labhair sé faoi na buanna atá ag foireann seo Phort Láirge:
‘Tá Port Láirge tar éis cluiche an-láidir reatha a thógaint leo. Is dócha gurb é sin an tionchar atá Liam Carroll tar éis a imirt ar an bhfoireann.
Bhí ráta oibre an-láidir i gcónaí ag Port Láirge, fiú amháin le linn thréimhsí Derek McGrath agus Phádraic Fanning, ach tá siad tar éis an cluiche reatha san a thógaint leo go háirithe sa lárthrian san, áit a bhfuil leithéidí Jamie Barron, Jack Fagan agus Stephen Bennett. Tá siad ábalta an liathróid a thógaint leo ar ruathar agus foirne a ghortú. Beidh siad ag súil leis an rud céanna a dhéanamh in aghaidh Luimnigh an deireadh seachtaine seo.
Rud eile atá ag Port Láirge agus iad ag dul chun cinn i mbliana ná go bhfuil painéal an-láidir acu, ceapaim. Painéal níos láidre ná mar a bhí le blianta. Leithéidí Daragh Lyons, Niall Montgomery agus Patrick Curran. Téann Port Láirge i láidreacht nuair a thagann siad isteach agus tá siad ábalta an fhoireann a thógaint chun cinn nuair a thagann siad isteach. Is rud ana-thábhachtach é sin.’
Tuigeann Breathnach go bhfuil níos mó le tabhairt ag Luimneach freisin, áfach, agus labhair sé faoin mbealach a bhfuil siad in ann a gcuid scóranna a fháil go héasca:
‘I dtaobh Luimnigh, is dócha na buanna atá acu ná go bhfuil siad in ann cluichí a bhuachaint gan taispeántas seachtó nóiméad a thabhairt. Pé slí a bhfuil an cluiche ag dul bíonn siad ag tnúth le scóranna a aimsiú agus an cluiche a bhuachaint i gcónaí. Sin bua millteach acusan.
Ó thaobh na laigí atá ag Luimneach i mbliana, b’fhéidir go bhfuil comhartha ceiste beag ann faoin líne lántosach. Níl siad tar éis mórán scóranna a fháil ón imirt i gcomparáid le blianta eile. Beidh siad ag iarraidh sin a chur ina cheart le leithéidí Flanagan, Gillane – má tá sé aclaí – agus ó leithéidí Graeme Mulcahy. Beidh siad ag iarraidh níos mór scóranna a fháil taobh istigh ansin gan dabht.’
Má tá Port Láirge chun an ceann is fearr a fháil ar Luimneach Dé Domhnaigh tuigeann Breathnach go gcaithfidh siad an lámh in uachtar a fháil orthu idir an dá líne 45 méadar.
‘Má tá Port Láirge chun buachaint ar an Domhnach, beidh tionchar mór ag an gcogadh i lárthrian na páirce air. Is dócha gurb í san an áit is tábhachtaí domsa. Luamar Jamie Barron, Aussie agus Stephen Bennett agus iad ag dul ar an ionsaí ach tá an líne leathchúil tábhachtach chomh maith le leithéidí Thaidhg de Búrca agus Kevin Moran.
Is dócha gurb iad na trí líne sin is tábhachtaí agus chun Luimneach a ghortú is dóigh liom go gcaithfidh siad an liathróid a chur isteach i lámha Stephen Bennett, i lámha Austin Gleeson agus i lámha Jamie Baron agus gabháil díreach trí chosaint Luimnigh. Is dóigh liom go mbeimid ag lorg cúl chun an cluiche seo a bhuachaint agus go mbeimid ag iarraidh cúil a stopadh ag an taobh eile den bpáirc.
Más féidir linn Luimneach a choimeád go dtí cúl amháin agus más féidir linn dhá nó trí cinn a fháil muid féin is dóigh liom go mbeimid beagnach ann.’
Tá croí agus cloigeann Donie ag rá gur ag na Déise a bheidh an lá Dé Domhnaigh:
‘Deireann mo chroí Port Láirge agus deireann mo cheann Port Láirge! Is dóigh liom go dtabharfaidh siad taispeántas má éiríonn leo tógaint ar an momentum ón gcluiche in aghaidh Chill Chainnigh. Is dóigh liom go mbeidh an lá leis na Déise.’