Ár gCluichí, Ár Laochra #28 – Eoin Carroll
Eoin Ó Cearúill ag tabhairt faoi scór in aghaidh Ard Mhacha sa tSraith Náisiúnta i 2017
Le Jamie Ó Tuama
San eagrán is deireanaí seo de Ár gCluichí, Ár Laochra, cuireann muid 20 ceist sciobthaí ar laoch peile Uíbh Fhailí agus Cheapach an Churraigh, Eoin Ó Cearúill.
D’imir Eoin le peileadóirí sinsir Uíbh Fhailí don chéad uair thiar sa bhliain 2013 agus ó shin i leith tá sé ag tús cadhnaíochta i lár na páirce dá chlub agus dá chontae. Tá os cionn 70 cluiche imeartha aige faoin tráth seo lena chontae.
Fear mór Gaeilge é Eoin, freisin, atá an-bhródúil as a theanga agus a fhéiniúlacht.
‘Tá an Ghaeilge chomh tábhachtach domsa. Is duine Éireannach mé agus táim fíorbhródúil as m’fhéiniúlacht agus ár dteanga dhúchais. Thosaigh an tsuim seo nuair a bhí mé níos óige ag dul chuig Coláiste Lurgan sa samhradh agus nuair a rinne mé staidéar ar an teanga ar scoil, freisin, le mo mhúinteoir an tUasal Ó Donnabháin as Corcaigh.’
Deireadh Fómhair, 2021
Mar a d’fhreagair Eoin ár gcuid ceisteanna!
Ainm: Eoin Ó Cearúill
Aois: 27
Club: Ceapach an Churraigh
Contae: Uíbh Fhailí
An scannán is fearr leat? Lawless
An leabhar is fearr atá léite agat? Legacy faoi na All Blacks
An banna ceoil is fearr leat? Mumford & Sons
An áit is fearr leat? An Iodáil
An bia is fearr leat? Bia as Meicsiceo
Clár teilifíse is fearr leat? Love/Hate nó Peaky Blinders
An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Matt Connor
An chéad chuimhne CLG atá agat: Mo chéad seisiún i gCeapach an Churraigh le m’fhoireann Naomh Uinseann
An chéad uair a ndearna tú ionadaíocht ar do chontae: 1ú Nollaig 2012 in aghaidh Lú (Corn Fitzsimons) agus ansin i mí Feabhra sa tsraith in aghaidh Luimnigh i dTulach Mhór.
An t-imreoir is fearr le himirt leat: Peter Cunningham
An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh: Mattie Donnelly
An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche Ceannais f21 2015 – Naomh Uinseann in aghaidh Thulach Mhór
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: Mo chéad chluiche leis an gcontae (scuad forbartha U13) i bPáirc Tailteann in aghaidh Lú agus na Mí
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Ag imirt le mo dheartháireacha agus mo chol ceathracha
An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Mo dhaid
Aon chomhairle agat d’imreoirí óga? Bain taitneamh as fad a mhaireann sé agus déan spriocanna agus cuspóirí i gcónaí
Aon chaitheamh aimsire eile? Is breá liom taisteal agus ag dul chuig áiteanna/tíortha nua
Laoch spóirt agat taobh amuigh de CLG? Michael Jordan