Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Cabhraigh linn todhchaí Chumann Lúthchleas Gael a mhúnlú

Tá Cumann Lúthchleas Gael ag iarraidh ar imreoirí, bhaill agus ar lucht leanta cabhrú linn Plean Straitéiseach CLG 2021-2016 a mhúnlú

Tá Cumann Lúthchleas Gael ag iarraidh ar imreoirí, bhaill agus ar lucht leanta cabhrú linn Plean Straitéiseach CLG 2021-2016 a mhúnlú

Le Jamie Ó Tuama

D’fhonn cabhrú le céad phlean straitéiseach eile Chumann Lúthchleas Gael a fhorbairt, tá an Cumann ag gabháil i mbun comhairliúcháin le réimse mór daoine ó mhí Aibreáin na bliana seo. Líonadh isteach suirbhéanna agus cuireadh grúpaí fócais le chéile le grúpaí éagsúla ball, lucht leanta agus páirtnéirí. Ba mhaith linn anois, cuireadh a thabhairt do bhaill uile CLG, do lucht leanta na gcluichí agus don phobal i gcoitinne cabhrú linn na tosaíochtaí agus na ceisteanna is tábhachtaí a aimsiú don Chumann do na blianta atá le teacht.

Tá na ceisteanna seo dírithe ar an aiseolas uilig atá faighte againn go dtí seo. Mar sin féin, tá Coiste Stiúrtha an Phlean Straitéisigh agus iarraidh go mbeadh deis ag gach duine a dtuairimí a nochtadh. Déanfar athbhreithniú ar gach aiseolas le linn ceardlanna éagsúla a bheidh á reáchtail ag an gCoiste Stiúrtha agus cuirfear an plean os comhair Choiste Bainistíochta Chumann Lúthchleas Gael ag an bpointe sin.

Úsáid do ghlór agus cabhraigh linn todhchaí Chumann Lúthchleas Gael a mhúnlú. Is féidir an suirbhé a líonadh isteach as Gaeilge ANSEO