Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann faoi chaibidil ar Phodchraoladh #GAAgaeilge
Cill Chainnigh V Tiobraid Árann, 18ú Lúnasa, 2019
San eagrán is deireanaí seo de phodchraoladh oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael pléann Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais ón Spota Dubh, Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann agus an ghéarchoimhlint atá amach romhainn idir Chill Chainnigh agus Thiobraid Árann, Dé Domhnaigh.
I measc an painéal mór aíonna atá ar an eagrán speisialta seo den phodchraoladh #GAAgaeilge tá Michael Rice, Cill Chainnigh, Páidí Ó Néill, Tiobraid Árann, Niall Ó Muineacháin, Cill Dara, Rory O’Carroll, Áth Cliath, Tony Ó Murchú, Cill Dara, Cathal King, Luimneach, Paul Flanagan, An Clár, Darragh Ó Conaill, Áth Cliath agus Niall Mac an tSaoir.
Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh anseo: https://soundcloud.com/user-147517856/cluiche-ceannais-iomana-na-heireann-2019
Cuirtear podchraoladh oifigiúil CLG ar fáil i gcomhar leis An Spota Dubh ó Raidió na Life.