Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG
Mark Collins, Corcaigh, á chur faoi bhrú ag Conall Ó hAiniféin, An Clár
Mark Collins, Corcaigh, á chur faoi bhrú ag Conall Ó hAiniféin, An Clár

Ár gCluichí, Ár Laochra #15 – Conall Ó hAiniféin


Is é leathchúlaí an Chláir, Conall Ó hAiniféin, atá faoin spotsholas againn san eagrán is deireanaí seo de ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’. Dar ndóigh, is le CLG Ruadhán a imríonn Conall a chuid iomána agus is le CLG Éire Óg a imríonn sé a chuid peile, nuair nach bhfuil sé ag déanamh ionadaíochta ar a chontae dúchais, an Clár.

Tá Conall ag imirt le foireann shinsir an Chláir le roinnt blianta anuas agus níl aon amhras faoi ach go bhfuil todhchaí bhreá i ndán dó i ndathanna an chontae. Cé gur cúlaí go príomha é Conall is féidir brath air i gcónaí le roinnt scóranna tábhachtacha a aimsiú.

D’fhás mé suas le Gaeilge sa tigh. Is as Lios Póil i gCiarraí m’athair agus chaith mé go mé go leor ama ansin i m’óige. Aon uair a dtugaim cuairt ar Lios Póil bíonn deis agam Gaeilge a labhairt le mo ghaolta go léir ansin. Chomh maith le sin, d’fhreastlaíos ar Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg agus ar Ghaelcholáiste an Chláir agus tá áit lárnach ag an teanga i mo shaol i gcónaí.

Conall Ó hAiniféin, Bealtaine 2020

Seo a leanas mar a d'fheagair Conall ár bhfiche ceist:

Ainm: Conall Ó hAiniféin

Aois: 23

Slí bheatha: Achtúire leis an gcomhlacht Invesco

Club: An Ruadhán / Éire Óg, Inis

Contae: An Clár

Club nó contae? Club

An scannán is fearr leat? The Big Short

An banna ceoil is fearr leat? Oasis

An áit is fearr leat? Nua-Eabhrac

An bia is fearr leat? Stéig agus prátaí

An clár teilifíse is fearr leat? Prison Break

An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag freastal ar Chluiche Leathcheannais na h-Éireann i 2002 idir Ciarraí agus Corcaigh

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: An Gooch

An chéad uair ar imir tú le do chontae: 2009 le Cumann na mBunscoil

An t-imreoir is fearr a d’imir leat: Gary Brennan

An t-imreoir is fearr a d’imir i do aghaidh: James O’Donoghue

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: I gcoinne Chorcaí sa tsraith i 2019

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae: Bua ar an Iarmhí anuraidh sa chraobh

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Trí chraobh fé 21 i ndiaidh a chéile a bhuachaint

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Mo thuismitheorí

Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Bain taitneamh as aon deis a bhíonn agat peil nó iomáint a imirt – ní mhaireann an deis sin go deo

An mbeadh suim agat a bheith i do chóitseálaí/bhainisteoir amach anseo? Bheadh suim agam i gceann 20 bliain nó mar sin

Aon chaitheamh aimsire eile? Taitníonn sé liom iomáint a imirt le mo chlub aon deis a bhíonn agam

Gluais / Glossary

Spotsholas – spotlight Dar ndóigh – of course ag déanamh ionadaíochta representing a chontae dúchais – his native county le roinnt blianta anuas – for the past few years níl aon amhras faoi – there is no doubt todhchaí bhreá – bright future dathanna – colours go príomha – primarily brath – depend scóranna tábhachtacha – importanta scores gaolta – relations áit lárnach – a central place achtúire – actuary comhlacht – company deis – opportunity ní mhaireann – it does not last go deo – forever

Official Sponsors of the GAA Football All-Ireland Championship

Official Sponsors of the GAA Hurling All-Ireland Championship

Live Competitions