Do Chlub, Do Chontae #9 - CLG Thuar Mhic Éadaigh
Tuar Mhic Éadaigh in aghaidh an Spidéil i bPáirc an Chrócaigh sa bhliain 2015
Le Jamie Ó Tuama
Suite i ndeisceart Mhaigh Eo tá CLG Thuar Mhic Éadaigh lonnaithe i gceantar beag Gaeltachta ina bhfuil stair agus oidhreacht shaibhir le fáil ann. Cé gur paróiste beag atá ann tá club CLG beo bríomhar acu. Le tuilleadh a fhoghlaim faoin gclub labhair mé le Colm Ó Conghaile, Oifigeach Gaeilge an chlub, an tseachtain seo mar chuid den tsraith Do Chlub, Do Chontae.
Thosaigh sé le cúlra an chlub a thabhairt dom.
‘Tá CLG Thuar Mhic Éadaigh lonnaithe idir Shléibhte Phartraí agus Loch Mheasca i nDeisceart Mhaigh Eo sa nGaeltacht’, a deir Colm. Tá an club ann go hoifigiúil ó 1965 ach bhí peil sa cheantar ó 1910, thart air sin ar aghaidh.
‘Tá ionad breá nua fairsing againn ina bhfuil giom, halla spóirt agus seomra feistis nua agus tá dhá pháirc againn – Páirc Naomh Muire agus Páirc an Choláiste. Tá Páirc an Choláiste ceangailte le Coláiste Mhuire, an mheánscoil in aice linn a bhfuil traidisiúin láidre aici leis an bpeil, freisin.
‘Is é mana an chumainn ná ‘Neart Le Chéile’ agus is iad dathanna an chumainn ná dubh agus bán.’
Ar nós go leor clubanna eile is minic a fheidhmíonn clubtheach agus áiseanna CLG Thuar Mhic Éadaigh mar lárionaid don phobal nó mar ionaid ‘buail isteach’, is dócha. Déanann Colm cur síos ar chuid de na rudaí éagsúla a bhíonn ar bun sa chlub.
‘Is é an clubtheach agus an cumann lárionad an cheantair ó thaobh cúrsaí cultúrtha de agus ó thaobh cúrsaí spóirt is dócha’, a mhíníonn Colm. ‘Tagann daoine le chéile le haghaidh thráth na gceist agus rince agus mar sin de. Imrítear spórtannaí difriúla ann, freisin, agus anois le déanaí tá siúlóid dheas timpeall ar an bpáirc. Tá muid á úsáid mar bhealach glas nó mar shlí chun tú féin a chur in ord mar a déarfá agus a bheith aclaí. Tá sé sin faoi sholas, freisin. Mar sin, tá daoine in ann teacht le chéile mar a dhéanann cumannachaí eile, tá róidín beag timpeall ar an bpáirc atá faoi sholas.
‘Tá béim ar an aclaíocht agus tá chuile dhuine sa gceantar in ann a bheith in éindí le chéile ag coinneáil aclaí agus mar sin de.’
Is iomaí laoch mór a bhí ag an gclub thar na blianta agus luaigh Colm cuid de na himreoirí a d’imir leis an gcontae thar na blianta.
‘Nuair a smaoiníonn tú ar pheil na mban’, a deir Colm, ‘bhí triúr nó ceathrar ón gceantar ar an bhfoireann sin a bhuaigh Cluiche Ceannais na hÉireann ach ba iad an bheirt a bhí ag imirt ar an lá ná Nuala Ní Shé agus Martha Ní Mháille. Bhuaigh siadsan Craobh na hÉireann siar déanach sna nóchaidí in éindí le Cora Staunton agus iad sin ar fad.
I dtaobh na bhfear de, bhí go leor leaids ag imirt ar son an chontae. Ina measc siúd a mbeadh an cháil is mó orthu, tá Breandán de Prendergast, Tomás Ó Neachtain agus Tomás Ó hÉineacháin. D’imir an triúr sin ar fhoirne de chuid Mhaigh Eo a bhí ag Craobhacha Uile-Éireann.
Tuar Mhic Éadaigh ag Blitz Gaeltachta Chumann Pheile na mBan i bPáirc an Chrócaigh sa bhliain 2018
Tá an Ghaeilge an-tábhachtach don chlub, freisin, agus tá an club ag glacadh páirte i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le tamall anuas. Bíonn siad páirteach i gComórtas Peile na Gaeltachta gach bliain, freisin.
‘Is dócha go bhfuil an cumann an-lárnach ó thaobh na Gaeilge de’, a deir Colm. ‘Is cumann Gaeltachta muid. Glacann muid páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta agus tá traidisiún láidir againn ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Bhuaigh muid na sóisir i 1979 agus bhí muid i gcluiche ceannais na sóisear agus na sinsear thar na blianta. Bhí muid i gcónaí ann.
‘Bhí an cáilín Gaelacha gnúite ag Sinéad Ní Mháille agus ag Seonadh Ní Mháille. Mar sin, tá ceangal láidir againn leis. Bhí Comórtas Peile na Gaeltachta againn féin i dTuar Mhic Éadaigh i 2017 agus bhí sé rite go maith. Bhí seachtain iontach againn agus tá súil againn go raibh deireadh seachtaine iontach ag na cumannachaí eile a bhí i láthair.
‘Mar sin, tá an Ghaeilge lárnach i ngach rud a dhéanann ár gcumann sna cluichí, sna gasúir, agus an chóitseáil do na gasúir óga, tá sé trí mheán na Gaeilge. Tá chuile ghné de obair an Chumainn trí mheán na Gaeilge.’
Bhí am dúshlánach ag clubanna uile Chumann Lúthchleas Gael le linn Covid-19. Míníonn Colm anseo faoin gcaoi a ndeachaigh an club i gcabhair ar sheandaoine leochaileacha ón gceantar le linn na paindéime. Míníonn sé faoin gcaoi ar cheangail an club an ceantar ar fad le chéile.
‘An ról a bhí againn le linn thréimhse an Covid, cosúil le cumannachaí eile timpeall na tíre thug muid tacaíocht dóibh siúd a bhí leo féin, go mor mór na seandaoine a bhí sa cheantar. Chabhraigh muid leo i dtaobh siopadóireacht a fháil dóibh. Bhíodh muid ag glaoch orthu le fáil amach an raibh siad ceart go leor ó thaobh na ngnathrudaí de, bainne, arán, comhluadar is mar sin de.
‘Bhíodh muid ag cur glaochanna teileafóin orthu le cinntiú go raibh gach rud acu. Bhí sé sin ar siúl againn agus bhí córas againn ó thaobh siopadóireacht a dhéanamh, gabháil chuig oifig an phoist agus rudaí eile den saghas sin – mar a bhí déanta ag neart cumannachaí eile timpeall na tíre.
‘Cheangail sé sin an ceantar ar fad le chéile arís go daingean. Mar a dúirt mé ‘Neart Le Chéile’ mana an chumainn agus níl aon dabht ach go raibh muid uilig le chéile ag tabhairt tacaíochta go háirithe do dhaoine a bhí leo féin.’
Bunaithe: 1965
Dathanna: Dubh agus Bán
Na rudaí is mó atá buaite ag an gCumann:
Craobh Idirmheánach Chonnacht, 2006
Craobh Idirmheánach Mhaigh Eo, 1982, 2006, 2021
Craobh Shinsear Peile an mBan; 1982
Comórtas Peile na Gaeltachta (Grád an Sóisear) 1979
Laochra móra an chlub: Nuala Ní Shé, Martha Ní Mháille, Tomás Ó Neachtain, Tomás Ó hÉineacháin, Breandán de Prendergast.
Neart Le Chéile. Do chlub, Do chontae, Do Ghaeilge!
Lá Mór na Gaeilge i dTuar Mhic Éadaigh an tseachtain seo caite