Darragh O'Brien agus an liathróid ina sheilbh aige do Cheatharlach
Darragh O'Brien agus an liathróid ina sheilbh aige do Cheatharlach

Ár gCluichí, Ár Laochra #18 – Darragh O’Brien


Is é Darragh O’Brien ó CLG Éire Óg agus ó Cheatharlach atá linn don eagrán is deireanaí seo de ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’. Tá Darragh ag imirt le Ceatharlach le roinnt mhaith blianta anuas agus é lárnach sna blianta rathúla seo dá chlub agus dá chontae.

Dar ndóigh, chabhraigh Darragh le Ceatharlach ardú céime a fháil ó Roinn 4 go dtí Roinn 3 don chéad uair le 33 bliain anuas sa bhliain 2017. Bhuaigh a chlub, Éire Óg, Craobh Cheatharlach don tríú huair i ndiaidh a chéile anuraidh agus d’éirigh leo gabháil a fhad le Cluiche Ceannais Peile Chúige Laighean.

Níl aon amhras faoi ach go bhfuil a thuilleadh laethanta rathúla amach roimh Dharragh!

‘Tá an Ghaeilge lárnach i mo shaol ón am gur thosaigh mé sa Ghaelscoil ag aois 6. As sin d’fhreastail mé ar an nGaelcholáiste, rinne mé staidéar ar an nGaeilge san ollscoil agus anois le 5 bliana anuas táim théis bheith ag múineadh i nGaelcholáistí – ní féidir liom éalú!’

Darragh O’Brien, Meitheamh 2020

Seo thíos mar a d’fhreagair Darragh ár gcuid ceisteanna!

Ainm: Darragh O' Brien

Aois: 26

Slí bheatha: Múinteoir corpoideachais & Gaeilge

Club: Éire Óg

Contae: Ceatharlach

Club nó contae? Club

An scannán is fearr leat? The Dark Knight

An banna ceoil is fearr leat? Oasis

An áit is fearr leat? Aon áit cois farraige

An bia is fearr leat? Iodáilis

An clár teilifíse is fearr leat? Money Heist faoi láthair

An leabhar spóirt is fearr atá léite agat? Beathaisnéis Andy Lee

An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag dul ag traenáil maidin Dé Sathairn le hÉire Óg

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Dara Ó Cinnéide

An chéad uair ar imir tú le do chontae: Blitz éigin faoi 14

An t-imreoir is fearr a d’imir leat: Bryan Carbery

An t-imreoir is fearr a d’imir i do aghaidh: Peter Harte

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Craobh mionúir 2011 leis an gclub

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae: Ardú céime a bhaint amach ó roinn 4 i 2017

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Craobh an chontae a bhuachaint i 2017

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: M’athair

Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Cleachtaigh ar an dá chos, agus an dá lámh!

An mbeadh suim agat a bheith i do chóitseálaí/bhainisteoir amach anseo? Tá suim mhór agam sa chóitseáil, ach fágfaidh mé é cúpla bliain eile!

Aon chaitheamh aimsire eile? Déanaim iarracht galf a imirt nuair a fhaighim an deis.

Gluais / Glossary

Lárnach – central blianta rathúla – siuccessful years ardú céime – promotion amhras – doubt éalú – escape corpoideachas – physical education cois farraige – by the sea Iodáilis – Italian beathaisnéis – biography Cleachtaigh – practice deis – opportunity