
Ár gCluichí, Ár Laochra #20 – Jake Firman
Le Jamie Ó Tuama
San eagrán is deireanaí seo de Ár gCluichí, Ár Laochra, cuireann muid 20 ceist sciobthaí ar Jake Firman laoch mór peile agus iomána Naomh Máirtín agus Loch Garman.
Níl Jake ach 24 ach cheana féin tá an t-uafás bainte amach aige ar an bpáirc imeartha. Tá sé tar éis peil agus iomáint a imirt lena chontae agus tá craobhacha sinsir iomána buaite aige lena chlub, Naomh Máirtín, chomh maith le craobhacha iomána agus peile f21.
“Is as Éirinn mé, agus tá suim mhór agam a bheith ag foghlaim faoi chultúr na hÉireann, rudaí cosúil leis an dteanga, ceol, agus na traidisiúin chomh maith. Táim an-bhródúil as an teanga agus go bhfuil mé in ann an teanga a labhairt agus ceapaim go bhfuil sé ‘Cool’ gan dabht ar bith. Is maith liom a bheith ag labhairt Gaeilge sa scoil agus i mo chlub áitiúil freisin. Is fearr liom Gaeilge bhriste ná Béarla cliste!”
Jake Firman 7 Nollaig, 2020
Seo a leanas mar a d’fhreagair Jake ár gcuid ceisteanna!
Ainm: Jake Firman
Aois: 24
Club: Naomh Máirtín
Contae: Loch Garman
An scannán is fearr leat? Cinderella Man
An banna ceoil is fearr leat? Hermitage Green
An áit is fearr leat? Ag iascaireacht in aice Cheann an Chairn, Loch Garman.
An bia is fearr leat? Bágún agus Cabáiste
Clár teilifíse is fear leat? Peaky Blinders
An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Ciarán Lyng
An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt iomána istigh i halla spóirt mo chlub áitiúil, Naomh Máirtín.
An chéad uair ar imir tú le do chontae: Faoi 14 – Corn ‘Tony Forrestal’
An t-imreoir is fearr le himirt leat: Rory O’Connor, imreoir an-chliste é.
An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh: Michael Fennelly, Cluiche Leathcheannais Laighean, 2019, in aghaidh ‘Na Seamróga’.
An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche Ceannais Loch Garman, 2017 – an chéad chraobh shinsir a bhuaigh muid.
Buaicphointe (highlight) do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: Nuair a rinne mé mo debut le peileadóirí Loch Garman sa bhliain 2017 in aghaidh Mhuineacháin faoi ‘Banty’ McEnaney.
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Sa bhliain 2017, grád f21, bhuaigh muid an chraobh iomána agus peile chomh maith le Craobh Shinsir Loch Garman.
An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Imreoirí cosúil le Diarmuid Lyng, Barry Lambert agus m’athair freisin.
Aon chomhairle agat d’imreoirí óga? Déan cleachtadh ar na scileanna bunúsacha agus bain taitneamh as gach cluiche agus gach nóiméad a imríonn tú iomáint agus peil mar beidh sé críochnaithe i bpreabadh na súl!
Aon chaitheamh aimsire eile? Is aoibhinn liom bheith ag imirt gailf, spórt iontach é! Seinnim an giotár agus an ukulele chomh maith.
Laoch spóirt agat taobh amuigh de CLG? Steven Gerrard
Gluais / Glossary
Na traidisiúin – the traditionsan-bhródúil – very proud* Ceann an Chairn* – Carnsore Point Ag iascaireacht – Fishing scileanna bunúsacha – basic skills i bpreabadh na súl – in a flash Is aoibhinn liom – I love to Ucailéile – ukulele