Déan ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge le Cumann Lúthchleas Gael
CLG ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge 2019
Le Jamie Ó Tuama
Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís agus tá Cumann Lúthchleas Gael ag súil go mór le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar Sheachtain na Gaeilge. Tugann muid cuireadh dár mbaill agus dár gclubanna fud fad an domhain cabhrú linn sin a dhéanamh trí gach iarracht a dhéanamh a gcuid Gaeilge a úsáid agus a chleachtadh, ar bhealach éigin, uaidh seo go ceann 17 lá!
Beidh go leor ag tarlú ar gaa.ie le linn na féile agus beidh gach rud le feiceáil sna laethanta amach romhainn ar an Rannóg Ghaeilge ANSEO.
I measc na rudaí éagsúla sin atá beartaithe tá comórtais do bunscoileanna, do mheánscoileanna agus do dhaoine fásta i gcomhar le O’Neills (www.oneills.com), gníomhaíochtaí do lucht bunscoile, gné-ailt faoi na cluichí, podchraoltaí i gcomhar leis an Spota Dubh, gníomhaíochtaí do mheánscoileanna, ceolchoirm Scór, an chéad eagrán eile de ‘Cuaille’, Lá Idirnáisiúnta na mBan agus go leor eile.
Coinnigh súil ghéar amach, freisin, do mheáin shóisialta CLG Uladh áit a mbeidh físeáin éagsúla le feiceáil ina bhfuil go leor de Ghaeil Uladh. Cuirfear tús le podchraoladh nua Gaeilge CLG Uladh, chomh maith, ina mbeidh Oifigeach Gaeilge Chúige Uladh, Tricia Ní Chearra, ag labhairt le daoine éagsúla faoi chúrsaí Gaeilge agus faoi chúrsaí an tsaoil i gcoitinne.
Ní féidir linn teacht le chéile don fhéile mhór seo i mbliana ach is féidir linn a bheith mar chuid den fhéile trí pháirt a ghlacadh sna himeachtaí ar líne a bheidh á n-eagrú agus tríd an nGaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta. Bígí mar chuid de chomhrá #SnaG21 agus #GAAgaeilge!
Ábhar bróid do lucht an Chumainn gur ainmnigh Seachtain na Gaeilge Teo. captaen iomána Luimnigh agus Ambasadóir CLG don fháinne, Declan Hannon, mar dhuine de thriúr Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Is iad an t-amhránaí cáiliúil, Imelda May, agus an craoltóir raidió agus teilifíse de chuid RTÉ, Bláthnaid Treacy, na hAmbasadóirí eile.
Is idir 1 agus 17 Marta a bheidh Seachtain na Gaeilge ar siúl i mbliana.