Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

feature

CLG na Rinne ag rith ó dhubh go dubh sa GAA Healthy Club Steps Challenge

GAA Healthy Club Steps Challenges ag gabháil ó neart go neart

GAA Healthy Club Steps Challenges ag gabháil ó neart go neart

Le Jamie Ó Tuama

Tá ‘Dúshlán na gCéimeanna’ de chuid Chumainn Fholláine CLG faoi lánseol faoin tráth seo agus tá clubanna fud fad na tíre ag rith agus ag siúl ó cheann ceann a gcuid paróistí ag iarraidh ciliméadair mhóra a chur díobh thar ceann a gcuid clubanna. 25,000 duine agus os cionn 600 club ar fad atá páirteach sa GAA Healthy Club Steps Challenge i gcomhar le Irish Life's MyLife App, i mbliana.

I measc na gclubanna atá páirteach i ‘nDúshlán mór seo na gCéimeanna’ i mbliana tá CLG na Rinne atá lonnaithe i Rinn Ó gCuanach ar chósta Phort Láirge, ceithre mhíle ó dheas de Dhún Garbhán. Labhair mé le Cathaoirleach an chlub, Pádraig Ó hArtaigh, le gairid agus mhínigh sé dom céard a bhí taobh thiar den chinneadh tabhairt faoin dúshlán seo i mbliana:

‘Is dócha go raibh saghas bearna ann. Bhíodh cumann lúthchleasaíochta sa Rinn na blianta ó shin faoi stiúir Jimmy Costin ach is dócha nach bhfuil a leithéid sin ar fáil sa Rinn le blianta anuas. Tá suim ag slua maith daoine ina leithéid a bhíonn ag rith le Cumann Lúthchleasaíochta ‘West Waterford’.

Is dócha go raibh suim i gcónaí sa rith agus bhí bearna ann. Beartaíodh go dtosófaí saghas cumainn nua leis an lúthchleasaíocht ach gan an brú iomaíochta a bheith bainteach leis. Mar sin, bheartaigh Evelenn Uí Dhrocháin, Libby McGinn, Darren Ó Droma, Pat Devereux agus Dave Ó Tuathaigh cumann a thosnú agus sin ‘Céim ar Chéim’ agus sin go díreach cad tá ann!

Ní rud ródháiríre a bhí uathu ach díreach rud le daoine a mhealladh le dul amach ag rith. Mar sin, roimh an Nollaig, le linn Dheireadh Fómhair, na Samhna agus na Nollag dheineadar cúrsa amach sa Rinn ag tosú ag Ceann Heilbhic ar imeall na farraige agus shíneadar amach an cúig chiliméadar leis. Chuireadar mairc ar an mbóthar san áit ar bhuail siad an 2,500 céim chun teacht ar ais. Bhí sé thar a bheith suntasach ar fad. Bhí sé ar fheabhas.’

Mhínigh Pádraig gur éirigh leo daoine ar gach aois a mhealladh agus go bhfuil spiorad maith pobail le brath ina measc siúd atá ag glacadh páirte sa dúshlán. Tá os cionn 100 duine ar fad ón gclub páirteach ann:

‘Bhí go leor daoine agus an-chuid clannta á dhéanamh dáiríre, ó dhaoine nach raibh taithí acu ar rith go dtí daoine a bhfuil maratóin déanta acu. Mheall sé an-chuid chun é a dhéanamh.

Is dóigh liom go bhfuil an duine is óige ann sé bliana d’aois agus tá daoine críonna ann chomh maith, leis na matáin fós ag gluaiseacht go maith acu a dhein chomh maith é.

Bhí slua millteach ann agus anois leis an gCéim ar Chéim tá gach aoinne á dhéanamh leo féin agus tádar ag cur isteach na n-amantaí atá acu gach seachtain. Déanann siad trí huaire sa tseachtain é agus tá thart ar 100 duine á dhéanamh faoi láthair agus go leor imreoirí ó na foirne éagsúla agus ón gCumann Camógaíochta ina measc.

Tá grúpa ón Meánscoil á dhéanamh chomh maith. Mar sin, tá an-suim ag gach aoinne ann agus is slí an-mhaith chun daoine a mhealladh is a ghríosadh le dul amach agus píosa rith a dhéanamh.’

Tá an club an-sásta go bhfuil rud éigin ag na baill, idir óg agus aosta, agus ag an bpobal lena gcoinneáil gnóthach agus aclaí le linn na dianghlasála reatha mar a mhínigh Pádraig:

‘Ta buachaillí agus cailíní óga á dhéanamh ó 6 bliana d’aois agus ní chreidim go bhfuil siad in ann é a dhéanamh. Bíonn orthu sos a thógáil anseo agus ansiúd ach, fós, tá siad in ann é a dhéanamh!

Tá grúpa de na cailíní atá ina mbaill den chumann camógaíochta atá á dhéanamh chomh maith agus téann siad amach lena gclannta. Tá sé ana-shábháilte agus tá ag éirí go hiontach leis.

Is rud ana-dheas do Chumann Lúthchleas Gael chomh maith mar sa réamhshéasúr seo, seo am maith chun dul amach agus na céimeanna san a dhéanamh. Is dócha nach bhfuil a fhios againn go díreach cathain a thosóidh muid i gceart i mbliana ach is túsphointe maith é seo chun tús a chur leis an mbliain ar aon nós!’

Tá óg is aosta páirteach i 'nDúshlán na gCéimeanna' sa Rinn!

Tá óg is aosta páirteach i 'nDúshlán na gCéimeanna' sa Rinn!

Dar le Pádraig, tá tábhacht mhór ag baint le ‘Dúshlán na gCéimeanna’ ó thaobh na sláinte agus an phobail de agus tá go leor cúiseanna éagsúla go bhfuil baill de chuid CLG na Rinne agus pobal na Rinne i gcoitinne ag glacadh páirte ann.

‘Tá sé ana-thábhachtach. Ar thaobh amháin tá na daoine atá bainteach le CLG, bíonn siadsan ceart go leor de ghnáth mar bíonn siad ag traenáil agus a leithéid ach na daoine atá críochnaithe lena leithéid, tá sé ana-thábhachtach dóibh agus uaireanta ní bhíonn an méid san ar fáil do dhaoine mar sin go háirithe i bparóiste beag.

B’fhéidir nach mbíonn cumainn áirithe ann dóibh agus is rud ana-thábhachtach é chun daoine a mhealladh chun teacht amach. Nuair a chíonn tú daoine amuigh ag rith, cinnte meallann sé daoine eile chun an rith chéanna a dhéanamh.’

Dar ndóigh, is é an rud is tábhachtaí d’imreoirí club ar bith ná an traenáil agus na cluichí. Tá muintir na Rinne ag súil go mór le bheith ar ais i mbun gnáthchúramaí de chuid an chlub nuair a bheidh scaipeadh Covid-19 faoi smacht an athuair. Mar sin féin, tá siad buíoch den bhriseadh tús bliana agus is léir go bhfuil an dream a thugann aire don pháirc buíoch, ach go háirithe!

‘Tá muid ag súil go mór leis anois i mbliana. Tá go leor ar bun is dócha. Tá sé deas go bhfuil píosa ama ag gach aoinne chun díriú ar rudaí áirithe, ó thaobh foirne bainistíochta de agus ó thaobh pleananna a chur le chéile. Níl aon bhrú orainn.

Bhí an cruinniú cinn bhliana againn roimh an Nollaig ansin. Mar sin, tá gach rud réidh chun dul. Uaireanta bíonn brú millteach, go háirithe ag deireadh mhí Feabhra nó mhí an Mhárta, a bheith réidh do na cluichí agus bíonn sé deacair rith sa slad thuas sa bpáirc agus loit á déanamh uirthi nuair a bhíonn traenáil ar siúl an t-am seo bliana.

Tá sé deas go bhfuil gach duine ag déanamh a rud féin, leo féin agus nuair a bheidh tús curtha leis i gceart, beidh muid réidh. Má smaoiníonn tú air, bheadh ceithre nó cúig seachtaine déanta againn go dtí seo i ngnáthshéasúr.

Níl an ghileacht ag teacht go dtí anois agus, mar sin, beidh sé go deas nuair a chíonn muid an difríocht a bheidh ann ag deireadh mhí Feabhra i gcomparáid le mí Eanáir.

Tá sé deas ag smaoineamh i gceann míosa eile nó i gceann sé seachtaine eile go mbeidh muid thuas sa bpáirc le chéile arís agus ag tosú ar an obair le chéile arís. Is dóigh liomsa go mbeidh sé go hálainn a bheith ag imirt cluichí arís sa samhradh nuair atá gach duine sa mbaile.’

Idir an dá linn coinneoidh muintir na Rinne orthu ag rith ó dhubh go dubh agus na ciliméadair á gcur suas acu mar chuid de ‘Dhúshlán na gCéimeanna’. Ag deireadh mhí Eanáir bhí 4,350 ciliméadar curth díobh acu. Cuirfear deireadh leis an dúshlán ar 3 Márta agus tá dearbháin de luach €2,500, €1,500 agus €1,000 le buachan i ngach cúige do chlubanna a n-éiríonn leo níos mó ná 4,000 ciliméadar a rith. Is ionann 4,000 ciliméadar agus siúlóid thimpeall ar chósta na hÉireann!

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil faoin GAA Healthy Club Steps Challenge ANSEO