Na Gearaltaigh Óga ag glacadh páirte sna GO Games i bPáirc an Chrócaigh i mí Aibreáin, 2019
Le Jamie Ó Tuama
Bunaithe sa bhliain 1904 tá Cumann Peile na nGearaltach ar an dara club is sine i gcontae Lú. Suite gar do Dhún Dealgan idir Bhaile Hagaird agus Na Creagacha Dubha déanann na Gearaltaigh freastal ar na céadta ball idir óg agus aosta.
Labhair muid le Daniel Gallagher, ball de chuid an chlub, le gairid agus thug sé spléachadh dúinn de stair an chumainn agus den ról a imríonn an cumann céanna sa pharóiste.
'Bunaíodh Cumann na nGearaltach sa bhliain 1904. Is iad na Gearaltaigh an dara club riamh a bunaíodh i gcontae Lughaidh. Ó shin i leith, tá tábhacht iontach ag baint leis an chlub i suíomh an phobail.
'Ta an club lonnaithe agus ag freastal ar dhá bhaile fearainn sa cheantar – na Creagacha Dubha, baile beag cois cuain a bhfuil fás as cuimse tagtha air le deich mbliana anuas ó thaobh daonra agus turasóireachta de agus Baile Hagaird, ceantar tuaithe ar imeall Dhún Dealgan a bhfuil stair, seanchas agus mórtas cine ag baint leis. Tá sé anois á fhorbairt mar shuíomh tithíochta agus tionsclaíochta.
'Is é Cumann na nGearaltach an eagraíocht pobail is mó sa cheantar. Tá na Gearaltaigh páirteach i ngach gné de shaol na paróiste agus ag freastal agus ag cur áiseanna ar fáil do pheileadóirí idir óg agus aosta idir bhuachaillí agus chailíní. Tá rian na nGearaltach le feiceáil go smior sa cheantar.'
Bhí go leor laochra móra ag na Gearaltaigh thar na blianta agus labhair Daniel go paiseanta faoi chuid de na gaiscígh a rinne éachtaí ar an bpáirc imeartha le céad bliain anuas.
'Is iomaí peileadóir atá luaite mar laoch sa chumann ó bunaíodh é os cionn céad bliain ó shin’, a deir Daniel. ‘Is cúis onóra agus bróid do na Gearaltaigh go raibh imreoirí acu ar achan fhoireann a ghnóthaigh Corn Sam Maguire do chontae Lughaidh.
'Bhí Joe Johnson ar an fhoireann i 1910, Joe Donnelly i 1912 agus ba é Frank Lynch an té ba óige ar fhoireann chontae Lughaidh nuair a chloígh siad foireann Chorcaí i gCluiche Ceannais na hÉireann i 1957.
'I rith na n-ochtóidí d’oibrigh Paul Renehan go dícheallach don chlub agus don chontae i lár páirce agus mar lántosach. Le déanaí tá clú ar Jim McEnaney mar phríomhscórálaí ag na Gearaltaigh agus ag foireann na contae le blianta beaga anuas.'
Tá cúig cinn de chraobhacha sinsir contae buaite ag na Gearaltaigh chomh maith le go leor éachtaí faoi aois ag leibhéal idirmheánach. Labhair Daniel faoi chuid de na héachtaí sin de chuid fhir agus mhná an chlub.
'Tá cúig chraobh shinsir buaite ag na Gearaltaigh agus an ceann is deireanaí acu seo ná 1982. Ní hamháin go raibh na himreoirí seo oillte agus dícheallach sa pheil ach is dream iad atá dílis don chlub go fóill. Tá cuid mhór acu páirteach i gcúrsaí peile agus i riarachán an chlub go dtí an lá atá inniu ann.
'Cuireadh béim mhór ar chothú an aosa óig sa chlub ag tús na mílaoise agus bhí a luach saothair sin le feiceáil nuair a bhuaigh na Gearaltaigh trí chraobh mhionúir sa tréimhse idir 2007 agus 2013.
'Leoga, bhí bliain thar cionn ag an chlub sa bhliain 2013. Tar éis daofa Craobh Idirmheánach na Contae a bheith bainte amach acu chuaigh siad ar aghaidh ansin agus fuair siad an ceann is fearr ar Chumann Naomh Olaf as Baile Átha Cliath i gCluiche Ceannais Chúige Laighean. Beidh trácht ar an éacht a rinne na buachaillí sin ar feadh fada go leor nuair a labhrófar faoi pheil sa cheantar seo.'
Maidir le buaicphointe pheil na mban, dúirt Daniel:
'Tá peil na gcailíní agus peil na mban ag treise, fosta. Le foirne cláraithe ag na Gearaltaigh i ngach grád agus cúpla Craobh Idirmheánach bainte acu go dtí seo.
'Tá dlúthbhaint ag an chlub leis na trí scoileanna sa cheantar agus is ábhar bróid agus áthais dúinn na páistí óga a fheiceáil sa timpeallacht agus dathanna agus éadaí na nGearaltach á gcaitheamh acu.'
Imríonn na Gearaltaigh a gcuid cluichí baile i bPáirc Mhic Eochaidh agus d’inis Daniel dúinn faoin gcaoi ar shocraigh siad síos ann an chéad lá thiar sa bhliain 1968.
'Níl amhras ar bith ach go bhfuil athruithe móra ar na Gearaltaigh ó bunaíodh iad ag tús na haoise seo caite. I ndiaidh tréimhsí a chaitheamh ag gabháil ó áit go háit fuair an club láthair bhuan sheasmhach nuair a osclaíodh Páirc Mhic Eochaidh i mBaile Hagaird i 1968.
'Is é ‘McGeough Park’ baile na nGearaltach ó shin i leith. Tá forbairt agus athchóiriú mór déanta ar an áit le fiche bliain anuas agus, anois, tá sé ar shuíomh peile chomh maith agus atá sa chontae. Baintear úsáid as go minic mar láthair chraoibhe do Bhord na Contae.'
James Craven, duine de laochra na nGearaltach agus Lú
Tá cúrsaí cultúir agus Gaeilge an-tábhachtach do mhuintir an chlub, freisin, dar ndóigh. Mar a mhínigh Daniel:
'I mbliana féin cuirfear tús le Gaeilgeoirí na nGearaltach. Seo grúpa daoine a thagann le chéile leis an mhéid Gaeilge atá acu a labhairt. Is mian linn an teanga a chur chun cinn agus daoine a ghríosadh lena labhairt agus lena húsáid lena bhfoirne traenála mar theanga bainistíochta ar an taobhlíne, ar an pháirc imeartha agus ar ócáidí sóisialta.
'Tá iarracht á déanamh fosta an Ghaeilge a úsáid ag cruinnithe an Choiste agus na meáin shóisialta á n-úsáid go forleathan le cúpla focal a chur i mbéal an phobail.'
Tá roinnt mhaith dúshlán roimh an gclub sna blianta amach romhainn ach is léir go bhfuil lucht an chlub ag súil leis na dúshláin sin.
'Tá dúshlán mór roimh an chlub sna blianta atá amach romhainn’, a deir Daniel. ‘Tá an daonra ag gabháil i méid agus tá éileamh mór ar acmhainní an chlub. Tá áthas ar na Gearaltaigh go bhfuil saothar mór rompu ach tá an meon ceart agus tá dúthracht agus díocas iontu le freastal ar na riachtanais sin. Tá muid dóchasach go n-éireoidh linn agus go mbeidh gáir mholta le clos le fada an lá i bPáirc Mhic Eochaidh, ‘Ar Aghaidh leis na Gearaltaigh’. NGA – Na Gearaltaigh abú!'
Do Chlub, Do Chontae, Do Theanga!
Bunaithe: 1904
Dathanna: Glas agus Bán
Líon Ball: Os cionn 600 ball
Craobhacha Sinsir Peile: 5 (1913, 1915, 1916, 1920, 1982)
Laochra móra de chuid an chlub: Joe Johnson, Joe Donnelly, Frank Lynch, Paul Renehan, Jim McEnaney
Imreoirí Reatha Idirchontae:
Peil: Matt Corcoran, Dan Corcoran, James Craven
Peil na mBan: Eilish Hand, Rebecca Carr, Lauren McFaul