Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG
Declan Hannon - Laoch Luimnigh - logo
Declan Hannon - Laoch Luimnigh - logo

Ár gCluichí, Ár Laochra #1 - Declan Hannon


Sa tsraith nua seo 'Ár gCluichí, Ár Laochra' cuirtear roinnt ceisteanna sciobthaí ar na laochra agus ar na gaiscígh is mó a imríonn ár gcuid cluichí. Le tús a chur leis an tsraith cuireann muid tuilleadh aithne anseo ar Declan Hannon, Captaen Luimnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2019

Ainm: Déaglán Ó hAnnáin

Aois: 26

Club: Áth Dara

Contae: Luimneach

An t-imreoir is fearr leat nuair a bhí tú óg: Anthony Daly

An chéad chuimhne CLG atá agat: Cluiche i Scoil Naomh Iosaf, mo bhunscoil. D’imir na naíonáin shóisearacha i gcoinne na naíonán sinsearach i bpáirc na scoile.

An chéad uair a d’imir tú le do chontae: Primary Go Games sa bhliain 2004

An t-imreoir is fearr a d’imir leat: Donal O’Grady

An t-imreoir is fearr a d’imir i do aghaidh: Tommy Walsh

Buaicphointe agus tú ag imirt le do chontae go dtí seo: Cluiche Ceannais na hÉireann a bhuachan i 2018

Buaicphointe agus tú ag imirt le do chlub go dtí seo: An bua a bhí againn i gCraobh an Chontae sa bhliain 2009

Comhairle do imreoirí óga: Éist le do chóitseálaí!

Caithimh aimsire eile: Galf

Official Sponsors of the GAA Football All-Ireland Championship

Official Sponsors of the GAA Hurling All-Ireland Championship

Live Competitions