GAAgaeilge ag gabháil ó neart go neart i gCill Chainnigh
GAAgaeilge ag gabháil ó neart go neart i gCill Chainnigh

Aistear Teangan na gCat


Le Liam de Lása

N’fheadar éinne, conas mar a thitfidh scéal an ghalair COVID-19 amach sna seachtainí agus míonna atá amach romhainn. Ní chuimhin liomsa go pearsanta am chomh cinniúnach, imeaglach riamh i mo shaol agus ní chuirfinn an milleán ar aon duine agaibh as dearmad a dhéanamh go bhfuil ‘Seachtain na Gaeilge 2020’ buailte linn dá bharr. Amhail imeachtaí agus gnáthchúramaí an tsaoil ar fud an domhain mhóir anois, tá imeachtaí na tréimhse Gaelaí curtha ar athló fad is a dhíreoimid ar n-aigne ar chúrsaí slándála na tíre. Fós féin tá dea-scéala le tuairisciú an tseachtain seo agus is é sin go bhfuil clubanna CLG Chill Chainnigh ag tabhairt féna n-aistear teangan féin i mbliana.

Bhí cruinniú ana-dhearfach ar fad ag Gaeil an chontae d’fhonn is athbheochan a dhéanamh ar stádas na Gaeilge i measc lucht CLG i bPáirc Uí Nualláin le déanaí. Labhair an Cathaoirleach, Jimmy Walsh, fé thábhacht na teangan san eagraíocht agus na pleananna a bhí beartaithe ag an gCoiste Contae ó thaobh na Gaeilge de don mbliain atá romhainn. Labhair Oifigeach Gaeilge/Cultúir an Choiste Contae, Séan Breathnach, faoin gcomórtas Scór agus d'impigh sé ar a raibh i láthair tréaniarracht a dhéanamh ceoltóirí, amhránaithe agus aisteoirí a mhealladh i dtreo an chomórtais chultúrtha. Bhíos féin i láthair thar ceann Ghlór na nGael ar an oíche agus is cúis mhór áthais dúinn go bhfuil 22 club sa chontae cláraithe linn le haghaidh Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá formhór na gclubanna ag cur na Gaeilge chun cinn bealach amháin nó bealach eile. Is é cuspóir na fondúireachta seo ná na hiarrachtaí sin a fhorbairt ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte. Cuirfidh Glór na nGael cabhair ar fáil don Oifigeach Gaeilge i bhfoirm chomhairle, tacaíochta agus idéanna le tógaint ar an obair mhaith atá á déanamh sa chlub cheana féin. Is féidir deontas a lorg ón Fhondúireacht chun cabhrú leis na pleananna sin a chur i gcrích.

Bronnfar bonn snasta, Bonn Sheosaimh Mhic Dhonncha ar na clubanna atá cláraithe as méid áirithe gníomhaíochtaí ar son na teangan a chur i gcrích sa chlub. Is comhartha aitheantais atá sa bhonn ar an dea-obair atá déanta sna clubanna thar thréimhse ama. De réir mar a chuireann club gníomhaíochtaí ón liosta molta i gcrích, bronnfar bonn cré-umha, bonn airgid nó bonn óir de réir mar is cuí. Bronnfar bonn cré-umha as 25% den liosta a chur i gcrích, bonn airgid as 50% agus bonn óir as 80% de na gníomhaíochtaí a chomhlíonadh. Ar an ábhar seo tá spreagadh agus spriocanna cinnte ag clubanna chun bheith ag éascú ról don teanga i measc a gcuid ball. Agus, dár ndóigh, beidh ardstádas agus ardghradam ag dul d’aon chlub a bhaineann an bonn óir amach dó féin.

Tá grúpa tacaíochta curtha ar bun ag rannpháirtithe na scéime a thugann treoir agus comhairle do na hOifigigh i gCill Chainnigh le spriocanna na scéime a bhaint amach. Táimid ag súil go dtiocfaidh fás agus forbairt ar stádas, úsáid agus foghlaim na Gaeilge agus go spreagfaidh sé baill na gcumann chun gnímh.

An Bóthar go Páirc an Chrócaigh

Bronnfar Gradaim Sheosaimh Mhic Dhonncha ag ócáid bhronnta i bPáirc an Chrócaigh ag deireadh mhí na Nollag agus táimid ag súil go mór le hócáid stairiúil do chlubanna Chill Chainnigh. Is maith go deimhin, an t-aitheantas a fhaigheann na hoifigigh ar son a gcumann agus, le cúnamh Dé, tabharfaidh sé misneach dóibh treabhadh leo lena gcuid oibre agus meitheal áitiúil a thabhairt ina dteannta ar an turas stairiúil seo sa todhchaí.