Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Hurling

hurling

PODCHRAOLADH: Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2021

Labhraíonn Jamie Wall faoi sheans Chorcaí i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann in aghaidh Luimnigh

Labhraíonn Jamie Wall faoi sheans Chorcaí i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann in aghaidh Luimnigh

Le Jamie Ó Tuama

Tá féasta mór iomána againn daoibh an tseachtain seo ar an bpodchraoladh speisialta seo do Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2021. Ina measc siúd a chaitheann súil chun tosaigh ar an gcluiche ceannais seo idir Luimneach agus Corcaigh inár dteannta, tá Mark Foley agus Cathal King, iariománaithe le Luimneach, agus Jamie Wall agus Tadhg Óg Murphy a d’imir le Corcaigh.

Chomh maith leis sin, tugann Darragh Egan, iarimreoir le Tiobraid Árann, agus Darragh O’Connell, iarimreoir le Ciarraí agus imreoir reatha la hÁth Cliath a gcuid tuairimí ar an gcluiche atá amach romhainn.

Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh ANSEO:

Maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag Luimneach ó thús na craoibhe, d’iarr Cian ar Mark Foley an raibh sé sásta leis an gcaoi a raibh a chontae ag imirt go dtí seo.

‘An rud is tábhachtaí faoi Luimneach’, a deir Mark, ‘ná go bhfuilimid in ann feabhas a fheiscint i ngach cluiche a d’imir siad sa chraobh seo agus cé nach raibh siad ar fheabhas in aghaidh Chorcaí sa chéad bhabhta bhí siad go maith sa dara leath in aghaidh na dTiobraideach agus sa gcluiche deireanach in aghaidh Phort Láirge. Bhí mé an-tógtha leo. Níl aon dabht faoi sin.’’

Maidir leis na Corcaígh, tá Tadhg Óg Murphy den tuairim go mbeidh an t-uafás gaotaireachta ann faoin gcluiche an tseachtain seo agus go mbeidh campa Chorcaí ag iarraidh a leithéid a sheachaint.

‘Le bheith macánta, le blianta anuas bhí daoine ag caint mar gheall ar an ‘Rebel Rising’ agus rudaí cosúil leis sin, ach, measaim laistigh den champa sin faoi láthair nach mbeidh na himreoirí agus an bhainistíocht, ach go háirithe, ag féachaint air sin. Measaim go bhfuil leor le déanamh acu ó thaobh cúrsaí ullmhúcháin de agus beidh siad ag iarraidh coimeád as.’

Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh uilig ANSEO:

Cuirtear podchraoladh oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael ar fáil i gcomhar leis an Spota Dubh ó Raidió na Life.

Mark Foley Luimneach

Mark Foley Luimneach