Deasún Ó Conghaile, Maigh Cuilinn, le Corn Shane McGettigan tar éis dá fhoireann an ceann is fearr a fháil ar Thuar Loistreáin i gCluiche Ceannais Sinsear Chonnacht i 2022
Le Jamie Ó Tuama
Tá na craobhchomórtais peile agus iomána club go maith faoi lánseol faoin tráth seo agus ní haon eisceacht iad na craobhchomórtais a bhfuil na clubanna Gaeltachta ag glacadh páirte iontu. Caitear súil chun tosaigh anseo ar chuid mhaith de na cluichí a bheidh ar siúl ar an deireadh seachtaine ina mbeidh clubanna Gaeltachta agus clubanna lán-Ghaeilge páirteach iontu.
Craobhacha Peile Dhún na nGall
I gCraobh Shinsear Peile Dhún na nGall tabharfaidh Gaoth Dobhair aghaidh ar Aodh Ruadh Béal Átha Seanaigh, tabharfaidh Naomh Náille aghaidh ar Ghleann tSúilí agus tabharfadh Cill Chartha aghaidh ar Naomh Micheál Dé Sathairn.
Tabharfaidh Cloich Cheann Fhaola aghaidh ar Bhaile na nGallóglach, Gleann Fhinne aghaidh ar Ard an Rátha, An Clochán Liath aghaidh ar Na Ceithre Máistrí agus Naomh Conaill aghaidh ar Naomh Adhamhnáin Dé Domhnaigh.
Sa Chraobh Peile Idirmheánach tabharfaidh An Tearmann aghaidh ar na Na Dúnaibh i nGrúpa A Dé Sathairn. Tabharfaidh Gaeil Fhánada aghaidh ar Naomh Bríd agus tabharfaidh Réalt na Mara aghaidh ar Naomh Columba Dé Domhnaigh. Imreoidh Naomh Muire Íochtar na Rosann in aghaidh na Birte i nGrúpa B den Chraobh Idirmheánach an la céanna.
Craobhacha Peile na Gaillimhe
Imreoidh Naomh Anna-Leitir Móir in aghaidh Naomh Séamus, Bearna in aghaidh Chathair Loistreáin agus Baile an Mhuilinn in aghaidh na seaimpíní reatha, Maigh Cuilinn, i gCraobh Shinsear Peile na Gaillimhe Dé Sathairn. Imreoidh An Spidéal in aghaidh Eanach Dhúin i Staid an Phiarsaigh Dé Domhnaigh.
Imreoidh Oileáin Árann in aghaidh Naomh Gabriel Dé Sathairn sa Chraobh Idirmheánach agus imreoidh Naomh Breandán in aghaidh na Ceathrún Rua agus Cill Choirín-Cluain Bheirn in aghaidh Micheál Breathnach Dé Domhnaigh.
Sa Chraobh Phríomh-Shóisear imreoidh Cárna Caiseal in aghaidh Naomh Pádraig-An Fháirche i gCarna Dé Sathairn.
Craochchomórtais Peile Chiarraí
Imreoidh Piarsaigh na Dromada in aghaidh Naomh Pádraig Cathair Uí Mhóráin i gCraobh Phríomh-Shóisear Peile Chiarraí De Sathairn. Imreoidh an Ghaeltacht in aghaidh Naomh Muire sa Chraobh Idirmheánach agus imreoidh An Daingean in aghaidh Ó Céirin Ó Rathaille i gCraobh na Sinsear Dé Domhnaigh.
Craobhchomórtais Peile na Mí
Cuirfidh Clann na nGael tús leis an an deireadh seachtaine do chlubanna na Mí anocht nuair a thugann siad aghaidh ar Dhún Samhnaí i gCraobh na Sóisear i mBeigthigh.
I gCraobhchomórtas Sinsear na Mí, tabharfaidh buaiteoirí Chomórtas Peile na Gaeltachta 2023, Bhulf Tón, aghaidh ar Bhuaile na Bréachmhaí in Áth Troim Dé Domhnaigh. Is é David Gough a bheidh i mbun na feadóige ar an lá. Imreoidh Dún Doire in aghaidh Naomh Pádraig i nDaimhliag an lá céanna sa Chraobh Idirmheánach.
Craobhacha Peile Aontroma agus Átha Cliath
Imreoidh Na Gaeil Óga in aghaidh na Seanchille i gCraobh Shóisear Átha Cliath Dé Domhnaigh agus tabharfaidh Laochra Loch Lao aghaidh ar Éire Óg i gCraobh Peile Aontroma anocht.
Donie Breathnach, duine de laochra móra iomána na Rinne, i mbun a cheirde le Port Láirge thiar sa bhliain 2015
Craobhacha Iomána Phort Láirge
Beidh roinnt cluichí craoibhe iomána ar siúl an deireadh seachtaine seo, freisin, dar ndóigh. Imreoidh An Rinn in aghaidh Ródaithe na Brice i gCraobh Idirmheánach Phort Láirge Dé Sathairn.
Tabharfaidh An Rinn aghaidh ar Dhún Garbhán anocht i gCraobh na Sóisear agus imreoidh an Seanphobal in aghaidh Mhaigh Dheilge i gCraobh Shóisear C an chontae Dé Domhnaigh.
Beidh torthaí uile na gcluichí seo le feiceáil ar rannóg Ghaeilge GAA.ie De Luain.
Cluichí móra dheireadh na seachtaine ina bhfuil clubanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge páirteach
Dún na nGall
26/08 Craobh Peile Shinsear – Gaoth Dobhair v Aodh Ruadh Béal Átha Seanaigh
26/08 Craobh Peile Shinsear – Naomh Náille v Gleann tSúilí
26/08 Craobh Peile Shinsear – Cill Chartha v Naomh Micheál
27/08 Craobh Peile Shinsear – Cloich Cheann Fhaola v Baile na nGallóglach
27/08 Craobh Peile Shinsear – Gleann Fhinne v Ard an Rátha
27/08 Craobh Peile Shinsear – An Clochán Liath v Na Ceithre Máistrí
26/08 Craobh Peile Idirmheánach – An Tearmann v Na Dúnaibh
27/08 Craobh Peile Idirmheánach – Gaeil Fhanada v Naomh Bríd
27/08 Craobh Peile Idirmheánach – Réalt na Mara v Naomh Columba
27/08 Craobh Peile Idirmheánach – Naomh Muire Íochtar na Rosann v An Bheart
Gaillimh
26/08 Craobh Peile Shinsear – Naomh Anna-Leitir Móir v Naomh Séamus
26/08 Craobh Peile Shinsear – Bearna v Cathair Loistreáin
26/08 Craobh Peile Shinsear – Baile an Mhuilinn v Maigh Cuilinn
27/08 Craobh Peile Shinsear – An Spidéal v Eanach Dhúin
26/08 Craobh Peile Idirmheánach – Oileáin Árann v Naomh Gabriel
27/08 Craobh Peile Idirmheánach – Naomh Breandán v An Cheathrú Rua
27/08 Craobh Peile Idirmheánach – Cill Choirín-Cluain Bheirn v Micheál Breathnach
26/08 Craobh Phríomh-Shóisear – Cárna Caiseal v Naomh Pádraig-An Fháirche
Ciarraí
26/08 Craobh Phríomh-Shóisear – Piarsaigh Na Domada v Naomh Pádraig-Cathair Uí Mhóráin
27/08 Craobh Shinsear – An Daingean v Ó Céirin Ó Rathaille
27/08 Craobh Idirmheánach – An Ghaeltacht v Naomh Muire
An Mhí
25/08 Craobh Shóisear – Clann na nGael v Dún Samhnaí
27/08 Craobh Shinsear – Bhulf Tón v Buaile na Bréachmhaí
27/08 Craobh Idirmheánach – Dún Doire v Naomh Pádraig
Aontroim
25/08 Craobh Shóisear – Laochra Loch Lao v Éire Óg
Áth Cliath
27/08 Craobh Shóisear – Na Gaeil Óga v An tSeanchill
Port Láirge – Craobhchomórtais Iománaíochta
25/08 Craobh Shóisear – An Rinn v Dún Garbhán
26/08 Craobh Idirmheanach – An Rinn v Ródaithe na Brice
27/08 Craobh Shóisear C – An Seanphobal v Maigh Dheilge