Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Babhta 2 de Chiste Deontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar oscailt

Bíonn Cumann Lúthchleas Gael agus Glór na nGael ag comhoibriú le chéile agus Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha á chur chun cinn

Bíonn Cumann Lúthchleas Gael agus Glór na nGael ag comhoibriú le chéile agus Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha á chur chun cinn

Tá Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ag glacadh le hiarratais ar dheontais ó chlubanna atá cláraithe leis an bhFondúireacht le haghaidh babhta 2 de scéim deontas na bliana seo chomh maith le babhta speisialta ar leith dírithe ar obair teaghlaigh.

Tá deontas de suas le €700 ar fáil anois do chlubanna atá rannpháirteach sa scéim teanga Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Tabharfar tús áite sa bhabhta seo do thionscadail chruthaitheacha a chuireann le húsáid na Gaeilge ar an talamh sa chlub. Cuirfidh an Fhondúireacht maoiniú meaitseála ón gciste ar fáil d’imeachtaí incháilithe ar bhonn €2 do gach €1 a chuireann an club féin ar fáil. Tá uasmhéid de €700 ar dheontas a thabharfar d’aon chlub sa bhabhta seo, sin €1,050 san iomlán le caitheamh ar thionscadal le bunsíntiús an chlub san áireamh.

Déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha ag Glór na nGael (clg@glornangael.ie) chun foirm iarratais a fháil maraon le heolas ar théarmaí agus ar choinníollacha na scéime. Tá an maoiniú seo ar fáil ag clubanna atá cláraithe amháin. Mar sin, moltar d’aon chlub eile a chuirfeadh suim sa deontas teagmháil a dhéanamh le Glór na nGael chun clárú leis an bhFondúireacht. Is é an Déardaoin, 20 Deireadh Fómhair 2022, an dáta deiridh iontrála don scéim seo.

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil faoi scéim ANSEO.