Bíodh Gach Seachtain ina ‘Seachtain na Gaeilge’ le GAAgaeilge!
#GAAgaeilge Abú!
Le Jamie Ó Tuama
Tá féile Sheachtain na Gaeilge díreach thart ach ní hionann sin is a rá nach féidir linn ár gcuid Gaeilge a chleachtadh arís go dtí mí Márta na bliana seo chugainn! Ábhar bróid don chumann an méid ball, clubanna, conteatha agus cúigí fud fad na tíre a ghlac páirt san fhéile i mbliana, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus ghlac go leor páirt sa chomhrá ar líne ag #GAAgaeilge, freisin. Ná cuirimis deireadh leis an gcomhrá anois! Coinnímis orainn ag cur chun cinn na Gaeilge inár gcuid clubanna agus inár gcuid pobal. Bíodh an Ghaeilge ag croílár ár gclubanna agus ár gCumainn!
Tá Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge sna clubanna agus bhí os cionn 200 club cláraithe leis an scéim seo anuraidh. Scéim í do chlubanna CLG atá á riar ag Glór na nGael i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael. Tá gach eolas faoin bhFondúireacht ar fáil anseo: https://www.glornangael.ie/clg/. Mara bhfuil do chlub cláraithe, cláraigh go beo iad!
Bíonn an Ghaeilge le feiceáil ar ardáin chumarsáide CLG ar bhonn laethúil agus is féidir teacht ar an nuacht is deireanaí #GAAgaeilge ar shuíomh idirlín CLG anseo: https://www.gaa.ie/the-gaa/cultur-agus-gaeilge/cultur-agus-gaeilge. Leanfar ag cur podchaoltaí Gaeilge ar fáil i gcomhar le Cian agus Carthach ón An Spota Dubh. Bíonn ‘Cuaille’ – iris Ghaeilge an Chumainn – ar fáil uair sa ráithe agus bíonn ailt rialta le feiceáil i Nuachtlitir na gClubanna gach mí.
Bíonn turais ar Pháirc an Chrócaigh ar fáil do ghrúpaí móra ach iad a lorg ó Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh. Bíonn comórtas scríbhneoireachta Gaeilge á reáchtáil ag an Músaem gach bliain, freisin. Bíonn iarratais Ghaeilge – idir amhráin, nuachleasanna agus scéalaíocht/aithriseoireacht – ag babhtaí de chuid Scór. Eagraítear na comórtais seo go dátheangach agus bíonn go leor Gaeilge le cloisteáil ag Scór i gcónaí. Tugtar rogha do gach dalta idirbhliana a dhéanann an clár ‘Ceannairí don Todhchaí’ nó ‘Future Leaders’ é a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge.
Bíonn Cúl Camps ar fáil trí Ghaeilge ach an t-éileamh a bheith ann ó chlubanna. Tá acmhainní cóitseála Gaeilge, ‘Céim Ar Aghaidh’ ar fáil do mhúinteoirí agus do chóitseálaithe anseo: https://learning.gaa.ie/gaeilgepeceim
Bronntar Gradam Mhic Con Mídhe don phíosa iriseoireachta Gaeilge is fearr a bhaineann le cúrsaí CLG gach bliain. Bronnann Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael ‘Gradam Gaeilge an Uachtaráin’ ar dhuine a bhfuil éachtaí saoil déanta acu i gcur chun cinn na Gaeilge sa Chumann gach bliain, freisin.
Ní féidir gabháil go Páirc an Chrócaigh ar lá mór cluichí gan an Ghaeilge a chloisteáil ó Jerry Grogan, fear tí Pháirc an Chrócaigh ar laethanta cluichí. Ní féidir gabháil ann gan ailt Ghaeilge a léamh sa chlár oifigiúil ó Mhártan Ó Ciardha nó ó Mhac Dara Mac Donncha, gan Ghaeilge a léamh i dTeachtaireacht an Uachtaráin agus gan í a fheiceáil i gCúinne na nÓg sa chlár. Tá comharthaíocht dhátheangach le feiceáil ar fud na staide agus ar an scáileán mór – gan trácht ar shúil an tseabhaic. An bhfuil sé/sí thar an trasnán? 'Tá' nó 'Níl'!
Ceaptar Oifigeach Gaeilge i ngach contae gach bliain agus bíonn áit ag an té a cheaptar ar Bhord an Chontae. Bíonn Oifigeach Gaeilge le ceapadh i ngach club, freisin. Cuirigí aithne orthu!
Tá blaisín beag de na rudaí a dhéanann Cumann Lúthchleas Gael chun an Ghaeilge a chur chun cinn le feiceáil thuas. Coinnímis orainn ag cur na Gaeilge ag croílár ár gCumainn. Eagraímis ócáidí agus imeachtaí Gaeilge ag leibhéal an chlub, an chontae, an chúige agus go náisiúnta ó cheann ceann na bliana. Déanaimis ceiliúradh ar ár dteanga náisiúnta, ní hamháin le linn Sheachtain na Gaeilge, ach le linn na bliana ar fad. #GAAgaeilge abú!
Labhraímis í agus mairfidh sí!