An feachtas ‘Movember Ahead of the Game’ seolta ag Movember i gcomhar le CLG agus Cumann na nImreoirí i bPáirc an Chrócaigh. I láthair ó chlé bhí Martin Stackpoole, Saoirse McCarthy, Carol O'Leary, agus Conor Bohane, áisitheoirí de chuid an fheachtais.
Tá an mhóreagraíocht um shláinte fear, 'Movember', tar éis gabháil i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael agus le Cumann Imreoirí Gael maidir le Movember Ahead of the Game - a gclár litearthachta corraithí - atá bunaithe ar fhianaise agus atá deartha le cur i bhfeidhm i dtimpeallacht ina bhfuil clubanna spóirt.
Beidh tuiscint níos fearr ag imreoirí, ag a dtuismitheoirí agus ag a gcóitseálaithe ar mheabhairshláinte de bharr an togra seo agus beidh siad in ann folláine intinne agus seasmhacht a fhorbairt le gabháil i ngleic le dúshláin i gcúrsaí spóirt, agus sa saol i gcoitinne, trí shraith ceardlann idirghníomhach de chuid bhaill Chumann Imreoirí Gael a chur i gcrích (is iarimreoirí idirchontae nó imreoirí reatha idirchontae na himreoirí seo). Eagrófar Céim 1 idir Samhain 2023 - Bealtiane 2024 agus é de sprioc ag an togra go mbeadh 10,000 duine ó 200 club ar fud 32 contae na hÉireann páirteach ann. Foghlaim tuilleadh faoin gclár anseo: https://aheadofthegame.uk/
Tagann 75% de neamhoird mheabhairshláinte chun solais roimh aois 24 bliain. Sin an fáth a bhfuil comhráite maidir le meabhairshláinte agus folláine tábhachtach nuair a bhíonn daoine óg. Tá géarghá le cabhrú le daoine óga scileanna a fhorbairt a chabhródh leo aire a thabhairt dá gcuid folláine féin agus le tacú lena gcuid comhimreoirí. Rudaí iad seo atá fíorthábhachtach maidir le seasmhacht intinne fad saoil agus maidir le pobail atá folláin ó thaobh na hintinne de.
Tugann 'Movember Ahead of the Game' tuiscint ar mheabhairshláinte agus cabhraíonn sé le folláine intinne a fhorbairt le déileáil leis na dúshláin éagsúla a eascraíonn as an saol mór agus as spórt i gcoitinne. Áirítear CLG i measc na móreagras spóirt proifisiúnta domhanda ar nós an AFL agus an Rugbaí Sraithe anois de bharr go bhfuil 'Movember Ahead of the Game' á chur ar fáil dá chuid clubanna agus dá chuid ball. Cuireann sé CLG agus Cumann Imreoirí Gael san áireamh i measc na gceannairí spóirt ar fud an domhain atá gníomhach ag tacú le folláine intinne chomh maith le himirt fhisiciúil.
Tá 22 iarimreoir/imreoir reatha, atá earcaithe ag Cumann Imreoirí Gael, tar éis tabhairt faoi dhianchlár oiliúna faoi stiúir Rubgy League Care agus SAMH (Scottish Association for Mental Health). I measc na n-imreoirí sin tá Anton Tohill, peileadóir le Doire; Martin Stackpoole, iománaí le Ciarraí; Saoirse McCarthy, imreoir camógaíochta le Corcaigh agus buaiteoir Ghradam All-Star; agus Iggy Clarke, iarbhuaiteoir Chraobh Iomána Uile-Éireann, le Gaillimh. Eagraítear na ceardlanna idirghníomhacha i dtimpeallacht chairdiúil club spóirt, rud a chabhraíonn le himreoirí a bheith ar a suaimhneas agus a bheith in ann labhairt go réidh. Tugann sé rólanna níos mó do chóitseálaithe agus do thuismitheoirí, freisin, maidir le pobail atá folláin ó thaobh na hintinne a chruthú.
Dúirt 92% de lúthchleasaithe óga gur mhothaigh siad níos muiníní maidir le comharthaí meabhairshláinte a aithint iontu féin agus i ndaoine eile agus dúirt 96% de chóitseálaithe gur mhothaigh siad go raibh sé níos fusa orthu tabhairt faoi dhúshláin mheabhairshláinte a bhain le lúthchleasaithe óga tar éis dóibh freastal ar chlár 'Movember Ahead of the Game'.
Dúirt Colin Regan, Bainisteoir Comhphobal agus Folláine CLG: “Is minic a fhaigheann muid iarratais ar ábhar a bhaineann le litearthacht chorraitheach do dhaoine óga. Mar sin, tá an-áthas orainn oibriú le heagraíochtaí ar nós 'Movember' agus Chumann Imreoirí Gael maidir leis an ábhar seo atá bunaithe ar fhianaise, agus a mbeidh tionchar aige ar go leor daoine, a chur ar fáil dár ngréasán club dhosháraithe.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chumann na nImreoirí Gael, Tom Parsons; "Is é an mana atá againne ná 'Feiceann Sibhse Imreoirí. Feiceann Muidne Daoine.' Oibríonn muid le baill de chuid Chumann Imreoirí Gael le cur ar a gcumas a bheith chomh maith agus atá siad in ann ar an bpáirc imeartha agus amuigh ón bpáirc imeartha. Áirítear san obair seo tacaíocht a thairiscint dóibh i réimse na folláine intinne. Tá línte tacaíochta comhairleoireachta ar fáil dóibh gach nóiméad de gach lá agus, in am an ghátair, cuireann muid cúram cónaithe ar fáil. Bíonn muid frithgníomhach leis an gcineál tacaíochta seo mar sin féin ach, a bhuíochas le Ahead of the Game tá muid in ann a bheith níos réamhghníomhaí anois agus tionchar dearfach a imirt ar shaolta daoine óga sula mbíonn gá lena leithéid de thacaíocht. Aithníonn an togra, freisin, an tionchar a imríonn ár gcuid ball ar a gcuid pobal agus iad mar laochra a bhfuil meas ag daoine óga orthu ar fud na tíre. Laochra iad atá ag iarraidh rud éicint a thabhairt ar ais don phobal.
Dúirt Sarah Ouellette, Stiúrthóir Tíre de chuid Movember: “Tá ríméad orainn an fógra tráthúil seo maidir leis an bpáirtnéireacht fhíorthábhachtach seo a roinnt ar lá deireanach 'Movember'. Ní miste meabhrú beag a thabhairt go háitiúil maidir leis an tionchar a bhíonn ag na síntiúis a thugann pobal mór 'Mo', ar gach uile chontae in Éirinn.”
Seo a leanas liosta iomlán de na háisitheoirí ó CLG:
Julia White (Corcaigh)
Niamh Hanniffy (Gaillimh)
Adrian Phillips (Maigh Eo)
Iggy Clarke (Gaillimh)
Corey Scahill (Maigh Eo)
Mickey Quinn (An Longfort)
Enda Macken (An Longfort)
Ryan Jones (An Iarmhí)
Jo-Hanna Quinn (nee Maher) (An Iarmhí)
Damien Sheridan (An Mhí)
Muireann Scally (An Iarmhí)
Mary-Kate Lynch (An Mhí)
Carol O'Leary (An Clár)
Conor Bohan (Ciarraí)
Martin Stackpoole (Ciarraí)
Saoirse McCarthy (Corcaigh)
Liam Brady (An Cabhán)
Domhnall Nugent (Aontroim)
Oisín McManus (An Dún)
Paddy Burke (Aontroim)
Thomasina Cassidy (Doire)
Anton Tohill (Doire)