Buaiteoirí Chomórtais #GAAgaeilge Sheachtain na Gaeilge Fógartha
Am Comórtais
Le Jamie Ó Tuama
Tá buaiteoirí chomórtais #GAAgaeilge Sheachtain na Gaeilge i gcomhar le O’Neills fógartha. Iarradh ar pháistí bunscoile pictiúr a tharaingt bunaithe ar a ‘Laoch CLG’. Iarradh ar lucht meánscoile scéal a scríobh ar an ábhar céanna agus mar chuid den chomórtas céanna. Bhí comórtas crosfhocail ann do dhaoine fásta.
Tar éis do na moltóirí scagadh a dhéanamh ar na céadta iontrálacha (beagnach 600) a tháinig isteach le roinnt seachtainí anuas ba iad na daoine thíos a roghnaíodh mar bhuaiteoirí. Tá ‘pacáiste de chuid O’Neills’ buaite don iarratas ceart crosfhocail a tarraingíodh as hata agus don iarratas bunscoile/meánscoile is fearr. De bharr an t-éileamh a bheith chomh mór sin ar an gcomórtas bunscoile/meánscoile chuir O’Neills ‘rogha geansaí’ ar fáil mar dhara duais.
Déanfar teagmháil leis na buaiteoirí sna laethanta amach romhainn. Foilseofar cuid de na hiarratais i Nuachtlitir na gClubanna agus i 'Cuaille' - iris Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael - amach anseo.
Comórtas Crosfhocail
Buaiteoir: Marian Uí Chonghaile
Comórtas Bunscoile/Meánscoile
Buaiteoirí: Seán Bermingham
Dara háit: Liam Ó Caoindealbháin
Is féidir breathnú ar stoc O’Neills ar a suíomh idirlín anseo.