Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG
Seilbh na liathróide ag Darach Ó Cathasaigh do Phort Láirge
Seilbh na liathróide ag Darach Ó Cathasaigh do Phort Láirge

Ár gCluichí, Ár Laochra #14 – Darach Ó Cathasaigh


Is é Darach Ó Cathasaigh, CLG na Rinne agus Phort Láirge, an duine is deireanaí le páirt a ghlacadh sa tsraith ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’. D’imir Darach a chéad chluiche sraithe le peileadóirí Phort Láirge ag uimhir 3, in aghaidh Luimnigh, i mí Eanáir agus tá sé ag gabháil ó neart go neart ó shin i leith.

Ní hamháin gur peileadóir an-tábhachtach é an fear Gaeltachta seo dá chlub agus dá chontae ach is an-iománaí é, freisin, agus go leor buaite aige leis an Rinn.

‘‘Is Déiseach mé agus táim an-bhródúil gur tógadh i nGaeltacht na nDéise mé, ceantar álainn. Tá an Ghaolainn agus an spórt, CLG ach go háirithe, fite fuaite i mo shaol agus i saoil mhuintir na Rinne.’’

(Darach Ó Cathasaigh, Bealtaine 2020)

Is mar seo a leanas a d’fhreagair Darach ár gcuid ceisteanna!

Ainm: Darach Ó Cathasaigh

Aois: 23

Slí bheatha: Mac Léinn

Club: An Rinn

Contae: Port Láirge

Club nó contae? Club

An scannán is fearr leat? The Dark Knight

An banna ceoil is fearr leat? Gerry Cinnamon

An áit is fearr leat? An Coinigéar sa Rinn

An bia is fearr leat? Sicín and fataí rósta

An clár teilifíse is fearr leat? It’s Always Sunny in Phildelphia

An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt leis an gclub i bPáirc Uí Shíothcháin

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Ken McGrath

An chéad uair ar imir tú le do chontae: Fé 21 peil in aghaidh Chiarraí

An t-imreoir is fearr a d’imir leat: Liam Ó Lionáin

An t-imreoir is fearr a d’imir i do aghaidh: Seán Ó Sé

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Sa tsraith in aghaidh Shligigh i mbliana

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae: Bua sa tsraith in aghaidh Shligigh, i Sligeach, i 2020

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Ag buachaint Chraobh Iomána Idirmheánach an Chontae i 2017 leis an Rinn

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Mo thuismitheoirí

Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Taitneamh a bhaint as spórt a imirt le do chairde

An mbeadh suim agat a bheith i do chóitseálaí/bhainisteoir amach anseo? *Ní bheadh, ceapaim gur *dúshlán rómhór a bheadh ann!

Aon chaitheamh aimsire eile? Galf agus iascaireacht

Gluais / Glossary

ó neart go neart – from strength to strength    ó shin i leith – since then    ní hamháin – not only    an-tábhachtach – very important    Déiseach – a person from Waterford    an-bhródúil – very proud    ach go háirithe – especially     fite fuaite – interwoven    muintir na Rinne – the people of An Rinn    dúshlán rómhór – too big a challenge    iascaireacht – fishing

Official Sponsors of the GAA Football All-Ireland Championship

Official Sponsors of the GAA Hurling All-Ireland Championship

Live Competitions