Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Cluiche Ceannais Peile na hÉireann faoi Chaibidil ar Phodchraoladh #GAAgaeilge

Ciarraí v Áth Cliath faoi chaibidil ar phodchraoladh #GAAgaeilge na seachtaine seo

Ciarraí v Áth Cliath faoi chaibidil ar phodchraoladh #GAAgaeilge na seachtaine seo

San eagrán is deireanaí seo de phodchraoladh #GAAgaeilge labhraíonn Cian agus Cárthach ón Spota Dubh le hiarimreoir Átha Cliath, Brian Mullins, agus le hiarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, faoi na cathanna éagsúla atá amach romhainn fud fad na páirce i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann Dé Domhnaigh.

Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh anseo:

I measc na n-aíonna speisialta eile ar phodchraoladh na seachtaine seo tá Michael Newman, An Mhí, Paul Conroy, Gaillimh, Donie Breathnach, Port Láirge, Gary Brennan, An Clár, agus Paddy Kelly, Corcaigh, agus iad uilig ag nochtú a gcuid tuairimí i leith an chluiche mhóir Dé Domhnaigh. Cuirtear deireadh leis an gclár le tuilleadh plé ó Dharragh O’Brien, Ceatharlach, agus leis an iarimreoir de chuid na Gaillimhe, Fiachra Breathnach.

Craoltar podchraoladh oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael i gcomhar leis an Spota Dubh ó Raidió na Life. Bainigí taitneamh as an bhféasta mór peile seo atá againn dhaoibh san eagrán is deireanaí seo!