Seán Moran - Laoch Chuala agus Átha Cliath
Le Jamie Ó Tuama
San eagrán is deireanaí seo de Ár gCluichí, Ár Laochra, cuireann muid 20 ceist sciobthaí ar Sheán Ó Móráin. Dar ndóigh, imríonn Seán mar leathchúlaí lena chlub Cuala agus le hÁth Cliath.
D’imir Seán le hÁth Cliath don chéad uair thiar sa bhliain 2012 agus ó shin i leith tá a áit daingnithe aige ar fhoireann na príomhchathrach. Tá cúig chluiche ceannais contae buaite aige lena chlub Cuala chomh maith le dhá chraobh Laighean agus dhá Chraobh na hÉireann.
Neartaíonn teanga an nasc idir tír agus muintir na tíre sin. Chomh maith leis sin tá sí an-úsáideach nuair atá tú ag iarraidh teangmháil rúnda a dhéanamh ar do laethanta saoire thar lear!
Seán Ó Móráin, Nollaig 2020
Seo mar a d’fhreagair Seán ár gcuid ceisteanna!
Ainm: Seán Ó Móráin
Aois: 27
Club: Cuala
Contae: Baile Átha Cliath
An scannán is fearr leat? The Mighty Ducks
An banna ceoil is fearr leat? Queen
An áit is fearr leat? Deilginis
An bia is fearr leat? Uibheacha scrofa le chorizo
Clár teilifíse is fearr leat? Friday Night Lights
An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Ben O’Connor
An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt peile le Cuala i nDeilginis
An chéad uair ar imir tú le do chontae: 2012
An t-imreoir is fearr le himirt leat: Seán Treacy
An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh: Lar Corbett
An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche leathcheannais craoibhe don chlub i 2012 i gcoinne Chromghlinne
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: An bua i gcoinne na Gaillimhe i 2019
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Craobh club na hÉireann i gcoinne Na Piarsaigh
An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Johnny Sheanon
Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Bain taitneamh as
Aon chaitheamh aimsire eile? Dul i mbun taistil
Gluais / Glossary
dar ndóigh – of courseleathchúlaí – halfback daingnithe – cemented príomhchathair – capital cityneartaíonn – strengthensnasc – linkteangmháil rúnda – communicate in secret thar lear – abroad ** Deilginis** – Dalkey uibheacha scrofa – scrambled eggsCromghlinn – Crumlin dul i mbun taistil – to travel