Gary Brennan ar an ionsaí don Chlár
Gary Brennan ar an ionsaí don Chlár

Ár gCluichí, Ár Laochra #6 – Gary Brennan


Is é laoch mór Bhaile Aodha, Chluain Dá Ghad agus an Chláir, Gary Brennan, an duine is deireanaí le gabháil faoin spotsholas mar chuid den tsraith ‘Ár gCluichí, Ár Laocha’. Tá Gary ag tús cadhnaíochta do pheileadóirí an Chláir le tamall de bhlianta anuas agus d’éirigh leis cluiche ceannais iomána na hÉireann a bhaint amach lena chlub, Baile Aodha, sa bhliain 2017.

Ainmníodh é ar phainéal na hÉireann do na cluichí idirnáisiúnta in aghaidh na hAstrála i 2015 agus i 2017 mar aitheantas ar a chuid éachtaí peile.

‘Is aoibhinn liom an Ghaeilge. Nuair a bhí mé i mo leaid óg sa bhunscoil, spreagadh grá ionam don teanga agus tá sé sin liom fós. Sílim gur cuid de m’fhéiniúlacht í, is cuid de m’anam í agus táim an-bhródúil aisti.’

Gary Brennan, Meitheamh 2019

Cuirmis aithne níos fearr ar Gary anseo thíos!

Ainm: Gary Ó Braonáin

Aois: 30

Club: Baile Aodha (iomáint) & Cluain Dá Ghad (peil)

Contae: An Clár

An scannán is fearr leat? Toy Story

An banna ceoil is fearr leat? Hermitage Green nó Imagine Dragons

An áit is fearr leat? Baile nó áit éigin cois trá

An bia is fearr leat? Arán mo mháthar

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Martin Daly

An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag dul ag traenáil le m’athair nuair a bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann áitiúil

An chéad uair ar imir tú le do chontae: 2005 don fhoireann mionúr i gCiarraí, 2007 do fhoireann na sinsear sa chéad bhabhta den tsraith i gCeatharlach

An t-imreoir is fearr le himirt leat: David Tubridy

An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh: An-deacair duine amháin a phiocadh amach anseo...Conor McManus, Michael Murphy, Aidan O’ Shea, Seán Cavanagh, Kevin Feely – bagairtí difriúla acu go léir

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche ceannais bunscoile!

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: Ag dul ó Roinn 4 go Roinn 2 sa tsraith, cluiche ¼ ceannais na hÉireann i 2016, deiseanna a fuair mé imirt d’Éirinn

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Craobh Idirmheánach le Cluain Dá Ghad, Craobh na Mumhan & Cluiche Ceannais na hÉireann le Baile Aodha

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Mo theaghlach uilig, ach m’athair go háirithe

Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Déan cleachtadh ar na bunscileanna go rialtataithí orthu siúd a dhéanfaidh máistreacht, agus bíodh muinín agat asat féin

Aon chaitheamh aimsire eile? Galf ó am go chéile, léitheoireacht, féachaint ar aon spórt a bhíonn ar siúl

Gluais / Glossary

laoch – hero / spotsholas – spotlight / ag tús cadhnaíochta – to the fore / idirnáisiúnta – international / aitheantas – recognition / éachtaí – achievements / aoibhinn – love / spreagadh – encouragement / féiniúlacht – identity / anam – soul / bródúil – proud / cois trá – by the sea / áitiúil – local / sraith – league / bagairtí – threats / deiseanna – opportunities / teaghlach – family / go háirithe – especially / bunscileanna – basic skills / go rialta – regulary / taithí – experience / muinín – confidence