Niall Darby - Laoch Mór Róid agus Uíbh Fhailí
Niall Darby - Laoch Mór Róid agus Uíbh Fhailí

Ár gCluichí, Ár Laochra #19 – Niall Darby


Le Jamie Ó Tuama

Is é Niall Darby, laoch mór Róid agus Uíbh Fhailí, atá againn san eagrán is deireanaí seo de Ár gCluichí, Ár Laochra. D’imir Niall a chéad chluiche le hUíbh Fhailí os cionn deich mbliana ó shin agus tá sé anois ina cheannaire mór ag a fhoireann. Bhí Niall ina chaptaen ar fhoireann bhuacach Róid a bhuaigh Craobh an Chontae i mbliana.

''Ba é m’athair an príomhoide i mo bhunscoil áitiúil agus labhair sé Gaeilge linn sa bhaile, freisin. Bhuaigh sé bonn uile-Éireann i 1982 agus dá bharr sin ceanglaím an Ghaeilge i gcónaí le CLG.''

(Niall Darby, Nollaig, 2020)

Seo thíos mar a d’fhreagair Niall ár gcuid ceisteanna!

Ainm: Niall Darby

Aois: 32

Club: Ród

Contae: Uíbh Fhailí

An scannán is fearr leat? Dumb & Dumber

An banna ceoil is fearr leat? Coldplay

An áit is fearr leat? Aon staid spóirt, mo cheantar agus cathair na Gaillimhe

An bia is fearr leat? Aon chineál ‘curry’!

Clár teilifíse is fearr leat? The Office US, The Simpsons, Brooklyn Nine Nine

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: John Kenny, Karol Slattery

An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt peile i mo bhunscoil, Baile Uí Bhriain, agus ag traenáil leis an bhfoireann fé dheich maidineacha Dé Sathairn.

An chéad uair ar imir tú le do chontae: Leis na bhfoireann fhorbartha timpeall 2001.

An t-imreoir is fearr le himirt leat: Tá go leor ann ach roghnóidh mé Niall McNamee.

An t-imreoir is fearr le himirt i d’aghaidh: Leighton Glynn ó Chill Mhantáin. Bhí an-luas agus an-scil aige. Tá Jamie Malone ón gClár ar fheabhas, freisin.

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche Ceannais an Chontae, 2008.

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: B’fhéidir cluiche ceannais na sraithe i gcoinne an Longfoirt i bPáirc an Chrócaigh i 2015 nó an bua in aghaidh Mhuineacháin i 2011.

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Mar chaptaen ar mo chlub chun an chraobh shinsearach a bhuachan i mbliana.

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Mo thuismitheoirí.

Aon chomhairle agat d’imreoirí óga? Bí ag cleachtadh gach lá agus bain taitneamh as an gcluiche.

Aon chaitheamh aimsire eile? Bímse ag snámh go minic i linnte snámha agus in uisce oscailte. Is breá liom bheith ag léamh, freisin.

Laoch spóirt taobh amuigh de CLG? An t-imreoir Peile Meiriceánaí, Tom Brady.

Gluais / Glossary

an t-eagrán is deireanaí – the latest edition    ceannaire – leader    buacach – winning    ceantar – area    cineál – curry    foireann fhorbartha – development team    roghnóidh – to chosean-luas – great speed    i gcoinne – against    linn snámha – swimming pool    Peil Mheiriceánach – American Football