Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann: Luimneach v Port Láirge
Tabharfaidh Luimneach agus Port Láirge aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann Dé Domhnaigh
Le Liam de Lása
Chaitheas sé bliana de mo shaol ag múineadh na Gaelainne ar an teorainn idir Port Láirge agus Cill Chainnigh. Deirtear go réabann an teorainn síos trí Choláiste Pobail na Mainistreach agus tá cloiste agam go bhfuil a nguthanna aimsithe ag muintir na nDéise ó dhein a bhfoireann slad gan trócaire ar na Cait coicís ó shin. Bhímis síoraí seasta ag spochadh as a chéile ach le bheith macánta bhíos an-tógtha le sprid na nDéise agus mé ag múineadh ann.
Téann an sprid sin i bhfeidhm ort agus tugann siad an paisean gan staonadh leo nuair a théann siad amach ar an ngort imeartha. Tá áit tuillte ag Port Láirge i gcluiche ceannais iomána na hÉireann go deimhin, ach beidh idir stuaim agus phaisean ag teastáil chun Luimneach a chur de dhroim seoil agus deireadh obann a chur leis an nGorta Mór.
Bhí an dá fhoireann ana-mhall ag teacht chun beochana sna babhtaí leathcheannais agus bhí Port Láirge geall le bheith cloíte ag leath-am le fírinne. Níorbh é go raibh a mbuille aimsithe ag Cill Chainnigh sa chéad leath in ainneoin na bearna seacht gcúilín ar chlár na scór. D'eascair cuid mhór dá scóranna ó bhotúin neafaiseacha Phort Láirge, pocanna saora á ngéilleadh ró-bhog, agus easpa cruais sa líne lán-chosanta ba chúis leis an dá chúl.
Bhí moill ar bhláthú Luimnigh an lá dár gcionn agus bhí Gaillimh go mór in uachtar sa chéad cheathrú den chluiche. Thánadar chucu féin tar éis a ngob a fhliuchadh ag an gcéad bhriseadh uisce agus thugadar splancacha dá gcumas dúinn le scóranna ag teacht ó na gnáthfhoinsí scórála in Gillane, Hegarty, agus Tom Morrissey, a d'aimsigh 16 chúilín eatarthu. Fé mar a d'fhoghlaim Port Láirge i gCluiche Ceannais na Mumhan áfach, tá níos mó ná cleas amháin sa taisce ag fir na Sionainne.
Ildánacht Luimnigh
Bhíos féin an-amhrasach nuair a chonac Kyle Hayes athlonnaithe siar ar an gcliathán ag uimhir a seacht ar dtúis. Thóg sé go dtí an chéad leath i gcoinne na Gaillimhe chun mé a shásamh agus tuigim anois luach a lúthchleasaíochta ag réabadh suas an líne nuair nach féidir leo imeacht fada leis an tseilbh. Le fírinne, is í an líne sin an líne is láidre a chonacthas sa chraobh i mbliana. Ní hamháin gur cosantóirí den chéad scoth iad Diarmuid Byrnes agus Declan Hannon ach tá 12 chúilín tagtha ón líne sin le trí chluiche anuas. Má tá cosa Kyle Hayes ar chliathán Luimnigh in ann stráicí sáile a fhágaint ina dhiaidh ar thaobh amháin áfach, beidh sé ag súil le hionradh Callum Lyons isteach ina bpaiste féin mar atá déanta aige uair i ndiaidh a chéile i mbliana!
Na Déise faoi Bhláth
Tar éis dom féachaint siar ar an gcéad leath arís ní raibh Port Láirge leath chomh holc is a cheapas ar an gcéad éachaint. Ráinigh go rabhadar ag gluaiseacht go maith ach ba é an míchruinneas agus easpa smachta a gcosantóirí mar a luaigh mé thuas a d'fhág taobh thiar iad ag an sos. Bhí sé cinniúnach gur tháinig báire Stephen Bennett ag tús an tarna leath chun tús a chur le haiséirí na nDéise. D’imríodar amhail is go raibh na geimhle bainte díobh agus thugadar greadadh ceart do Chill Chainnigh. Ní fhaca mé Port Láirge chomh ceannasach san aer ó thús na mílaoise is a bhíodar sa tréimhse san. Más féidir leis na fathaigh Jack Fagan agus Austin Gleeson an tseilbh chéanna a ghabháil ón bpoc amach arís beidh na Déise fós ann le deich nóiméad fágtha ar an gclog.
Tá guth an réasúin ag rá linn go bhfuil Luimneach ar an bhfód rófhada chun go mbainfear barrthuisle astu ag an gclaí deireanach. Ní fhacamar barr a nirt go fóill agus sin mar is fearr leo é. Tá guth an traidisiúin dár bpriocadh le hamhras ag an am céanna agus sinn ag teannadh le ceann scríbe go bhfuil casadh amháin eile i ndán dúinn sula gcuirfimid bliain na réabhlóide dínn i gceann trí seachtaine. Beidh mo chroí i gcampa na nDéise ar an Domhnach ach tá mo cheann ag rá liom go bhfuil tuilleadh le nochtadh ag Luimneach. Anois an t-am chun gach rún a sceitheadh.