Croí Phobal Chumann Caide na Gaeltachta ag Preabadh go Láidir
Gort Ghallarais, baile Chumann Caide na Gaeltachta
Le Jamie Ó Tuama
Tá an Clár ‘Community Heart’ nó ‘Croí an Phobail’ de chuid Chumann Lúthchleas Gael, i gcomhar le Heart Safety Solutions, faoi lánseol um an dtaca seo. Coinníodh 42 duine beo le blianta beaga anuas de bharr dífhibrileoirí a bheith lonnaithe i gclubanna de chuid an Chumainn. Moltar go láidir do chlubanna ar fud an oileáin agus níos faide i gcéin dífhibrileoirí a fháil dá gcuid clubanna agus dá gcuid pobal. Níl a fhios cén uair a mbeadh siad ag teastáil.
Mar chuid den chlár faigheann gach club lacáiste de €995 ar gach dífhibrileoir, má éiríonn leo €2,150 eile a bhailíú trí thiomsaitheoirí éagsúla airgid a eagrú. Cuireann Heart Safety Solutions an dífhibrileoir ar fáil ina dhiaidh sin agus déanann siad cinnte go bhfuil siad ag feidhmiú mar is ceart agus go bhfuil siad ceangailte le seoltaí áirithe ríomhphoist de chuid an chlub.
Labhair mé le Conall Ó Cíobháin ó Chumann Caide na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne an tseachtain seo. Tá an-iarracht á déanamh ag an gclub airgead a bhailiú le dífhibrileoirí a cheannach agus tuigeann siad go rímhaith an tábhacht a bhaineann lena leithéid. Tá a ndóthain airgid bailithe ag an gclub le trí cinn d’fhibrileoirí a fháil mar chuid den fheachtas seo. Labhair Conall faoi na rudaí a bhí idir lámha acu leis an airgead a bhailiú.
‘Is dócha gurbh é an feachtas ‘Croí an Phobail’ a thosnaigh an rud seo amach’, a mhíníonn Conall. ‘Nuair a bhíomar ag caint le linn cruinniú ghlac an Coiste leis, agus bhrúmar chun cinn leis. Thosnaíomar ag roinnt an leathanaigh Go Fund Me ar ár leathanaigh ar na meáin shóisialta, ar Instagram, ar FB agus ar Twitter.
‘Bhí iontas orainn cé chomh flaithiúlach a bhí muintir na háite agus is dócha go luíonn sé sin isteach leis an tábhacht a bhaineann le CLG sa gceantar so, go mbeadh a leithéid de sheirbhís ar fáil agus dífhibrileoir ar fáil, ní hamháin do CLG nó do Chumann Caide na Gaeltachta ach don bpobal ar fad.
‘Tuigimid go bhfuilimid buailte leis an dtráigh. Bíonn an tráigh so gnóthach gach aon lá. Bíonn ualach daoine a thig timpeall anso le linn bhiaiste an tsamhraidh agus táimid breá sásta go mbeadh dífhibrileoir ar fáil dóibh. Níor mhaith linn go mbeadh sé in úsáid riamh ach b’fhéidir go mbeadh lá éigint.’
Chuir sé iontas ar Chonall agus ar lucht an chlub cé chomh flaithiúil is a bhí a gcuid ball agus cairde eile de chuid an chlub.
‘Is dócha gurbh é an feachtas bailiúcháin airgid a bhí againn ná ‘Croí an Phobail’ agus fé mar a dúrt, bhí an pobal fíorfhlaithiúlach linn’, a deir Conall. ‘Rud a chuir iontas orainn is dócha níos mó ná aon ní eile ná baill den gCumann atá lonnaithe timpeall na tíre, cuid acu nach raibh ina mbaill ar feadh cúpla bliain.
‘Chonacadar an feachtas ar líne agus bhíodar ar an bhfón chugainn agus bhí cúpla síntiús fíorluachmhar ann don gCumann. Ba mhaith liom buíochas a dhéanamh leis na daoine san agus leis na daoine ar fad a chabhraigh linn go dtí so.
‘Gan dabht, nuair a ardófar na srianta i gceart tá sé i gceist againn fundraiser a dh’eagrú lá éigint dos na leanaí agus dos na tuismitheoirí ionas go mbeimis ar fad le chéile agus go mbeimis ábalta airgead a bhailiú. Gan dabht, leis na srianta ardaithe bheadh sé deas, b’fhéidir, cóisir a bheith againn dóibhsan. Sin é go díreach atá ar bun againn i láthair na huaire.’
Clár Chroí an Phobail - Community Heart CLG
Tá trí dhífhibrileoir cinntithe ag Cumann Caide na Gaeltachta go dtí seo agus cuireann Conall síos ar a bhfuil i gceist ag an gclub a dhéanamh leo.
‘Tá muid fíorbhuíoch don scéim san ‘Croí an Phobail, a chabhraigh go mór linn. Tá súil againn dífhibrileoir amháin a bheith againn i bPáirc Caide Ghallarais, ceann eile a bheith againn sa pháirc nua agus beidh an tríú ceann á iompar linn má bhíonn foireann shinsir ag imirt as baile nó na foirne mionúir is mar sin.
‘Táimid chomh sásta go bhfuil siad againn agus muid fíorbhuíoch don bpobal as an tacaíocht a thugadar dúinn ó thus.’
Tuigeann Conall agus a chlub, Cumann Caide na Gaeltachta, an tábhacht mhór a bhaineann leis an gclár seo agus molann sé do chlubanna a bheith ar airdeall maidir leis an gceist áirithe seo.
‘Is é an chomhairle is mó a bheadh agam d’aon chlub nach bhfuil defib acu’, a deir Conall, ‘ná, téir amach maidin amárach agus ceannaigh ceann. Bíodh feachtas bailiúcháin airgid agaibh.
‘Tuig go dtuigfidh daoine laistigh den gceantar féin an tábhacht a bhaineann le dífhibrileoir a bheith ar fáil agus nach don gcumann caide nó don gcumann iomána amháin é, ach don bpobal ar fad. Tá a fhios againn ar fad gurb é an difríocht atá ann, ná, b’fhéidir go bhfaigheadh duine éigint bás nó go mbeidís ina mbeathaigh. Ní dócha go bhféadfadh leat aon luach a chur air sin.’
D’fhéadfadh sé tarlú go bhfuil dífhibrileoirí i gclubanna atá níos nó mó ná deich mbliana d’aois. Tá seans maith ann nach n-oibríonn na dífhibrileoirí sin a thuilleadh agus moladh mór a bheadh ag Conall do chlubanna ná gur cheart tástáil a dhéanamh ar shean-dífhibrileoirí le cinntiú go bhfuil siad ag obair. Ní fiú dífhibrileoir a bheith ag club muna n-oibríonn sé.
‘Gan dabht, tá a lán cumann leis agus b’fhéidir go mbeadh dífhibrileoir acu le deich mbliana anuas, nó, b’fhéidir níos mó. Is é an moladh a bheadh ansan, muna bhfuil sé úsáidte agat nó má thá sé chomh sean san, bí siúráilte go bhfuil sé ag obair. Bí siúráilte go bhfuil sé ag obair mar ní bheadh faic ní ba mheasa ná daoine ag lorg do dhífhibrileora agus gan é a bheith ag obair.
‘Mar sin, tá sé ríthábhachtach go mbíonn duine éigint á seiceáil i gcónaí, go bhfuil na dífhibrileoirí ullamh agus le cúnamh Dé, mar a dúrt, nach mbeadh ar aoinne riamh iad a úsáid ach gan dabht is áis iontach iad a bheith ann.’
Ní do lucht Chumann Caide na Gaeltachta amháin na dífhibrileoirí ach don phobal go léir
Ag croílár an chláir seo tá ‘A.C.T.’. Míníonn Conall dúinn anseo cad go díreach is brí le ‘A.C.T.’ agus cén fáth ar ghá gníomhú dá réir i gcás dífhibrileoirí.
‘Go bunúsach’, a deir Conall, ‘is éard atá i gceist le A.C.T. na ‘Accessible’, ‘Charge’ agus ‘Train’. Mar sin ‘Accessible’, go bhfuil sé ar fáil don bpobal. Dá dtarlódh timpiste timpeall ar aon cheann de pháirceanna caide Ghallarais go mbeadh a fhios ag an bpobal go díreach cá bhfuil an dífhibrileoir, go mbeadh siad in ann teacht air agus nach mbeidh aon útamáil, nó aon ní mar sin ann, agus go mbeadh siad ábalta teacht air go furaist.
‘Ansin, tá an ‘Charge’. Tá sé seo ana-thábhachtach agus is dócha go mbéarfadh sé amach ar chúpla duine. N’fheadar an ndéanfadh ach caithfidh tú a bheith 100% siúráilte go bhfuil an dífhibrileoir ullamh le dul. Mar sin, go bhfuil cumhacht istigh ann agus go bhfuil sé lán le cumhacht. Cuimhnigh air, dá dtitfeadh timpiste amach agus dá raghfása go dtí an dífhibrileoir, gan é a bheith ag obair i gceart agus gan é a bheith chargeáilte. Ní bheadh sé sin maith a dhóthain.
‘Ansin, níos tábhachtaí fós go bhfuil daoine ann, go bhfuil cur amach acu ar dhífibrileoirí. Is é sin go bhfuil daoine ann a thuigeann conas iad a úsáid, go bhfuil a fhios acu cá bhfuil siad arís, ‘Accessible’, go bhfuil sé chargeáilte. Gan dabht, má tá an dífhibrileoir ullamh ach muna bhfuil aoinne gur féidir é a úsáid is wástáil ama é sin!
‘Tá cúrsaí ar fáil ar fud na tíre agus fiú amháin do dhaoine nach bhfuil páirteach le CLG. Is cuma cá bhfuil tú páirteach, ta sé ríthábhachtach dhúinn mar thír go dtuigimid conas go n-oibríonn na rudaí so. Má tá an trealamh agat, ach muna bhfuil daoine ábalta an trealamh sin a oscailt tá sé chomh maith agat é a fhágaint sa mbosca.
‘Cuir amach in áit lárnach é. Bí siúráilte go bhfuil sé ullamh le himeacht i gcónaí, go bhfuil sé ullamh le hoibriú agus go bhfuil sé chargeáilte ar nós d’fhóin nó aon ní eile.’
Bhí cúrsa anseo againn sa gCumann le déanaí agus bhí daoine breá sásta leis, breá toilteanach le dul ann ach mholfainn ceann des na cúrsaí sin a dhéanamh gach aon tarna bliain nó rud éigint ionas go mbeadh a fhios agat go 100% cinnte má bhíonn ort dífhibrileoir a úsáid, conas é a úsáid.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gClár ‘Croí an Phobail’ nó ‘Community Heart’ ag an nasc seo: