Laoch an Chabháin - Diarmaid Carney
Laoch an Chabháin - Diarmaid Carney

Ár gCluichí, Ár Laochra #22 – Diarmaid Carney


Le Jamie Ó Tuama

San eagrán is deireanaí seo de ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’, cuireann muid 20 ceist sciobthaí ar Dhiarmaid Carney. Tá fear óg Cheiltigh na Muinchille ag imirt leis an gCabhán le dhá bhliain anuas agus é ag súil go mór le bheith ag caitheamh gheansaí a chontae go ceann tamaill fhada!

‘’Tá ról lárnach ag an nGaeilge i mo shaol, labhraím í gach lá agus is cuid de mo phearsantacht agus mo stíl mhaireachtála í. Tá an Ghaeilge an-tábhachtach dom maidir le féiniúlacht mar is linne í an Ghaeilge agus is féidir linn a bheith fíor-bhródúil aisti,’’

Diarmaid Carney, Eanáir, 2021

Seo mar a d’fhreagair Diarmaid ár gcuid ceisteanna!

Ainm: Diarmaid Carney

Aois: 21

Club: Ceiltigh na Muinchille

Contae: An Cabhán

An scannán is fearr leat? Home Alone 2

An banna ceoil is fearr leat? Ní éistim le banna ceoil áirithe, ach is maith liom Christy Moore agus Gerry Cinnamon

An áit is fearr leat? An Mhuinchille, mo bhaile féin!

An bia is fearr leat? Stobhach a dhéanann mo mháthair!

Clár teilifíse is fearr leat? The Office US

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Seán Óg Ó hAilpín

An chéad chuimhne CLG atá agat: M’athair ag tabhairt mo chéad bhróga peile dom agus muid thuas sa pháirc pheile ag cleachtadh

An chéad uair ar imir tú le do chontae: i gcoinne Liatroma, 2019 sa tSraith Allianz

An t-imreoir is fearr le himirt leat: Mo dheartháireacha, John agus Caoimhín

An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh: Rory McHugh, Sligeach

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann Fresher B 2019, ar son St. Pats i gcoinne DCU!

Buaicphointe (highlight) do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: Ag imirt le mo bheirt deartháireacha

Buaicphointe do shaoil imeartha (career) le do chlub go dtí seo: Ag imirt le mo chairde ó bhí mé faoi 10 go dtí an fhoireann shinseareach

An duine is mó a raibh tionchar (influence) aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Mo chlann, go háirithe m’athair

Aon chomhairle (advice) agat do imreoirí óga? Bain taitneamh as!

Aon chaitheamh aimsire eile? Imrím Peil Ghaelach le mo chlub freisin. Leanaim Celtic sa sacar, cé go mbriseann said mo chroí go minic.

Laoch spóirt agat taobh amuigh de CLG? Neil Lennon, Leo Messi

Gluais / Glossary

CLG Cheiltigh na Muinchille – Cootehillgeansaí a chontae – his county jerseyról lárnach – central rolestíl mhaireachtála – lifestyleféiniúlacht – identity áirithe – certain go minic – often