Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG
Dessie Mone - Duine de Laochra Móra Mhuineacháin
Dessie Mone - Duine de Laochra Móra Mhuineacháin

Ár gCluichí, Ár Laochra #2 – Dessie Mone


San eagrán is deireanaí seo de Ár gCluichí, Ár Laochra cuireann Tricia Ní Chearra, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Uladh, aithne níos fearr ar Dessie Mone, duine de réaltaí móra peile Mhuineacháin.

Ainm: Dessie Mone

Aois: 34

Club: Cluain Tiobraid

Contae: Muineachán

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Darren Fay

An chéad chuimhne CLG atá agat: Cluiche bunscoile le Gaelscoil Ultain. Cluiche ceannais Chorn an ‘Northern Standard’ 1995

An chéad uair ar imir tú le do chontae: Comórtas ‘Golden Gate Cow’ thuas i mBéal Feirste faoi 16

An t-imreoir is fearr a d’imir leat: John Paul Mone

An t-imreoir is fearr a d’imir i do aghaidh: Graham Geraghty

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: Cluiche Ceannais Peile Uladh 2013

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Bhuaigh muid Craobh Mionúir Chúige Uladh i gCraobhchomórtas na gClubanna sa bhliain 2002

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Mo Chlann

Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Bain sult as gach nóiméad den chluiche

Aon chaitheamh aimsire eile? Cispheil agus ag déanamh suas mo VW Beetle 1973

Official Sponsors of the GAA Football All-Ireland Championship

Official Sponsors of the GAA Hurling All-Ireland Championship

Live Competitions