Seán Moran - Laoch Chuala agus Átha Cliath
Seán Moran - Laoch Chuala agus Átha Cliath

Ár gCluichí, Ár Laochra #21 – Seán Moran


Le Jamie Ó Tuama

San eagrán is deireanaí seo de Ár gCluichí, Ár Laochra, cuireann muid 20 ceist sciobthaí ar Sheán Ó Móráin. Dar ndóigh, imríonn Seán mar leathchúlaí lena chlub Cuala agus le hÁth Cliath.

D’imir Seán le hÁth Cliath don chéad uair thiar sa bhliain 2012 agus ó shin i leith tá a áit daingnithe aige ar fhoireann na príomhchathrach. Tá cúig chluiche ceannais contae buaite aige lena chlub Cuala chomh maith le dhá chraobh Laighean agus dhá Chraobh na hÉireann.

Neartaíonn teanga an nasc idir tír agus muintir na tíre sin. Chomh maith leis sin tá sí an-úsáideach nuair atá tú ag iarraidh teangmháil rúnda a dhéanamh ar do laethanta saoire thar lear!

Seán Ó Móráin, Nollaig 2020

Seo mar a d’fhreagair Seán ár gcuid ceisteanna!

Ainm: Seán Ó Móráin       

Aois: 27

Club: Cuala

Contae: Baile Átha Cliath

An scannán is fearr leat? The Mighty Ducks

An banna ceoil is fearr leat? Queen

An áit is fearr leat? Deilginis

An bia is fearr leat? Uibheacha scrofa le chorizo

Clár teilifíse is fearr leat? Friday Night Lights

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Ben O’Connor

An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt peile le Cuala i nDeilginis

An chéad uair ar imir tú le do chontae: 2012

An t-imreoir is fearr le himirt leat: Seán Treacy

An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh: Lar Corbett

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche leathcheannais craoibhe don chlub i 2012 i gcoinne Chromghlinne

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: An bua i gcoinne na Gaillimhe i 2019

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Craobh club na hÉireann i gcoinne Na Piarsaigh

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Johnny Sheanon

Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Bain taitneamh as

Aon chaitheamh aimsire eile? Dul i mbun taistil

Gluais / Glossary

dar ndóigh – of courseleathchúlaí – halfback daingnithe – cemented príomhchathair – capital cityneartaíonn – strengthensnasc – linkteangmháil rúnda – communicate in secret thar lear – abroad *   Deilginis* – Dalkey    uibheacha scrofa – scrambled eggsCromghlinn – Crumlin    dul i mbun taistil – to travel