Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Feature
Antrim

Ár gCluichí, Ár Laochra #27 - Niall Mac Cionnaith

Niall Mac Cionnaith d'Aontroim in aghaidh Chiarraí i gCluiche Ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha i 2020

Niall Mac Cionnaith d'Aontroim in aghaidh Chiarraí i gCluiche Ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha i 2020

Le Jamie Ó Tuama

San eagrán is deireanaí seo de Ár gCluichí, Ár Laochra, cuireann muid 20 ceist sciobthaí ar iománaí Aontroma, Niall Mac Cionnaith. Bhuaigh sé Craobh Idirmheánach Aontroma lena chlub, CLG Phádraig Sáirséil sa bhliain 2017 agus tháinig buaicphointe a shaoil imeartha go dtí seo nuair a d’éirigh le hAontroim Craobh Sheosaimh Mhic Dhonncha a bhuachan anuraidh, 2020. D’imir Niall mar leatosaí ar chlé an lá sin agus d’éirigh leis dhá chúilín a aimsiú dá fhoireann.

Seo mar a d’fhreagair Niall ár gcuid ceisteanna:

Ainm: Niall Mac Cionnaith

Aois: 26

Club: Pádraig Sáirséil

Contae: Aontroim

An scannán is fearr leat? Sleepers

An leabhar is fearr atá léite agat? Harry Potter

An banna ceoil is fearr leat? Brendan Quinn (Homeless)

An áit is fearr leat? An Téalainn

An bia is fearr leat? Steak, champ and peppered sauce

Clár teilifíse is fearr leat? Vikings

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Eoin Kelly as Tiobraid Árann

An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag dul le hamharc ar mo dhaidí ag imirt do Pheadar O'Neill Crowleys

An chéad uair a ndearna tú ionadaíocht ar do chontae: 2013 i gCluiche Ceannais Uladh.

An t-imreoir is fearr le himirt leat: Paul Shields (shorty)

An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh: Padraic Maher

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Idir Cluiche Ceannais na hÉireann f21 no Cluiche Ceannais Sheosaimh Mhic Dhonncha.

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: Corn Sheosaimh Mhic Dhonncha a bhaint.

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: An chraobh idirmheánach a bhaint.

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Daideo (Dermy McKenna)

Aon chomhairle agat d’imreoirí óga? Éist le do bainisteoirí agus bain sult as.

Aon chaitheamh aimsire eile? Galf

Gluais / Glossary

buaicphointe a shaoil imeartha – highlight of his careerleatosaí ar chlé – left half forward