
Deireadh seachtaine mór iomána agus peile amach romhainn
Le Jamie Ó Tuama
Tá cúpla lá mór amach romhainn i Sraitheanna Allianz an deireadh seachtaine seo nuair a chuirfear tús leis na sraitheanna iomána agus babhta 2 de na sraitheanna peile.
I measc na gcluichí móra a bheidh ar siúl sna sraitheanna iomána beidh Loch Garman in aghaidh na Gaillimhe agus Corcaigh in aghaidh Luimnigh Dé Sathairn. Tabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Phort Láirge Dé Domhnaigh. Imreoidh Doire in aghaidh Chiarraí i Roinn 2A ar an Satharn.
I measc na gcluichí móra sna sraitheanna peile ar an deireadh seachtaine beidh Ard Mhacha in aghaidh Mhaigh Eo i Roinn 1, Cill Dara in aghaidh Chorcaí i Roinn 2, An Cabhán in aghaidh Thiobraid Árann i Roinn 3 agus Cill Mhantáin in aghaidh Shligigh i Roinn 4.
Tá gach eolas maidir le cluichí dheireadh na seachtaine le fáil ANSEO.
Sraitheanna Allianz – tá sé in am eirí arís!