Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael ag leagan bláthfhleasca dóibh siúd a maraiodh i bPáirc an Chrócaigh ar 21 Samhain, 1920 leis an Taoiseach, Micheál Ó Máirtín, agus Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn sa chúlra
Cothrom an ama seo 100 bliain ó shin chuaigh 14 duine chuig cluiche. Níor tháinig siad abhaile. Mharaigh fórsaí na Corónach iad ar an lá is duairce i stair Chumann Lúthchleas Gael. Tugadh ómós don 14 duine sin ag searmanas cuimhneacháin i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.
Mar chuid den ócáid chuimhneacháin tráthnóna lasadh 14 bladhm ar Chnoc 16 – bladhm do gach duine a maraíodh an lá sin. Ba é an t-aistear clúiteach, Brendan Gleeson, a léigh amach na hainmneacha agus a rinne cur síos orthu. Leag Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Seán Ó hÓráin, agus Ard-Stiúirthóir Chumann Lúthchleas Gael, Tomás Ó Riain, bláthfhleasc san áit ar an bpáirc a maraíodh an t-imreoir óg Tiobraideach, Michael Hogan, thar ceann an Chumainn. Leag an Taoiseach, Micheál Martin, Uachtarán na hÉireann, Micheal D. Ó hUiginn agus an tAire Catherine Martin bláthfhleasc thar ceann mhuintir na hÉireann. Bhí Alan Brogan ann thar ceann pheileadóirí Átha Cliath agus bhí Declan Browne ann thar ceann pheileadóirí Thiobraid Árann.
Ina dhiaidh sin, chas Colm Mac an Iomaire an píosa ceoil, ‘More Than A Game’, a chum sé go speisialta do na físeáin a rinne Cumann Lúthchleas Gael in ómós don 14. Tá na físeáin seo le feiceáil ar ardáin chumarsáide an Chumainn le beagnach trí mhí anuas.
Dar ndóigh, ní raibh aon lucht féachana i láthair ag an searmanas de bharr shrianta Covid-19 ach iarrann an Cumann ar dhaoine cuimhniú ar an 14 a maraíodh an lá sin trí choinnle a lasadh ina dtithe féin sa mbaile tráthnóna.
Ba é Michael Hogan an t-aon imreoir a maraíodh an la sin agus nochtófar dealbh i gcuimhne air ina bhaile dúchais, Gráinseach Mhóicléir, amárach 22 Samhain, 2020.
Is féidir teacht ar gach eolas maidir le hócáidí agus imeachtaí cuimhneacháin Chumann Lúthchleas Gael don 14 a maraíodh anseo www.gaa.ie/bloodysunday
Cuimhnímis orthu uilig
Jerome O'Leary (10), Sráid Bhaile Coimín, Áth Cliath. Páiste Scoile _
William 'Perry' Robinson (11), Sráid na Breataine Bige, Áth Cliath. Páiste Scoile
John William 'Billy' Scott (14), Ascaill Fitzroy, Áth Cliath. Páiste Scoile
Tom Hogan (19), Meicneoir as Baile Thancaird, Luimneach
Joseph Traynor (20), Oibrí ó Bhaile an Mhóta, Áth Cliath
Michael Hogan (24), Feirmeoir as Gráinseach Mhóicléir, Tiobraid Árann
James Teehan (26), Tábhairneoir as Tiobraid Árann
Tom Ryan (27), Oibrí i gComhlacht Gáis as Gleann Bhriain, Loch Garman
Jane Boyle (29), Saoiste agus Búistéir ó Shráid Lennox, Áth Cliath _
Daniel Carroll (30), Bainisteoir Beáir ó Theampall Doire, Tiobraid Árann _
James Matthews (38), Oibrí ó Bhóthar Cumberland Thuaidh, Áth Cliath _
Michael Feery (40), Dísfhostaithe, Plás Ghairdinéir, Áth Cliath _
James Burke (44) Fostaithe ag Neachtlann Thír an Iúir, Na Glasáin, Áth Cliath
Patrick O'Dowd (57), Oibrí as contae na Mí ó dhúchas, ach ina chónaí Shráid Buckingham, Áth Cliath