Cúrsa Oiliúna Gaeilge do Bhunmhúinteoirí Dírithe ar na Cluichí Gaelacha
Cúrsa oiliúna ar na cluichí Gaelacha ar na bacáin in Indreabhán, Conamara
Beidh cúrsa oiliúna, atá dírithe ar na cluichí Gaelacha agus faoi stiúir chóitseálaithe Chumann Lúthchleas Gael, ar fáil do bhunmhúinteoirí idir 1-5 Iúil, 2019, i gColáiste Cholmcille, Indreabhán, i gcontae na Gaillimhe. Eagrófar an cúrsa seo taobh istigh de théarmaí tagartha na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Ní gá go mbeadh sáreolas ná sárscil ag duine in imeachtaí CLG le tairbhe a bhaint as an gcúrsa seo, cé gur cúrsa fíorshuimiúil é do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu sna cluichí Gaelacha – an pheil, an iománaíocht, peil na mban, an chamógaíocht, liathróid láimhe agus cluiche corr. Tá sé d’aidhm ag an gcúrsa praiticiúil seo cur le scileanna bainistíochta, oideolaíochta agus teagaisc an mhúinteora ó thaobh an chorpoideachais de. Tá laethanta cúrsa EPV le fáil mar aitheantas ar an gcúrsa a chríochnú.
Le cur isteach air, ní mór foirm iontrála a bheith seolta chuig Ionad Oideachais na Gaillimhe roimh an Máirt, 18 Meitheamh. Is féidir tuilleadh eolais agus foirm a íoslódáil ag an nasc seo a leanas nó glaoch ar 091 745600: https://www.galwayec.ie/cpd-courses/primary-courses/139-clg-do-bhunmhuinteoiri-bunscoileanna-aclaiochta-le-beim-ar-chluichi-gaelacha.html
Cuirfear tae, caife agus torthaí ar fáil dóibh siúd a dhéanfaidh freastal ar an gcúrsa agus is é €50 an táille atá air.
Tá Cumann Lúthchleas Gael an-sásta tacú leis an gcúrsa oiliúna seo.