Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

feature

Do Chlub, Do Chontae #7 – CLG Fhine Ghallainn

CLG Fhine Ghallainn ag Paráid Fhéile na nGael thiar sa bhliain 2012

CLG Fhine Ghallainn ag Paráid Fhéile na nGael thiar sa bhliain 2012

Le Jamie Ó Tuama

Bunaithe sa bhliain 1884 tá CLG Fhine Ghallainn ar cheann de na clubanna is sine, ní hamháin in Áth Cliath, ach in Éirinn trí chéile. Is i Sord Cholmcille i bPáirc Chuimhneacháin Uí Laighléis, i dtuaisceart chontae Átha Cliath atá an club lonnaithe ó shin i leith. Mar a mhíníonn, Liam Ó Culbáird, Oifigeach Gaeilge agus Cultúrtha an chlub;

‘Tá muid sa cheantar seo ag gabháil siar na céadta bliain. Bhíomar mar cheann de na céad chlubanna a chláraigh le Cumann Lúthchleas Gael in 1884. Níl a fhios againn cé chomh fada a bhíomar ar an bhfód roimhe sin.

‘Tá muintir an bhaile bródúil as ár stair fhada. Cé nach bhfuil muid ag imirt ag an gcaighdeán is airde, tacaíonn muintir an bhaile linn agus tá an baile bródúil asainn.

‘Tá muid ag ofráil peile, iománaíochta, camógaíochta agus lúthchleasaíochta dár bpobal le breise is 137 bliain.’

Insíonn Liam dúinn faoin mbealach a ndéanann an club freastal ar mhuintir an cheantair agus déanann sé cur síos ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an club mar lárionad do go leor sa phobal máguaird.

‘Tá beár againn sa chlubtheach agus is féidir lena lán grúpaí agus clubanna áitiúla ár n-áiseanna a úsáid. Mar shampla bíonn réamhscoil ag úsáid ár bhfoirgnimh i rith na seachtaine. Bíonn ceachtanna Judo agus Karate ar siúl. Bíonn grúpa comhrá Gaeilge, damhsa do dhaoine fásta, ceachtanna rince Ghaelaigh srl…ar siúl.

‘Ta muid an-sásta ár n-áiseanna a roinnt le muintir an bhaile. Tá muid i gcroílár an bhaile.’

Cé nár éirigh le CLG Fhine Ghallainn Craobh Shinsir Peile Átha Cliath a bhuachan riamh d’éirigh leo dhá Chraobh Idirmheánacha a bhuachan sna blianta 1957 agus 2016 agus bhuaigh siad Sraith Shinsir Peile Átha Cliath sa bhliain 1931. Ina ainneoin sin, is iomaí peileadóir ón gclub a d’fhág a rian ar an saol idirchontae thar na blianta.

I measc laochra móra an chlub tá Paul Flynn agus Ciarán Duff a bhuaigh Craobhacha uile-Éireann le hÁth Cliath chomh maith le Dermot Vaughan a bhuaigh Gradam All-Star mar aitheantas ar a chuid éachtaí agus camán ina láimh aige. Dar ndóigh, tá Craobhacha uile-Éireann buaite ag Sinéad Ní Fhionnagáin, Fiona Hudson, Emer Ní hÉafa, Emma Colgan, Denise McKenna agus Muireann Ní Scanaill, freisin.

D’imir beirt imreoirí idirchontae de chuid Ros Comáin leis an gclub thar na blianta, freisin, Gerry O’Malley sna caogaidí agus sna seascaidí agus Harry Keegan sna hochtóidí.

Laoch mór eile de chuid an chlub is ea Catherine Walsh a ghlac páirt sna Cluichí Parailimpeacha ar son na hÉireann.

‘Ta cumann lúthchleasaíochta againn agus duine dár laochra ná Catherine Walsh,’ a deir Ó Culbáird, ‘buaiteoir neart bonn sna Cluichí Parailimpeacha i gcluichí raoin agus faiche agus sa rothaíocht. Sheas sí ar son na tíre sna Cluichí Parailimpeacha i 1992, 1996, 2000 agus 2012.

‘Bhí sí ag an gcaighdeán is airde ar feadh tréimhse fiche bliain. Is dea-shampla í go raibh sí in ann bua a fháil thar dheacracht. Is duine inspioráideach í.’

Dar ndóigh, tá i bhfad níos mó i gceist leis an gclub ná ionad spóirt agus insíonn Liam dúinn faoi na rudaí eile a bhíonn idir lámha acu sa chlub.

**‘**Cuirimid chun cinn gach cuid dár gcultúr. Tá stádas na Gaeilge láidir sa chlub. Tá an Ghaeilge beo agus bríomhar inár gclub. I mbliana beidh muid ag reáchtáil ár gcéad champa samhraidh déanta go hiomlán trí Ghaeilge do pháistí.

‘Tá muid gníomhach ag tacú leis an nGaeilge, na comórtais Scór is araile. Tá níos mó i gceist linn ná cluichí liathróide.

‘Rud nua a thosaíomar le déanaí ná na ‘Fin Stars’, ceachtanna spóirt do dhaoine le riachtanais speisialta. Chuir Covid isteach ar an bhfeachtas seo ach anois tá muid réidh le hatosú. Tá sceitimíní ar na rannpháirtithe, na cúramóirí agus na meantóirí.

‘Rud eile atá ag gabháil ó neart go neart ná peil dóibh siúd thar 40 bliain d’aois ó thaobh na bhfear agus ‘Gaelic For Mothers and Others’. Tá na huimhreacha ag méadú bliain i ndiaidh bliana.

‘An rothaíocht, tá feachtas ar siúl againn in éineacht le Comhairle Contae Fhine Gall chun an rothaíocht a chur chun cinn. Ba chóir go mbeadh páistí ag dul go dtí cluichí agus traenáil ar a rothair féin má tá sé sábháilte. Faoi láthair ta muid ag cur isteach trealamh páirceála do rothair.’

Bunaithe: 1884

Dathanna: Dearg agus Bán

Líon Foirne: Tá os cionn 40 foireann á gcur chun páirce ag an gclub ó f8 go dtí os cionn 40

Laochra móra an chlub: Catherine Walsh, Paul Flynn, Ciarán Duff, Sinéad Ní Fhionnagáin

Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Do Chlub, Do Chontae!

Paul Flynn ar an ionsaí do CLG Fhine Ghallainn in aghaidh Chluain Tarbh anuraidh

Paul Flynn ar an ionsaí do CLG Fhine Ghallainn in aghaidh Chluain Tarbh anuraidh