CLG Ó Ghlúin go Glúin - GAA Generations
CLG Ó Ghlúin go Glúin - GAA Generations

CLG Ó Ghlúin go Glúin - GAA Generations


Tá traidisiún saibhir láidir againn in Éirinn de bheith ag cur ar aghaidh ár gcuid scéalta ó ghlúin go glúin. Le ceiliúradh cuí a dhéanamh air sin, agus le tuiscint níos fearr a fháil ar thábhacht CLG dár gcuid ball, tá an togra taighde béil ‘GAA Generations’ seolta againn.

Cad é ‘GAA Generations’?

Tá sé an-simplí! Tá cuireadh á thabhairt againn do bhaill óga, idir 12-21 bliain d’aois, de chuid CLG, Chumann Peile na mBan agus an Cumann Camógaíochta taifid a dhéanamh ar a bhfóin phóca d’agallaimh le daoine fásta; daoine a bhfuil meas acu orthu agus atá os cionn 55 bliain d’aois. Mar shampla, tuismitheoir/seantuismitheoir, cóitseálaí, iarmhúinteoir nó múinteoir reatha a chabhraigh leis an duine óg barr a c(h)umais a bhaint amach.

Tabharfar deis do na daoine fásta agallamh a chur ar an dream óg faoina gcuid scéalta CLG féin, freisin, agus faoin mbealach ar chabhragh CLG lena múnlú mar dhaoine.

Cad é aidhm an togra?

Tá sé d’aidhm ag ‘GAA Generations’ idir 500-1,000 ball de chuid CLG, Chumann Peile na mBan agus An Cumann Camógaíochta (atá idir 12-21 bliain d’aois) a earcú. Gheobhaidh na daoine seo traenáil ar líne maidir leis an gcaoi is fearr leis na hagallaimh a dhéanamh.

Stórálfar na hagallaimh, a ndéanfar taifead orthu ar fhóin chliste agus ina mbeidh grianghraif díobh iniata leo, ar ardán ríomhfhoghlama CLG agus foilseofar iad mar chuid de chartlann CLG. Gheobhaidh gach duine a ghlacann páirt sa togra Teastas Rannpháirtíochta UNESCO do dhaoine óga.

Cén chaoi a bhfuil mé in ann páirt a ghlacadh ann?

Más ball de chuid CLG, Chumann Peile na mBan nó An Cumann Camógaíochta tú atá idir 12-21 biain d’aois agus má tá suim agat páirt a ghlacadh sa togra taighde seo líon isteach an fhoirm léirithe spéise seo a leanas: expression of interest form.

Más múinteoir tú agus dá mba mhian leat go mbeadh do chuid daltaí páirteach ann, gabh chuig an leathanach seo a leanas: Teacher Classroom Activity Page.

Cén chaoi a n-oibríonn sé?
CÉIM 1 – Cuirfear scéala chuig na rannpháirtithe a roghnaítear agus ní mór do na rannpháirithe sin páirt a ghlacadh i seimineár eolais ar líne (dáta le deimhniú).

CÉIM 2 – Ní mór do rannpháirtithe modúl oiliúna ar líne a dhéanamh ar ardán ríomhfhoghlama CLG.

CÉIM 3 – Ainmneoidh na rannpháirtithe an duine atá os cionn 55 a bheidh á chur faoi agallamh acu agus cuirfidh siad agallamh 15 nóiméad, nó mar sin, orthu ar a bhfóin chliste.

CÉIM 4 – Déanfar na hagallaimh a uaslódáil chuig ardán ríomhfhoghlama CLG.

CÉIM 5 – Cuirfear Teastas Rannpháirtíochta UNESCO do dhaoine óga chuig na rannpháirtithe.

CÉIM 6 – Déanfaidh taighdeoirí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, anailís ar na hagallaimh.

CÉIM 7 – Déanfaidh an t-aisteoir Éireannach, Cillian Murphy, guthú ar fhíseán ina bhfuil torthaí uile an togra.

Tuilleadh eolais: gaagenerations@gaa.ie nó Stephen Quinn ar +353 (0) 1 819 2387

Tá maoiniú faighte ag ‘GAA Generations’ ó Rannóg Mheabhairshláinte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tríd an Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc. Glacfar le líon teoranta rannpháirtithe ag brath ar chúrsaí anailíse.