Boinn de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le bronnadh ar 37 club
Lá Mór na Gaeilge i dTuar Mhic Éadaigh an tseachtain seo caite
Tugadh dea-scéal do 37 club an tseachtain nuair a fógraíodh go raibh 37 bonn le bronnadh ar chlubanna fud fad na tíre mar aitheantas ar a gcuid oibre ag cur chun na Gaeilge ina gcuid clubanna. 189 club ar fad a ghlac páirt san Fhondúireacht i mbliana.
26 club ar fad a ghnóthaigh an bonn cré-umha, 6 club a ghnóthaigh an bonn airgid agus cúig cinn ar fad a ghnóthaigh an bonn óir – Cumann Caide na Gaeltachta ó Chiarraí, CLG Thuar Mhic Éadaigh ó Mhaigh Eo agus Cumann Peil na mBan, Maigh Cuilinn, CLG na Ceathrún Rua agus CLG Chárna Caiseal ó Chonamara. Bronnfar na boinn ar na clubanna ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh le linn 2022.
Scéim í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha de chuid Chumann Lúthchleas Gael agus Ghlór na nGael a thugann aitheantas do chlubanna a bhíonn gníomhach agus iad ag cur chun cinn na Gaeilge ina gcuid clubanna.
Dúirt Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Gráinne McElwain:
‘Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na clubanna sin ar éirigh leo boinn de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a bhaint amach i mbliana. Ba mhaith liom tréaslú ach go háirithe le CLG Thuar Mhic Éadaigh, Cumann Peil na mBan, Maigh Cuilinn, CLG na Ceathrún Rua, CLG Chárna Caiseal agus le Cumann Caide na Gaeltachta, ar éirigh leo an bonn óir a bhaint amach.
‘Aidhm an-tábhachtach de chuid Chumann Lúthchleas Gael é cur chun cinn na Gaeilge agus ábhar mór bróid dúinn go bhfuil an scéim seo i measc na scéimeanna is mó Gaeilge a bhfuil ann.
‘Ba mhaith liom mo mhíle buíochas a ghabháil, freisin, le Glór na nGael, páirtnéirí an Chumainn sa scéim seo. Bíonn foireann dhíograiseach Ghlór ag obair ar an scéim seo go laethúil agus tá forbairt mhór mhillteach déanta acu uirthi ó cuireadh ar bun í roinnt blianta ó shin.’
Dúirt Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael:
‘Cuireann rannpháirteachas gníomhach na gcumann san fhondúireacht seo go mór le feiceálacht agus le húsáid na Gaeilge i gclubanna CLG fud fad na tíre. Is cúis áthais dúinn go bhfuil éileamh láidir ar an scéim i gcónaí agus go bhfuil muid ag feiceáil torthaí na hoibre ar an talamh sna pobail.’
Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ANSEO
Boinn Óir:
CLG Thuar Mhic Éadaigh, Maigh Eo
Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn, Gaillimh
CLG na Cheathrún Rua, Gaillimh
CLG Chárna Caiseal, Gaillimh
Cumann Caide na Gaeltachta, Ciarraí
Boinn Airgid:
Bearna – Na Forbacha (Iománaíocht), Gaillimh
CLG An Ríocht, An Dún
CLG Naomh Peadar, Ard Mhacha
CLG Bhaile Buadáin - Naomh Éanna, Áth Cliath
CLG Naomh Colmcille, Tír Eoghain
CLG An Clochán Liath, Dún na nGall
Boinn Chré-umha:
CLG Chabán tSíle, Áth Cliath
CLG Clanna Gael Fontenoy, Áth Cliath
CLG Fhánaithe Baile Buadáin, Áth Cliath
CLG Na Cloigthithe, Áth Cliath
CLG Naomh Barróg, Áth Cliath
CLG Naomh Pádraig, Áth Cliath
CLG Shairséalaigh Leamhcáin, Áth Cliath
CLG Chill Mhichíl, An Clár
CLG An Ghleanna, An Dún
CLG Ard Ghlais, An Dún
CLG Chlann na Banna, An Dún
CLG Bhaile Mhic an Aba, Ard Mhacha
CLG Na Piarsaigh, Ard Mhacha
CLG Uí Raithilligh, Ard Mhacha
CLG Achadh Mórdha, Cill Dara
CLG Bhaile Éilís, Cill Dara
CLG Mhainistir Eimhín, Cill Dara
CLG Nás na Ríogh, Cill Dara
CLG Na Piarsaigh, Doire
CLG Naomh Trea, Doire
CLG Bhaile na nGallóglach, Dún na nGall
CLG Bhealach na Leice, Fear Manach
CLG Naomh Iósaf Eadarnaigh, Fear Manach
CLG Mungairit Naomh Póil, Luimneagh
Peil na mBan – Pailís Ghréine, Luimneach
CLG Ghaeil Mhaigh Eo, Maigh Eo