Caitheann Marc Ó Sé agus Coman Goggins súil chun tosaigh ar athimirt Chluiche Ceannais Peile na hÉireann ar phodchraoladh GAAgaeilge
Tabharfaidh Ciarraí agus Áth Cliath aghaidh ar a chéile arís eile Dé Sathairn
Le Jamie Ó Tuama
Tar éis an chomhscóir idir Áth Cliath agus Ciarraí i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann ar an gcéad Domhnach den mhí tá féasta mór eile peile amach romhainn Dé Sathairn seo chugainn, 14 Meán Fómhair. Sa phodchraoladh oifigiúil is deireanaí seo de chuid Chumann Lúthchleas Gael caitheann Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais ón Spota Dubh súil chun tosaigh ar an athimirt idir an dá fhathach seo i ndomhan na peile i gcomhluadar Mhairc Uí Shé agus Coman Goggins.
I measc na n-aíonna eile a thugann a gcuid tuairimí faoin gcluiche ar an eagrán is deireanaí seo den phodchraoladh tá Brian Darby, Uíbh Fhailí, Charlie Vernon, Ard Mhacha, Dessie Mone, Muineachán, Paddy Kelly, Corcaigh agus Cian Kiely.
Éist leis an gclár uilig anseo
Craoltar podchraoladh oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael i gcomhar leis an Spota Dubh ó Raidió na Life.