
An iománaíocht ag croílár an scannáin nua Ghaeilge Róise & Frank
Le Jamie Ó Tuama
Taispeánfar an scannán nua Gaeilge Róise & Frank de chuid Breakout Pictures don mhórphobal don chéad uair tráthnóna inniu i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. Tá go leor gradam buaite ag an scannán seo go dtí seo agus é ar camcuairt ag féilte móra scannánaíochta le tamall anuas.
Scannán é seo ina bhfuil an iománaíocht go mór chun cinn ann agus atá suite i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge.
Bhí baint mhór ag iarimreoir agus laoch mór camógaíochta Loch Garman, Cláir Ní Chonchubhair, leis an scannán. Rinne sí páirt an traenálaí iomána sa scannán agus bhí sí an-ghnóthach sa chúlra ag cinntiú go raibh na míreanna imeartha agus traenála faoi smacht agus á stiúradh i gceart.
Labhair GAA.ie le Cláir an tseachtain seo le tuilleadh a fhoghlaim faoin scannán agus thosaigh muid le hiarraidh uirthi cúlra an scéil, Róise & Frank, a thabhairt dúinn.
‘Cúlrá an scéil ná Róise, bean áitiúil a chailleann a fear céile’, a deir Cláir. ‘Bhí sé marbh dhá bhliain nuair a tháinig madra ina saol. Tharla cúpla rud aisteach is dócha. Tháinig sé isteach sa tig. Shuigh sé i gcathaoir a fir chéile. Bhí sé ag súgradh le sliotar – dhá rud a bhí mar chuid de ghnáthshaol a fir céile Frank. Bhíodh se á leanúint chuig na siopaí agus d’ardaigh croí Róise, dá bharr sin.
‘Chreid sí ón tús de bharr na nósanna a bhí ag an madra go raibh a fear céile tar éis teacht ar ais in anam an mhadra. Sin mar a thosaíonn an scéal. Tugann sí an-aire don mhadra agus ardaíonn an madra a croí. Bíonn an madra taobh léi an t-am ar fad.
‘Is dochtúir é mac Róise agus ceapann sé go bhfuil sí as a meabhair. Leanann sé leis ag rá ‘Mam, féach, ní Daid atá ann. Madra seachráin é a tháinig isteach.’ Creideann Róise go hiomlán go bhfuil Frank tagtha ar ais chugainn i bhfoirm an mhadra.’
Tá an iománaíocht lárnach sa scéal de bharr gur fear mór iománaíochta a bhí san fhear céile, Frainc. Míníonn Cláir an scéal.
‘Tosaíonn an madra ag múineadh iománaíochta do chúpla leaid áitiúil go speisialta do bhuachaill óg amháin’, a mhíníonn sí. ‘Diaidh ar ndiaidh tagann sé go dtí an traenáil. Bíonn sé páirteach leis na buachaillí ar an taobhlíne nuair a thosaíonn sé ag imirt cluichí scoile. Sin é an pháirt a bhí agamsa, an traenálaí scoile.
‘Chomh maith leis sin, thosaigh siad ag brath ar an madra. Thuig Róise go raibh an madra ana-thábhachtach sna cluichí agus bhí sí i gcónaí ag tógáil Frank, an madra, go dtí na cluichí. Thug sé sin ardú croí do gach aoinne mar bhí siad ag dul ar aghaidh sna cluichí agus shroich siad an cluiche ceannais ach bhí an madra ar iarraidh (don chluiche sin).
‘Ní raibh siad in ann teacht ar an madra agus cheap siad go raibh an madra ag teastáil leis an gcluiche ceannais a bhuachaint. Sa deireadh tagann an madra agus buann siad an cluiche!’
Is minic a bhíonn greim ag ár gcluichí agus ag CLG ar dhaoine sa mhéid is go dtugann siad daoine le chéile agus go n-úsáidtear iad go minic mar uirlis le cuimhniú ar dhaoine atá ar shlí na fírinne. Tá an cineál sin téama le feiceáil sa scannán seo tríd an ngadhar.
‘Tá an scéal go hálainn’, a deir Cláir. Bhí Róise ina Mamó, ní hé nach raibh clann aici. Bhí mac aici. Bhí gariníon aici. Ní raibh suim aici in aon rud go dtí gur tháinig an madra agus thug an madra dóchas di. Bhí sé sin an-soiléir agus rinne Bríd Ní Neachtain go hiontach é (an pháirt). Chuir sí trasna go hiontach é sa scéal.
‘Ta cúpla foscéal ann freisin. Tá an chomharsa i ngra léi ach níl sí sásta bheith leis. Bíonn sé gruama agus bíonn sé cruálach leis an madra. Tá teannas ann freisin lena mac, Alan (Cillian Ó Gairbhí). Is eisean an dochtúir agus ceapann seisean go bhfuil a Mhamaí imithe as a meabhair. Tá cúpla foscéal ann agus tá an iománaíocht ann.’
Tá an t-iomanaí óg sa scannán, Maidhcí (Ruadhán de Faoite), an-tógtha leis an ngadhar, freisin.
‘Ruadhán de Faoite, iománaí den scoth atá ann. Eisean an leaid óg áitiúil a tháinig isteach chun a bheith i ról an iománaí óig. Tá spéaclaí air, neamhthipiciúil…mar réalta na foirne. Tagann sé chun solais gurb é an réalta sa deireadh é agus Frank in éineacht leis.
Bhí ról mór ag CLG na Rinne agus na Gaeltachta sa scannán seo chomh maith le muintir na Gaeltachta trí chéile. D’iarr mé ar Chláir faoin tionchar a bhí ag muintir na háite ar an scannán.
‘Bhíodar iontach’, a deir Cláir. ‘Ana-pháirteach. Ana-fháilteach. Bhí muintir na háite an-bhuíoch go bhfuair siad an seans a bheith páirteach agus go bhfuair siad deis an Rinn a chur ar an scáileán mór.
‘Bhí an scannánaíocht a rinneadh ann dochreidte. Feicfidh tú chomh deas is atá an ceantar, Ceann Heilbhic agus na háiteanna eile deasa atá ann agus dhein siad an-jab ó thaobh é sin a chur chun cinn sa scannán.
‘Rinne muintir CLG na Rinne cinnte go raibh muid in ann lánúsáid a bhaint as na páirceanna agus na háiseanna. Bhí siad an-fháilteach.
Bhí Frank, an gadhar, sa scéal ó thús go deireadh. D’iarr mé ar Chláir an raibh dúshlán ag baint leis an ngadhar a thraenáil don scannán.
‘Barley an t-ainm atá air. Tagann sé ó ghrúpa darb ainm stuntdogs.net. Tá siad i Sasana. Creid nó ná creid, bhain siad Barley as baile madraí. Cuireadh isteach é. Madra seachráin a bhí ann. Caitheadh isteach é go cruálach de réir cosúlachta agus thóg na stunt dogs é.
‘Tógann siad an-chuid madraí mar sin. Is madra an-speisialta é. Bhí sé i Poldark, freisin. Lurcher Cross an saghas madra atá ann. Tá sé an-speisialta agus traenáilte go hiontach acu. Ash an t-ainm a bhí ar an traenálaí agus bhí Ash níos gnóthaí ná mar a bhí mise taobh thiar den cheamara! Traenáilte go hiontach.
‘Bhí cara aige sa veain i gcónaí. Cheap mé go raibh sé sin an-deas agus bhí na páistí ar fad a bhí sa scannán agus na leaids áitiúla ana-thógtha leis. Bhí sé chomh béasach agus chomh cliste. Lean sé na treoracha go foirfe agus cheapfá de ghnáth go mbíonn na madraí ag cruthú fadhbanna do chriú ach níor imigh sé riamh ar strae. Bhí sé i gcónaí go hiontach agus, dáiríre, aisteoir den scoth a bhí ann. Madra an-speisialta a bhí ann.’
Dar ndóigh, iarimreoir camógaíochta í Cláir a bhfuil ceithre cinn de Chraobhacha Uile-Éireann buaite aici le Loch Garman chomh maith le ceann amháin eile lena club Ráth an Iúir. Is cinnte gur chabhraigh sé sin go mór le Cláir agus í i mbun scannánaíochta ar an iománaíocht sa scannán. Labhair sí linn faoina cuid laethanta imeartha.
‘Bhí mé níos gnóthaí taobh thiar den cheamara ag stiúradh na hiomána’, a deir Cláir le meangadh gáire ar a héadan.
‘Dar ndóigh rugadh agus tógadh i Loch Garman mé (Ráth an Iúir). Sin cumann iománaíochta Chlann Uí Riocaird. Rugadh agus tógadh muid leis an iománaíocht agus le panto agus ceol.
‘Tagaim ó chlann de chúigear cailíní agus buachaill amháin agus sna hochtóidí agus sna nóchaidí níor thuigeamar go raibh nós ann nár imir cailíní mórán spórt. Sin an saol a bhí againn. Bhí sé chomh sláintiúil. Ba fheirmeoirí muid agus chuamar amach ag imirt. Bhí an-am againn ag traenáil faoi aois agus d’fhan mo chairde le chéile ag imirt.
‘Diaidh ar ndiaidh bhí muid an-rathúil. Bhuamar leis an gclub. Bhuamar Craobh na hÉireann nuair a bhí mé 14 i 1995! Bhuaigh mé le mo chlub agus bhí mo dheirfiúr liom agus bhí mo dhaid mar bhainisteoir. Tuigeann tú gnáthscéal CLG! Bhuamar Craobh na hÉireann agus cheap mise go leanfadh sé ar aghaidh mar sin agus bhuaigh mé craobh mionúir le Loch Garman cúpla lá ina dhiaidh sin. Cheap mise gur gnáthrud a bhí ansin.
‘Choinnigh mé orm ag imirt le Loch Graman go dtí gur éirigh mé as tar éis an bonn uile-Éireann deireanach a bhuachan i 2012. Bhuamar trí chraobh as a chéile 10, 11, 12 ach bhuamar ceann i 2002 chomh maith.
‘Bhí sé sin iontach. Iontach don spiorad. Iontach don chontae. Iontach don spórt. D’éirigh mé as i 2012 mar bhí mo chuid déanta agam ag traenáil i Loch Garman. Lean mé ar aghaidh leis an gclub. Ní raibh aon bhua mór againn ach i gcónaí bhain mé taitneamh as.
‘Tá iníon óg agam ag imirt anois agus bhí sí sa scannán. Tá sí trí bliana go leith anois. Nuair a deirim imirt, bíonn sí ag dul thart le camán agus clogad mór Mhamaí uirthi!
‘Déanaim an-chuid traenála le cailíní óga i mo chlub féin. Bímse i gcónaí le foirne agus tá grá mór agam don chluiche.
Tá Cláir le feiceáil sa tsraith reatha de Underdogs atá ar TG4 faoi láthair. Í fein agus Jamie Wall atá mar roghnóirí ag John Allen.
Ba é Rachael Moriarty agus Peter Murphy (Traders, 2015) a scríobh agus a stiúraigh Róise & Frank agus ba é Cuán Mc Conghail ó Mhacalla Teoranta (Arracht 2021) a léirigh.
Le deireadh an scéil a fháil, is fiú go mór an scannán a fheiceáil. Beidh sé i bpictiúrlanna na tíre ón oíche anocht ar aghaidh.