Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

An Síol a Cuireadh sa tSneachta

Comórtas Peile na Gaeltachta 2019

Comórtas Peile na Gaeltachta 2019

LE MÁRTAN Ó CIARDHA

Ní haon ábhar iontais gurbh é an leabhar a foilsíodh faoin ainm thuas a thug leis duais na Gaeilge nuair a fógraíodh Gradaim Mhic Con Midhe 2019 le fíorghairid – bronntar na gradaim go bliantúil ar na saothair iriseoireachta, chumarsáide agus chaidrimh phoiblí is fearr.

Anuraidh, déanadh ceiliúradh ar an 50ú breithlá de chuid Chomórtas Peile na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne i gCiarraí, an dúiche as ar thaistil foireann amháin de na bunaitheoirí 320 míle trí shioc agus trí shneachta ar an 4ú Eanáir 1969 gur shroicheadar Gaoth Dobhair, áit ar imir siad ina n-aghaidh fhoireann na háite sin sa gcéad chluiche eadar-Ghaeltachta dá raibh riamh ann.

As sin d’fhás Comórtas Peile na Gaeltachta agus tá cur síos cuimsitheach ar an stair a bhaineann leis siúd sa leabhar breá seo a chuir an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh in eagar thar ceann Chumann Caide na Gaeltachta don ócáid cheiliúrtha anuraidh. Lena chos sin, tá alt ann ag gach cumann a ghlac páirt sa gComórtas Peile ón gcéad bhliain amach.

Anuraidh, deireadh seachtaine na Cincíse thug 30 foireann de chuid na bhfear agus na mban as na seacht gcontaetha Ghaeltachta chomh maith le Cathair na dTreabh, Baile Átha Cliath agus Béal Feirste aghaidh ó dheas ar Ghallarus, áit ar imríodh 25 cluiche i gcúig ghrád éagsúla.

Mór an t-athrú sin ón am ar bhailigh ochtar déag Baile an Daingin soir agus iad ag tabhairt aghaidh ó thuaidh sa seanbhus Austin a bhí ag Pádraig Bric i 1969 - gan de chóras teasa inti ach a dtáinig óna gcuid colainne agus gan d’áit suite ag cúpla duine díobh sin ach baraille sa bpasáiste agus planc adhmaid a bhí leagtha idir dhá shuíochán.

Tá cur síos iontach sa leabhar ar an dturas ó thuaidh sa bhus, an fháilte a chuir muintir Ghaoth Dobhair rompu agus an róstadh a tugadh don ghabhar i ndiaidh na himeartha.

Creid é nó ná creid ba i Stáit Aontaithe Mheiriceá a labhraíodh ar dtús ar a leithéid de chomórtas. Ansiúd d’fhéadfá a rá a cruinníodh an síol a cuireadh sa sneachta ar pháirc imeartha Ghaoth Dobhair i Machaire Gathláin!

Bhí foireann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ar turas go Meiriceá i 1968 tar éis dóibh Corn Sigerson a bhuachan, nuair a tharla comhrá idir beirt imreoirí - Antóin Ó Ceabhaill peileadóir contae as Gaoth Dobhair agus an Ciarraíoch, Antóin de Baróid. Bhíodar beirt den bharúil gur bheag tacaíochta, a bhí le fáil ag foirne tuaithe go háirithe ó na húdaráis.

Níos deireanaí an bhliain sin agus post faighte aige mar bhainisteoir ar Chomharchumann Chorca Dhuibhne chuimhnigh an Baróideach ar an bplé agus eatarthu chuir an bheirt Antóin an síol agus imríodh an chéad chluiche.

Sna seachtainí a lean cuireadh coiste le chéile ar a raibh an Iúistís Seán Delap mar Uachtarán, de Baróid mar chathaoirleach, an Ceannfort Seán Ó Colmáin mar leas-chathaoirleach, múinteoir óg as Gaoth Dobhair Feardorcha Ó Colla ina rúnaí agus peileadóir Chiarraí Séamus Mac Gearailt ina chisteoir.

Tá achoimre chumasach déanta ag Mac an tSítigh sa leabhar ar an méid a bhí curtha rompu ag na bunaitheoirí:

“Bhí fís ag an gcoiste nua seo, fís a bhí i bhfad ní ba leithne agus ní ab uaillmhianaí ná cúrsaí peile amháin. Thuig baill an choiste go raibh modh aimsithe acu a d’fhéadfaí a úsáid mar mhaithe le leas mhuintir na Gaeltachta, in iarracht feabhas a chur ar cheantracha a bhí lighte i ndearúd ag an stát le fada an lá. Braitheadh go raibh an fhaillí chéanna á dhéanamh ag Cumann Lúthchleas Gael sna ceantracha sa mhéid agus go raibh páirceana agus áiseanna ar chaighdeán íseal iontu agus gan d’acmhainn ag na pobail bheaga, a bhí scriosta ag imirce agus ag easpa fostaíochta dul i mbun forbartha.

Is é an feall go raibh cuid de na ceannródaithe sin imithe ar Shlí na Fírinne nuair a déanadh ceiliúradh ar thoradh a gcuid oibre ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 i gCorca Dhuibhne áit a mbeadh pobal fuinniúil foirfe le feiceáil acu i mbun eagair, peileadóirí ó cheann ceann na tíre i mbun imeartha agus a raibh ina gcloigne i 1969 fíoraithe os comhar a dhá súil.

Búiochas le Dia bhí an bheirt Antóin agus Séamus ann nuair a glacadh buíochas leis na bunaitheoirí ar fad agus nuair a seoladh a n-ainmneacha siúd idir bheo agus mharbh amach ar aer an tsáile atá os cionn Chuan álainn Ard na Caithne.

Bheidís sásta fresin go bhfuil na páirceanna agus na háiseanna atá ag cumainn i ngach ceantar Gaeltachta anois gach pioc chomh maith nó níos fearr ná iad siúd atá ag a leathbhádóirí Galltachta agus a bhuíochas sin cuid mhaith ar an gComórtas Peile a bheith le heagrú acu ag tráth éigin i rith na 50 bliain seo caite.

Is dócha go raibh sé tráthúil go mba fhoireann Conallach agus foireann Duibhneach a bhainfeadh cluiche ceannais na sinsear amach anuraidh bliain an cheiliúradh – níorbh iad Gaoth Dobhair a bhí in aghaidh na Gaeltachta an babhta seo ach Cill Charthaigh.

Sháraigh críoch an chluiche sin formhór na n-imeachtaí spóirt a facthas in aon áit ar dhroim na cruinne le linn 2019. Ní raibh bealach níos oiriúnaí le ceiliúradh a dhéanamh ar fhís na mbunaitheoirí agus buíochas a ghlacadh leo siúd ar fad a raibh lámh san obair acu ó shin.

Bhí na foirne ar comhscór tar éis na huaire, dhá nóiméad le cois caite in am breise nuair a chiceáil Séamus Ó Muircheartaigh cúilín an bhua d’fhoireann na Gaelteachta (0-12, 0-11) - é 45 méadar amach ón gcúl agus leathchos dá chuid ar Thrá Bhaile an Reannaigh!