A general view of Croke Park.
A general view of Croke Park.

Ag Eagrú Seisiún Cóitseála agus Aclaíochta Ar Líne do Dhaoine Óga


Níl aon amhras faoi ach go bhfuil tionchar mór á imirt ag na cluichí agus na seisiúin traenála a bheith ar athló, go sealadach, ar go leor againn – ár bhfoirne faoi aois, na páistí agus na daoine óga inár gclubanna, i.e. iad siúd atá faoi bhun 18 bliain agus a dteaghlaigh, san áireamh.

Is deas a chloisteáil, mar sin féin, ó chóitseálaithe agus ó chlubanna a rinne teagmháil linn le gairid agus iad ag lorg cead seisiúin chóitseála agus aclaíochta bheo ar líne a chur ar fáil do fhoirne faoi aois, le linn na ré srianta seo. Is mian linn tacú le tograí den chineál seo ach treoir cheart sábháilteachta a bheith á leanúint agus dea-chleachtais a bheith i bhfeidhm.

Dréachtadh na treoirlínte seo a leanas d’fhonn cabhrú le cóitseálaithe seisiúin chóitseála agus aclaíochta bheo ar líne a chur ar fáil do dhaoine óga faoi 18 bliain. Cabhróidh siad lenár gcóitseálaithe agus leis na daoine óga oibriú i dtimpeallacht shábháilte trí chumarsáid shábháilte ar líne a úsáid agus trí dheis a chur ar fáil do chóitseálaithe teacht ar acmhainní cóitseála breise ar líne. Tá na treoirlínte seo, de réir Riail 1:13 de Threoir Oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael, mar chuid den Chód Iompair (faoi aois). 

Léigh cóip de na treoirlínte anseo thíos.